Céard é CETA agus cén fáth an chonspóid faoi?

Mura ngéilleann ab Comhaontas Glas dá bpáirtnéirí rialtais faoi CETA, seans maith go dtitfidh an rialtas 

Céard é CETA agus cén fáth an chonspóid faoi?

Tá aird an phobail dírithe – ní nach ionadh – ar Covid-19 is deacrachtaí an chláir vacsaínithe, ach tá baol eile ann don Rialtas, b’fhéidir, agus sin é an t-achrann faoi CETA.

Céard é CETA is cén fáth go bhfuil an baol ann go dtitfidh an Rialtas mar gheall air?

Is é CETA an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíochta is Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada. Is é an cáineadh is mó atá ar an gComhaontú seo ná an córas atá ann le heasaontais a shocrú, go háirithe idir comhlachtaí agus na stáit atá páirteach sa chomhaontú. Sin é an Córas Cúirte Infheisteoirí.

Faoin gcóras sin, is féidir le comhlacht cás cúirte a thabhairt in aghaidh stáit – in aghaidh na hÉireann mar shampla – má chailleann an comhlacht brabús de bharr athruithe dlí a thugtar isteach. D’fhéadfadh, mar shampla, feabhas a chuirfí ar an íosmhéid pá nó an t-íosphá i dtír brabús comhlachta a laghdú is d’fhéadfadh an stát bheith i mbaol go lorgódh an comhlacht cúiteamh faoin gcóras cúirte infheisteoirí.

Maíonn Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht-Pobal Roimh Bhrabús go gcuirfeadh CETA i mbaol reachtaíocht a bheifí a rith sa todhchaí chun seirbhísí poiblí a chosaint nó caomhnú na haeráide a chinntiú.

Tá lucht an Chomhaontais Ghlais a thaobhaíonn leis an gcur chuige Aistriú Cothrom (Just Transition) in aghaidh CETA.

Trí bliana ó shin bhí ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan féin ar na daoine ba láidre a labhair amach faoin gComhaontú. Agus é ag rá gurbh iad na comhlachtaí móra is a lucht stocaireacht a scríobh an Comhaontú agus go raibh na forálacha seo “mícheart”.

Anois tá Ryan ag iarraidh an Comhaontas Glas a mhealladh chun tacaíocht a thabhairt don Chomhaontú ar dhá chúis: uimhir a haon, go bhfuil feabhas curtha air (cé nach míníonn sé na feabhsúcháin sin), agus toisc go bhfuil sé ráite os íseal go nglacfaidh an rialtas leis an mBille Aeráide mar chúiteamh má ghéilleann an Comhaontas Glas ar an gceist seo.

Bhí sé i gceist ag an rialtas vóta a shocrú sa Dáil faoin gcomhaontú roimh Nollaig, ach chuir baill an Chomhaontais Ghlais ina choinne, agus dúirt an bheirt Teachtaí Dála, Neasa Hourigan agus Patrick Costello, nach vótálfaidís dó dá gcuirfí faoi vóta é.

Chuir an Rialtas ar athlá é ansin go dtí mí Eanáir, ach tá sé curtha siar arís is déanfaidh comhchoiste an Oireachtais scrúdú anois air.  Tá fáilte curtha ag na Teachtaí Glasa atá in aghaidh an Chomhaontaithe roimh an gcinneadh sin.

Deir siad, ámh, nach é amháin go mbeadh CETA i gcoinne pholasaí an pháirtí mar a socraíodh ag Coinbhinsiún é, ach nach bhfuil sé luaite sa gClár Rialtais ach an oiread.  Deir siad, mar sin, nach bhfuil aon dualgas ar an gComhaontas Glas glacadh leis.

Mar fhreagra air sin deir Ryan go luaitear sa gClár go mbeidh an rialtas ar son conarthaí trádála a dhéanamh, agus is leor sin, dar leis, le cead a thabhairt don pháirtí tacú leis.

Casadh eile sa scéal ná an t-éileamh a rinne an Irish Times in eagarfhocal dá gcuid.  Deir siad go gcaithfidh lucht cáinte an Chomhaontaithe a mhíniú cén chaoi a socrófaí easaontais mura mbeadh an córas cúirte infheisteoirí ann.

Fuair an nuachtán sin freagra óna gcuid léitheoirí féin an lá dár gcionn, nuair a dúradh leo go mbeadh ar chomhlacht eachtrannach cás cúirte a thógáil i gcúirteanna na hÉireann faoi dhlí na hÉireann i gcás aon easaontais.

Sin é ar ndóigh an chaoi go socraítear easaontais i gconarthaí trádála ar fud an domhain, agus is fiú tabhairt faoi deara gur dhiúltaigh Ceanada foráil den chineál céanna nuair a rinne siad athnuachan ar a gconradh trádála leis na Stáit Aontaithe.

Tá CETA dearbhaithe ag 14 de na 27 ballstát san Aontas, agus is cosúil go dteastaíonn ó Fhine Gael is ó Fhianna Fáil a ndílseacht don Aontas is don ‘Fhiontar Eorpach’ a léiriú trí dhearbhú a dhéanamh ar an gconradh.

Ach bheadh an stát seo á lagú féin go mór dá dtabharfaidís an ceart sin do chomhlachtaí eachtrannacha tús aite a thabhairt dá ndlí féin ar dhlí na hÉireann. 

Maidir leis an gComhaontas Glas, tá sé dochreidte go bhféadfaidís cinntí a gcuid coinbhinsiún féin a chur ar leataobh chomh héasca sin.  

Go deimhin, taobh amuigh de na Teachtaí Dála atá tagtha amach i gcoinne an Chomhaontaithe, vótáil dhá dtrian de chomhairleoirí contae an pháirtí ar son Coinbhinsiún a eagrú le plé a dhéanamh ar an ábhar seo má tá sé i gceist athrú ar bith a dhéanamh ar dhearcadh an pháirtí. 

Tá an bhearna idir an eite dheis den pháirtí, atá faoi cheannas Ryan (atá sásta géilleadh do rud ar bith a mholann a chomhpháirtithe rialtais) agus eite chlé an Just Transition ag dul i méid agus ag éirí níos seirbhe.

Ach mura ngéilleann na Glasaigh dá bpáirtnéirí, seans maith go dtitfidh an rialtas, agus seans maith eile go n-íocfaidh an Comhaontas Glas praghas ard ar a rannpháirtíocht sa rialtas go dtí seo.

Fág freagra ar 'Céard é CETA agus cén fáth an chonspóid faoi?'

  • Liam

    Má ghéileann An Comhaontas Glas beidh siad scriosta go huile is go hiomlán ag an gcéad toghcán eile. Bheadh sé níos fearr má thitfeadh an Rialtas seo, ruaig a chur le Mícheál Martin agus comhrialtas nua a tharraingt idir Fianna Fáil, Sinn Féin agus páirtithe eile. Cé go bhfuil bearnaí móra eatarthu, ceapaim go bhfuil seans go n-oibreoidh FF agus SF go maith le chéile. (Agus ní bhím ag tacú ceachtar dóibh)

  • An Fiach Liath

    Nach méanar dúinne gur “cosúil go dteastaíonn ó Fhine Gael is ó Fhianna Fáil a ndílseacht don Aontas is don ‘Fhiontar Eorpach’ a léiriú trí dhearbhú a dhéanamh ar an gconradh”!!! Tá siad sásta leas na tíre seo agus a muintire a chur in áit na leath phinginne seachas díriú ar a ndualgais iad a chosaint. ‘Gall mise. Nach uasal sin!’ an port danartha atá acu.