‘Ní fhéadfaí brú a chur ar aon duine Gaeilge a fhoghlaim in Éirinn Aontaithe’ – Jim O’Callaghan

Ní hionann ‘aontú agus harmonisation’ agus chaithfí athruithe móra a dhéanamh má theastaíonn Éire aontaithe uainn, a deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Jim O’Callaghan

‘Ní fhéadfaí brú a chur ar aon duine Gaeilge a fhoghlaim in Éirinn Aontaithe’ – Jim O’Callaghan

An i mBéal Feirste a bheadh teach parlaiminte na hÉireann? An mbeadh daoine sa deisceart sásta traidisiúin na Breataine a cheiliúradh? Cén stádas a bheadh ag an nGaeilge? Tá go leor machnaimh déanta ag Jim O’Callaghan ar cheisteanna mar sin, ceisteanna faoi na rudaí is gá a dhéanamh má theastaíonn Éire aontaithe uainn.

Tá sé in am dúinn déileáil leis an gceist faoi Éirinn aontaithe, a deir an Teachta Dála as Fianna Fáil a luaitear go minic mar an chéad cheannaire eile ar Fhianna Fáil.

Cé go ndeir an té atá ina cheannaire ar Fhianna Fáil faoi láthair Michéal Martin nach é seo an t-am chun aghaidh a thabhairt ar an gceist faoi Éire Aontaithe, tá cáipéis curtha amach ag O’Callaghan ar a dtugann sé féin “stepping stone to a united Ireland”. 

Agus é faoi agallamh ar Raidió na Life, dúirt O’Callaghan nach “ionann aontú agus harmonisation”. 

“Bheadh ​​difríochtaí sa tír nua,” a deir sé.

Mar shampla, deir sé go bhféadfadh dhá fhórsa póilíneachta éagsúla a bheith ann go fóill, ceann ar chaon taobh den teorainn, agus go bhféadfadh rialacha agus dlíthe éagsúla a bheith i gceist. D’féadfadh curaclaim oideachais éagsúla a bheith ann.

Bheadh ​​struchtúr polaitiúil iomlán difriúil ag teastáil dar leis. Thoghfaí go díreach príomh-aire agus leasphríomh-aire. Bheadh parlaimint le dhá theach ann – ceann mBéal Feirste agus ceann i mBaile Átha Cliath.

Deir O’Callaghan go gcaithfeadh Éire aontaithe traidisiún na Breataine a chaomhnú agus ceart a thabhairt  d’aontachtaithe a bheith ina saoránaigh Bhriotanacha i gcónaí. Chaithfí glacadh lena ndlúthcheangail le harm na Breataine.

“Níl aon amhras ach go bhfuil Aontachtaithe imníoch,” a dúirt sé. 

“Tá an rialtas i Londain ag déanamh cinntí a théann i gcoinne na nAontachtóirí agus tá an déimeagrafaic sa Tuaisceart ag athrú go tapa.”

Chomh maith leis sin tá Éire athraithe. “Tá a lán daoine sa Tuaisceart anois, agus go deimhin in áiteanna eile, nach bhfeiceann an domhan a thuilleadh trí spéaclaí oráiste nó glas.” 

Mar sin féin níl bunús níos mó le cuid den fhaitíos a bhíodh ar Aontachtaithe faoi Éirinn aontaithe.

“Cad í an fhíorscoilt reiligiúin ar an oileán seo inniu? Idir iad siúd a bhfuil reiligiún acu agus iad siúd nach bhfuil atá an scoilt, mar sin bheadh ​​sé i bhfad níos éasca ná céad bliain ó shin.”

 “Céad bliain ó shin bhí an tAontachtóir imníoch mar cheap siad go raibh ‘Rome Rule’ i gceist le ‘Home Rule’ nó neamhspleáchas. Agus bhí go leor cumhachta ag an Eaglais Chaitliceach ansin. Agus nuair a bunaíodh an Stát nua bhí neart cumhachta ag an Eaglais Chaitliceach.

“Ach is tír dhifriúil í anois, níl an chumhacht sin ag an Eaglais. Tá sochaí na hÉireann ilchreidmheach anois agus oibríonn an Eaglais Chaitliceach, Eaglais na hÉireann agus na reiligiúin eile le chéile.”

Creideann sé, áfach, go bhféadfadh dúshlán mór a bheith roimh Éire Aontaithe, ní hamháin maidir le hAontachtaithe a mhealladh ach maidir le daoine ó dheas den teorainn freisin.

“Bheadh ​​go leor dúshlán ann ach sílim go mbeadh dúshlán mór ann do dhaoine sa Stát seo ag vótáil i reifreann,” a dúirt sé.

“Bhuaigh muid ár saoirse ón Ríocht Aontaithe céad bliain ó shin agus is Stát beag, rathúil é anois agus táimid ag déanamh go maith. Tháinig feabhas ar ár gcaighdeáin mhaireachtála sna 1990idí agus b’fhéidir go mbeadh na daoine sa Stát seo neirbhíseach faoi thír nua a chruthú. “

 “Ó thaobh na nAontachtaithe de, cad a dhéanfaimis sa tír seo chun cultúir agus traidisiúin na nAontachtaithe a chaomhnú? Is Briotanaigh iad agus mar sin chaithfeadh siad a bheith in ann a bheith ina saoránaigh Bhriotanacha i gcónaí agus tá go leor ceisteanna ann faoi na hAontachtóirí agus a dtraidisiúin agus cad a dhéanfadh an Stát nua chun iad a chaomhnú.”

Príomhthairiscint amháin a bheadh ​​ann ná cearta sonracha a thabhairt do ghrúpaí éagsúla seachas do dhaoine aonair sa Bhunreacht.

“Tá grúpaí an-tábhachtach sa Tuaisceart agus mar gheall air sin bheadh ​​orainn breathnú ar chearta do ghrúpaí éagsúla,” a dúirt sé.

“Má fhéachann tú ar Bhunreacht na hÉireann anois, tá go leor cearta ann, ach is cearta aonair iad agus cearta do dhaoine atá ag teacht le chéile.

“Ach tá go leor grúpaí sa tír seo agus sa Tuaisceart, agus tá na rudaí sin an-tábhachtach agus dá bhrí sin caithfimid breathnú ar cheisteanna a gcearta.”

D’fhéadfadh go mbeadh córas rialtais go hiomlán difriúil ann freisin.

“Is é mo thuairim go gcaithfimid Bunreacht nua a aontú. Bheadh ​​orainn struchtúr polaitiúil nua a aontú freisin. Mar a dúirt mé, b’fhéidir go mbeadh teach parlaiminte amháin againn i mBéal Feirste agus ceann i mBaile Átha Cliath agus Céad-Airí agus LeasChéad-Airí tofa go díreach”.

Agus dá dtosófaí ar chainteanna ar Éirinn aontaithe, ní fhéadfadh aon ‘Red Lines’ a bheith ann, dar leis, fiú amháin i gcás na neodrachta.

 “Is é mo thuairim nár cheart go mbeadh aon ‘Red Lines’ ann agus muid ag caint le chéile ach is ceist an-tábhachtach í an neodracht, áfach, is ceist í do mhuintir na hÉireann nua agus bheadh ​​díospóireacht ann faoin neodracht.

“Is é mo thuairim gurb í an neodracht an beartas ceart a theastaíonn ó fhormhór mór na ndaoine ach ar an taobh eile tá nasc an-láidir idir na hAontachtóirí agus arm na Breataine agus beidh daoine ón Tuaisceart ag dul isteach in arm na Breataine…mar a bheidh daoine ón Stát seo. Is ceist dheacair í ach caithfimid í a phlé.”

Deir Callaghan freisin go mbeadh buntáistí ollmhóra ag baint le geilleagar uile-Éireann, in ainneoin na gcostas a bheadh ann ag an tús.

“Sea, sa ghearrthéarma chuirfeadh sé brú ar an ngeilleagar ach go fadtéarmach bheadh ​​geilleagar an-láidir ag Éirinn aontaithe,” a dúirt sé.

“Agus thiocfadh feabhas ar ár gcaighdeán maireachtála tar éis do na daoine teacht le chéile. Is ceist pholaitiúil í seachas ceist eacnamaíochta, ach níl aon amhras ach go mbeidh iarmhairtí eacnamaíochta ann,” dúirt sé.

Deir O’Callaghan go bhfuil seirbhísí sláinte an-mhaith sa Tuaisceart ach go bhfuil sochair leasa shóisialaigh níos fearr ó dheas den teorainn. 

“Mar sin tá a lán ceisteanna deacra le déileáil leo. Ach is cuimhin linn an méid a tharla tar éis an neamhspleáchais céad bliain ó shin. Bhí an Tuaisceart níos fearr as go heacnamaíoch ag an am. Ach cad a tharla ó bhí an neamhspleáchas ann? D’athraigh an tír seo go bunúsach agus d’éirigh an Tuaisceart níos boichte. Mar sin bheadh ​​seans níos fearr ag Éirinn aontaithe, bheadh ​​margaí níos mó ann, is é mo thuairim go mbeadh cáin chorparáideach níos ísle ann agus go mbeadh go leor cuideachtaí nua ag teacht isteach. Sin mo thuairim.”

An mbeadh ​​gá freisin le hathruithe ar an ndearcadh atá againn ar an nGaeilge.

 “Anois, de réir an Bhunreachta, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil ach i mbunreacht nua, in Éirinn nua, chaithfeadh go mbeadh dhá theanga náisiúnta ann, Gaeilge agus Béarla.

“Tá an Ghaeilge an-láidir sa Tuaisceart i láthair na huaire. Cén fáth? Toisc go bhfuil suim mhór inár dteanga. Ach in Éirinn aontaithe ní bheadh ​​gach duine ag foghlaim Gaeilge, agus cinnte ní bheadh ​​gach duine i mBéal Feirste ag foghlaim Gaeilge agus bheadh ​​curaclam difriúil idir an Tuaisceart agus an Deisceart. 

“Agus tá sé an-tábhachtach a rá nach mbeadh ar aon duine sa tír Gaeilge a labhairt, go mbeadh rogha ag gach duine agus nach mbeadh na hAontachtóirí ná aon duine eile faoi bhrú an teanga a fhoghlaim.”

Dá mbeadh stát aontaithe amháin ann, ní bheadh ​​gach rud mar an gcéanna i ngach cuid den stát, a deir O’Callaghan, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas. Níorbh ionann aontú agus comhoiriúnú nó ‘harmonisation’, bheadh ​​difríochtaí sa tír nua.

– Bhí Jim O’Callaghan faoi agallamh ag údar an ailt seo ar Blas na Cathrach ar Raidió na LIfe, 106.4fm, faoina pháipéar, ‘The Political, Economic and Legal Consequences of Irish Reunification’

Fág freagra ar '‘Ní fhéadfaí brú a chur ar aon duine Gaeilge a fhoghlaim in Éirinn Aontaithe’ – Jim O’Callaghan'

  • Risteárd

    Ráitis aisteacha. 1. Hag an bhfuil ar aon duine sa tír Gaeilge a labhairt faoi láthair? 2. Hag an mbeadh ar aon duine sa tír Béarla a labhairt?

  • Gabriel Rosenstock

    Deir an Ceallachánach nach féidir an Ghaeilge a bhrú ar éinne, dá mbeadh Éire Aontaithe againn. Glacaim leis nach mbeidh aon athrú ar an mBéarla agus gur féidir an Béarla a bhrú orainn i gcónaí?

  • S. Mac Muirí

    Tá dearcadh soin bhéarlóirí na Gaeilge chomh sean le Céad Faoiseamh na Géarleanúna (1778) agus Banc Náisiúnta (1835) Dan O Connell (nach bhfuair bás den ocras). Ní lagmheas ar ár dteangaidh ach drochmheas is ea a bhun 7 a bharr. Mionuaisle ár dtreorú go fóill, FF, FG, SF srl. gach conlán acu galldílis go fiú ina dtreallana Gaeilge, ag maíomh as saoirse an bhéarla, amháin, ar fud na tíre. Níl sa nGaeilg ach dris chosáin lena ais dar leo. Bhuí bhfuil spíc aghaidh-dlaoi beidh, mura miste leat.

  • Tiarnan de Freine

    Sár alt, a Sheosaimh, a chara. Tá sé thar am go ndéanfaí staidéir agus scagadh tuairimí ar cén saghas tír a bheadh in ann do phobal na hÉireann ar fad amach anseo!

  • Éanna Ó Cróinín

    Is ionann a rá nach féidir foghlaim na Gaeilge a bhrú ar éinne agus go gcaithfear Béarla a bhrú ar gach éinne. Tá an Ghaeltacht á dtachtadh agus tá Séamuisín a’ chaca Ó Ceallacháin ag sodar i ndiaidh aontachtóirí amhlaidh is go raibh sé ag súil lena vótaí aimsir toghcháin..

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt spéisiúil.

    Glacaim leis nach féidir ‘Éire Aontaithe’ a bheith ann, gan aitheantas cuí a thabhairt do náisiúntacht/féiniúlacht/cearta na ndaoine ar Breatainigh iad i dTuaisceart Éireann. San Éire Aontaithe Nua a chruthófar tré idirbheartaíocht beidh géilleadh le déanamh ar an dá thaobh. Is féidir a bheith i bhfábhar Éire Aontaithe go teoiriciúil ach ní ionann san is a bheith ina fhábhar go praicticiúil, mar go praicticiúil beidh athraithe móra de dhíth agus in am dúinn é sin a admháil go hoscailte. Mura bhfuil muid i bhfábhar beagán a ghéilleadh, faoi stádas na Gaeilge sa gcóras oideachais mar shampla, beidh muid ag caint go deo faoi Éire Aontaithe go deo na ndeor, tá faitíos orm.

    Fáiltím roimh an díospóireacht atá tosaithe ag an gCeallachánach.

  • Antóin

    “Dhá fhórsa póilíneachta, rialacha agus dlíthe éagsúla agus curaclaim oideachais éagsúla” san Éire Nua seo. Tá a fhios agam oileán ina bhfuil a leithéid fíor cheana. Agus stát beag rathúil! A leithéid de mhórchúis.

    Níl ann ach tuilleadh bladair ó na fealltóirí i bhFianna Fealltach Fáil. Aon seans gur iarracht atá ann aird a tharraing den phraiseach atá déanta acu sa tír seo le tamall?

    Agus gach seans go mbeidh na hÉireannaigh ina mionlach sa tír seo faoin bhliain 2050. Beidh gá le 4 mhilliún oibrí imirceach thar an tríocha bliain atá romhainn de réir an Choimisiúin um Pinsin má tá córas pinsin an stáit le bheith in ann feidhmiú mar atá sé faoi láthair. Dheamhan cuimhne ansin ar shárshliocht modhúil Mhílidh.