Cósta thiar na tíre nach mór saor ó chásanna den choróinvíreas

Cé go bhfuil líon na gcásanna fós an-ard i nDún na nGall, bhí níos lú ná cúig chás den víreas le deimhniú i bhformhór na gceantar Gaeltachta ar chósta an iarthair le coicís anuas

Cósta thiar na tíre nach mór saor ó chásanna den choróinvíreas

Léiríonn an léarscáil is deireanaí atá curtha ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte den ráta Covid-19 ar fud na tíre go bhfuil cósta an iarthair nach mór saor ó chásanna deimhnithe den ghalar faoi láthair.

Cé go bhfuil líon na gcásanna fós an-ard i nDún na nGall, deimhníodh níos lú ná cúig chás den víreas i bhformhór na gceantar ar chósta an iarthair le coicís anuas. Bhí Conamara Theas i nGaillimh ar cheann de bheagán áiteanna lasmuigh de Thír Chonaill inar deimhníodh cúig chás nó níos mó idir deireadh mhí Aibreáin agus tús na míosa seo.

In ainneoin go bhfuil líon na gcásanna den Covid-19 ag titim i gceantair ar fud Dhún na nGall le seachtain anuas, cuid den Ghaeltacht san áireamh, tá cuid de na rátaí scaipthe is airde sa stát sa chontae sin go fóill.

Cé gur tháinig breis is 30% de laghdú ar líon na gcásanna a deimhníodh i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach le seachtain anuas, is ann fós atá an ráta scaipthe is airde sa tír – 472. Deimhníodh 65 cás nua ar fad den Covid-19 sa cheantar mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile idir an 27 Aibreán agus an 10 Bealtaine, laghdú ar an 94 cás a tuairiscíodh an tseachtain seo caite.

Titim 30% a tháinig ar ráta scaipthe an víris i dtoghcheantar na nGleanntach freisin, ó 289 go dtí 201. Aimsíodh 48 cás nua den Covid-19 sa cheantar, mar a bhfuil formhór de Ghaeltacht Thír Chonaill, le coicís anuas.

Is ag dul i méid a bhí líon na gcásanna i gceantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae. D’ardaigh an ráta ansin ó 679 go dtí 121 le seachtain anuas agus 32 cás ar fad deimhnithe ann idir an 27 Aibreán agus an 10 Bealtaine. Tá an ráta sin fós níos ísle ná an meánráta náisiúnta sa tréimhse chéanna – 128.

Tá Corca Dhuibhne agus Neidín i gCiarraí, Béal an Mhuirthead agus toghcheantair Chathair na Mart (mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh) i Maigh Eo, agus Conamara Thuaidh i nGaillimh, i measc na gceantar ar chósta thiar na tíre inar deimhníodh níos lú ná cúig chás le coicís anuas.

Níor deimhníodh níos mó ná cúig chás i gConamara Thuaidh in aon tréimhse coicíse ó thús mhí an Mhárta.

Laghdú a bhí i gceist ar líon na gcásanna i gConamara Theas, ó 14 go dtí deich gcinn, agus ráta 47 a bhí i gceist sa cheantar.

Laghdú beag a bhí i gceist freisin i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na Rinne, ó 20 cás go dtí 17 agus ráta 83 ann.

Bhí a dhá oiread cásanna i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Deimhníodh 16 cás ann idir an 27 Aibreán agus an 10 Bealtaine, ardú ó ocht gcás. Ráta 43 a bhí sa cheantar le coicís anuas.

I dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, d’ardaigh líon na gcásanna a deimhníodh, ó 45 cás go dtí 47 agus ráta 161 sa cheantar dá bharr.

Laghdú a bhí i gCeannanas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib ó 29 cás go dtí 19, rud a d’fhág ráta scaipthe 29 sa cheantar idir an 27 Aibreán agus an 10 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Cósta thiar na tíre nach mór saor ó chásanna den choróinvíreas'