Scalfaidh grian corrthamaillín ach beidh ráigeanna geimhriúla fairsing

Faoin Domhnach beidh maolú ar an bhfuacht, an aimsir níos boige agus an bháisteach chugainn ar chósta an Atlantaigh

Scalfaidh grian corrthamaillín ach beidh ráigeanna geimhriúla fairsing

Tuilleadh fuachta agus seaca atá á thuar ag Met Éireann as seo go Satharn agus fainic á cur acu ar aon duine a bheidh ar na bóithre a bheith san airdeall mar go mbeidh sioc agus oighear forleathan anocht.

Oíche thirim a gealladh dúinn aréir an spéir glan seachas corrmhúr geimhriúil sa taobh ó thuaidh agus fo-mhúr clocha sneachta nó sneachta ar chósta Mhuir Éireann. Leoithne mheasartha aduaidh a bhí ag séideadh agus an teocht chomh híseal le 4 chéim faoin reophointe.

Sioc is oighear a bheidh romhainn arís maidin inniu, an Aoine, agus beidh sé ina iarnóin sula dtéifidh sé de bheagán, idir 1 agus 3 chéim os cionn an reophointe.

Scalfaidh grian corrthamaillín ach beidh ráigeanna geimhriúla fairsing – go háirithe i dtuaisceart Chonnacht, in Ulaidh agus b’fhéidir ar chósta Laighean. Gaoth éadrom aduaidh a bheidh ann ach go neartóidh sí le cósta an oirdheiscirt i dtús an lae.

Le titim na hoíche amárach siocfaidh sé trom faoi spéir ghlan ach beidh corrphaiste ceo seaca anseo is ansiúd i gcónaí. D’fhéadfadh an teocht a bheith chomh híseal le seacht gcéim faoin reophointe agus bóithre ina reothalach dá bharr.

Más beo muid, lá breá geal gréine a bheidh againn ar an Satharn agus an teocht ag ardú go cúig chéim. D’fhéadfadh corrbhrádán báistí a bheith i gcorráit le titim na hoíche cé go mbeidh sé ag sioc fós isteach faoin tír.

Faoin Domhnach beidh maolú ar an bhfuacht, an aimsir níos boige agus an bháisteach chugainn ar chósta an Atlantaigh.

Fág freagra ar 'Scalfaidh grian corrthamaillín ach beidh ráigeanna geimhriúla fairsing'