‘Leibhéal ard srianta’ go dtí mí Aibreáin ar intinn ag an Rialtas

Thug an Taoiseach Michéal Martin le fios gur dócha nach mbeidh ag oscailt roimh an gCáisc ach na scoileanna agus earnáil na tógála

‘Leibhéal ard srianta’ go dtí mí Aibreáin ar intinn ag an Rialtas

D’fhéadfadh go mbeidh síneadh sé seachtaine eile ar a laghad á chur leis na srianta dianghlasála Leibhéal 5.

Thug an Taoiseach Michéal Martin le fios gur dócha nach mbeidh ag oscailt roimh an gCáisc ach na scoileanna agus earnáil na tógála.

Dúirt sé chomh maith go mbeadh srianta ar thaisteal neamhriachtanach thar lear i bhfeidhm den chuid eile den bhliain.

“Is é is dóichí atá romhainn ná go mbeimid ag leanúint le leibhéal ard srianta go dtí aimsir na Cásca. Caithfidh an Rialtas cinneadh a dhéanamh faoi sin go fóill.”

Ar an 4 Aibreán atá Domhnach Cásca i mbliana ach meastar go mbeidh na srianta i bhfeidhm go dtí an 12 Aibreán.

Tá na srianta leibhéal a 5 in ainm is dul in éag ar an 5 Márta ach tá plean nua Covid-19 á ullmhú ag an Rialtas.

Dúirt an Taoiseach go mbeadh a thuilleadh eolais ann faoina bhfuil i ndán don stát ó thaobh srianta faoin 20 Feabhra ach go raibh ciall le cur chuige “cúramach agus coimeádach” i leith na hathoscailte.

Dúirt sé gur dócha go mbeadh a fhios ag daltaí na hArdteiste an tseachtain seo chugainn cad atá i ndán dóibh ó thaobh a gcuid scrúduithe.

Má chuirtear síneadh leis na srianta d’fhanfadh na siopaí, bialanna agus tithe tábhairne dúnta ar feadh sé seachtaine eile. ‘Fan sa mBaile’ an chomhairle sláinte phoiblí a bheadh ann i gcónaí agus bheadh an cosc taistil cúig chiliméadar fós i bhfeidhm.

Meastar gurb é cuspóir an Rialtais anois ná iarracht a dhéanamh a chinntiú go mbeidh an tréimhse chuibhrithe seo ar an gceann deireanach sa phaindéim.

Dúirt an Taoiseach go mbeadh an athoscailt seo éagsúil ó na cinn eile mar gurb í an cineál den víreas a thángthas air i dtús i Sasana is cúis le 70% de na cásanna in Éirinn. Tá an cineál sin den víreas i bhfad níos tógálaí.

Dúirt an Taoiseach go raibh sé fós ag súil go mbeadh an vacsaín faighte ag 70% de dhaoine sa stát i mí Mheán Fómhair ach go mbeadh sé sin ag brath ar sholáthar na vacsaíní, rud nach raibh aon smacht aige air.

Fág freagra ar '‘Leibhéal ard srianta’ go dtí mí Aibreáin ar intinn ag an Rialtas'