GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar smaoinigh tú fós ar ghairmréim rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa?

Míníonn Ian Eglington, iar-mhac léinn ar an gcúrsa Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil agus aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil, mar a chuidigh an cúrsa agus an cháilíocht leis ina shaol gairmiúil

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar smaoinigh tú fós ar ghairmréim rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa?

Tá os cionn 50 aistritheoir le hardleibhéal scileanna Gaeilge á lorg ag an Aontas Eorpach faoi láthair. Tá na poist seo lonnaithe sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus i gContae na Mí. Tá tuarastal agus coinníollacha oibre den chéad scoth i gceist. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo na rannpháirtithe a ullmhú do phróiseas earcaíochta an AE.

Reáchtáiltear ranganna gramadaí, téarmaíochta agus scileanna aistriúcháin gach Luan agus Céadaoin i rith na bliana acadúla 6pm-9pm ag tosú an 4ú Deireadh Fómhair 2021 agus ag críochnú leis na scrúduithe ceannchúrsa an 7ú agus an 8ú Aibreán 2022. Múintear ranganna ar chórais dlí na hÉireann agus na hEorpa trí Ghaeilge agus seisiúin ar thástáil shíciméadrach agus ar phróiseas earcaíochta an AE trí Ghaeilge thar cheithre dheireadh seachtaine.

Mar chuid den chúrsa beidh, más féidir, turas staidéir ar Institiúidí an Aontais sa Bhruiséil agus i Lucsamburg agus eagrófar dinnéar foirmiúil in Óstaí an Rí do na rannpháirtithe i dtreo dheireadh an chúrsa.

Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán tacaíocht airgeadais ar fáil don chúrsa seo.

“Tá mé ag obair in Oifigí an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil mar aistritheoir agus tá dúil mhór agam sa phost. Tá mé an-bhuíoch don chúrsa Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil a rinne mé in Óstaí an Rí agus don tacaíocht a fuair mé ó Óstaí an Rí ó shin maidir le mé a choinneáil ar an eolas faoi dheiseanna oibre leis an Aontas Eorpach. Bhí atmaisféar deas sna ranganna. Baineadh úsáid as teicnící foghlama idirghníomhacha a chuir go mór leis an chomhluadar idir na mic léinn agus na múinteoirí. D’fhoghlaim mé cuid mhór agus is in Óstaí an Rí a fuair mé na scileanna, an t-eolas agus an muinín tabhairt faoi obair den tsórt seo.”

Ian Eglington, aistritheoir GAEILGE LEis an gcoimisiún eorpach

Ní gá céim sa dlí ná céim sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa ach is gá d’iarrthóirí cumas sa Ghaeilge a léiriú go sásúil i scrúdú iontrála a reáchtálfar ar líne Dé Luain an 20 Meán Fómhair 2021 18h00–18h30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúnt) nó leibhéal níos airde ó 2019 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí. Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais. Is é an spriocdháta d’iarratais ar áit ar an gcúrsa: Dé Luain an 16ú Meán Fómhair 2019.

Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil, GLIOGÁIL ANSEO

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar smaoinigh tú fós ar ghairmréim rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa?'