Ocht lá go dtí lá na cinniúna ag Corcaigh agus Luimneach

Go bhfanaimid go léir saor ón gCovid agus go bhfaighimid ticéad don ócáid speisialta, sin é guí ár gcolúnaí…

Ocht lá go dtí lá na cinniúna ag Corcaigh agus Luimneach

Declan Hannon agus Shane Kingston. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Mar a scríobh mé cheana anseo bhí sé de phribhléid agus d’onóir agamsa a bheith ag súil le cluiche ceannais na hÉireann mar imreoir, mar roghnóir agus mar bhainisteoir.

Is iontach go deo an choicís sin roimh lá na cinniúna. Bíonn an ócáid mar ábhar cainte ag an saol mór sa chontae ach na himreoirí ag iarraidh iad féin a choimeád as an spotsolas.

In 2020 agus arís i mbliana tá roinnt mhaith atá an-difiriúil ag baint leis an bprapáil sin don lá mór, go háirithe agus an Covid fós inár measc.  Bhíodh caint ann riamh go mbíodh imreoirí i mbolgán roimh an gcluiche ceannais agus le blianta beaga anuas is amhlaidh a bhíodh, ach i mbliana tá dualgas orthu fanacht  sa mbolgán chun Covid-19 a sheachaint, mar a chonaiceamar le campa Thír Eoghain sa pheil.

Tá na himreoirí amaitéaracha seo ag ullmhú mar imreoirí gairmiúla. An eolaíocht spóirt a bhíonn mar bhunchloch ag gach a ndéanann siad ar an pháirc imeartha agus taobh amuigh di. Agus leanfaidh siad an eolaíocht sin go docht sa tseachtain thábhachtach atá fágtha acu.

Go ginearálta ní cheadaítear lucht féachana isteach chun féachaint ar an traenáil. Bíonn oíche ann dos na meáin coicís roimh an gcluiche agus bíonn an dualgas curtha ar chúpla imreoir agus ar an mbainisteoir ceisteanna na meán a fhreagairt slí amháin nó slí eile.

De gnáth faigheann na himreoirí feisteas nua traenála agus éadaí le caitheamh roimh an gcluiche agus ina dhiaidh. Dar ndóigh cúpla lá roimh an gcluiche, faightear an bearradh gruaige sin atá riachtanach na laethanta seo.

Ach bíonn mórán dúshlán eile ag luí ar imreoirí, na ticéid ceann acu. I mbliana tá an fhadhb sin ar leibhéal eile ar fad agus an lucht féachana ag 40,000 in ionad an 80,000 a thógann Páirc an Chrócaigh. Minic go leor  cuireann fadhb na dticéad an-bhrú ar na himreoirí. Bhíodh sciob sceab freisin faoi thicéid don dinnéar oifigiúil i ndiaidh an chluiche ach i mbliana is dócha nach mbeidh an fhadhb sin acu, go háirithe i ndiaidh eachtra Merriongate le déanaí.

É sin go léir ráite is iontach dos na hiománaithe ó Luimneach agus Corcaigh, idir óg agus aibí, a bheith ag prapáil don ócáid is tábhachtaí i séasúir na hiomána.

Tá seantaithí ar an mbua ag seaimpíní Luimnigh agus a mhalairt ag scata beag de na himreoirí sin a bhí ag imirt le Corcaigh in 2013 nuair a chailleadar i gcoinne an Chláir. Ach mise á rá leat gur féidir leat a bheith lándeimhin de gur mór an bhearna  idir an dá chás.

Is folamh agus is gránna í an páirc imeartha nuair a shéidtear an fheadóg dheiridh agus d’fhoireann caillteach.

Díreach i ndiaidh an chluiche bíonn an spotsolas ar an fhoireann bhuacach agus is ansin a fhanann sé go dtí aimsir na Nollag. Cloistear aintiún an chontae bhuacaigh ar an gcóras fógartha poiblí. Tá an-difríocht idir neamh an bhuaiteora agus ifreann an chontae a chaill.

Táimid ag teannadh leis an tseachtain dheireanach anois. Tá an obair chrua go léir déanta ag na himreoirí. Ní fada uathu anois an turas deireanach bus go dtí an stad agus an t-atmaisféar leictreach a bhíonn ar na  sráideanna mórthimpeall Pháirc an Chrócaigh an tráthnóna Domhnaigh sin.

Ach roimhe sin tá cúpla cinneadh le déanamh ag na foirne bainistíochta. Agus an ceann is deacra ag bainisteoir Chorcaí Kieran Kingston maidir lena mhac féinig Shane, a fágadh as an chéad cúigear déag i gcoinne Chill Chainnigh agus a tugadh isteach ag tús an dara leath. Tá a fhios againn go ndearna sé difríocht ollmhór, gur scóráil sé seacht gcúilín ón imirt agus gur tugadh gradam Laoch an Chluiche dó i ndiaidh bua iontach Chorcaí. Ach an cheist mhór – an mbeidh Kingston óg níos fearr as teacht isteach nuair a bheidh an cluiche ag oscailt suas agus é úr agus scafánta chun difríocht mhór a dhéanamh arís nó an bhfuil seans ann go mbeidh Luimneach ag imeacht as radharc roimh an dara briseadh uisce? Ceisteanna tábhachtacha eile a chuirfidh tinneas ar Chorcaigh ná cé a phiocfaidh suas Cian Lynch agus an mbeidh áit ón tús ann do  Damien Cahalane agus Eoin Cadogan?

I gcás Luimnigh is dócha nach bhfuil ach cinneadh amháin le déanamh agus sin, cé a bheidh ag imirt in áit Peter Casey mura mbíeidh cead aigesean imirt ?

Sin é, gan ach ocht lá fágtha.

Go bhfanaimid go léir saor ón diabhal Covid sin agus go bhfaighimid ticéad don ócáid speisialta, sin ár nguí chugat, a Thiarna.

Fág freagra ar 'Ocht lá go dtí lá na cinniúna ag Corcaigh agus Luimneach'