400 fíneáil as taisteal neamhriachtanach eisithe ag na Gardaí

Tá na húdaráis sláinte buartha nach bhfuil líon na gcásanna den ghalar sa phobal ag laghdú tapa a dhóthain agus go bhfuil níos mó tráchta ar na bóithre agus níos mó daoine ag freastal ar an obair ná mar a bhí le linn na chéad dianghlasála 

400 fíneáil as taisteal neamhriachtanach eisithe ag na Gardaí

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Breis is 400 fíneáil atá gearrtha ag na Gardaí ar dhaoine as taisteal neamhriachtanach ó tugadh na fíneálacha nua isteach seachtain ó shin.

Bhain 300 de na fíneálacha sin leis an deireadh seachtaine seo caite.

Idir Dé Luain agus Dé hAoine seo caite  74 fíneáil a bhí i gceist. 

Déanfar na fíneálacha a gearradh ag an deireadh seachtaine a sheiceáil agus a phróiseáil anois agus eiseofar figiúirí críochnúla i dtaobh na bhfíneálacha níos déanaí an tseachtain seo.

Faoi na rialacha Covid-19 caithfidh daoine fanacht cúig chiliméadar ón mbaile agus is i gcomhair aclaíochta amháin a cheadaítear do dhaoine taisteal an méid sin féin. 

Dúirt an Garda Síochána gur chloígh tromlach mór an phobail leis na treoirlínte ag an deireadh seachtaine.

Táthar buartha nach bhfuil líon na gcásanna den ghalar sa phobal ag laghdú tapa a dhóthain agus go bhfuil níos mó tráchta ar na bóithre agus níos mó daoine ag freastal ar an obair ná mar a bhí le linn na chéad dianghlasála san earrach seo caite.

Dúirt an Dr Mary Favier ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (Nphet) go mbeadh an dianghlasáil i bhfeidhm go dtí Aibreán nó Bealtaine mura stopfadh daoine ag taisteal oiread agus atá. 

“Níl dóthain á dhéanamh againn, tá an iomarca imeacht ó áit go háit ar siúl go fóill,” arsa an Dr Mary Favier ar Newstalk.

Tá os cionn 2,000 duine a bhfuil Covid-19 orthu in ospidéil an stáit den chéad uair agus tá 200 duine acusan in aonad dianchúraim.

2,023 othar Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 400 othar taobh istigh agus taobh amuigh de na haonaid dianchúraim i dtuilleamaí cúnamh análaithe.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go raibh cás na n-ospidéal “an-tromchúiseach”.

D’fhógair an Roinn Sláinte inné go raibh 13 duine eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus go raibh 2,944 cás nua deimhnithe, laghdú ar na laethanta roimhe sin. 

Fág freagra ar '400 fíneáil as taisteal neamhriachtanach eisithe ag na Gardaí'