1,361 cás nua fógartha, 160 othar sna hospidéil ag an víreas

1,471 cás a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna agus beirt eile básaithe ansin de dheasca an ghalair

1,361 cás nua fógartha, 160 othar sna hospidéil ag an víreas

1,361 cás eile den Covid-19 atá fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

160 othar atá buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin agus 26 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte tráthnóna go gcaithfí cur leis an líon daoine atá á vacsaíniú.

“Dá mhéid atá vacsaínithe is fearr an chosaint a bheidh againn agus is túisce a bheimid ábalta na srianta sóisialta agus eacnamaíochta a mhaolú.”

Tá ionaid vacsaínithe siúil isteach á n-oscailt ar fud na tíre mar ar féidir le haon duine atá os cionn sé bliana déag clárú do vacsaín in aghaidh an víris.

D’iarr Holohan ar dhaoine a gcairde agus a ndaoine muinteartha a spreagadh le heolas cruinn a fháil agus an vacsaín a fháil chomh luath agus is féidir.

“Amach roimh na hoibrithe sláinte atá tugtha traochta, tá míonna fada an gheimhridh, séasúr a thabharfaidh leis an fliú agus galair riospráide eile agus beidh othair eile sna hospidéil ag lorg cúram ar cuireadh as dó de bharr an Covid-19 chomh maith cúram práinne.

“Táimid faoina gcomaoin agus tá sé ag dul dóibh go gcloífeadh muid leis na bearta bunúsacha sláinte phoiblí.”

1,471 cás a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna. Fógraíodh go raibh beirt eile básaithe de dheasca an víris ansin.

234 othar Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn, laghdú ó 244 inné, agus tá 31 acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar in 80 d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,209,145 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,030,507 duine.

Fág freagra ar '1,361 cás nua fógartha, 160 othar sna hospidéil ag an víreas'