Dhá oiread daoine ó thuaidh muiníneach as a gcuid Gaeilge ná mar a bhí cúig bliana ó shin – pobalbhreith náisiúnta

De réir pobalbhreithe a rinne Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge, idir 2015 agus 2020 d’ardaigh céatadán na ndaoine ó thuaidh a dúirt go raibh siad muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha ó 6% go dtí 12%

Dhá oiread daoine ó thuaidh muiníneach as a gcuid Gaeilge ná mar a bhí cúig bliana ó shin – pobalbhreith náisiúnta

Tá muinín ag a dhá oiread daoine sa Tuaisceart ina gcumas labhartha Gaeilge ná mar a bhí cúig bliana ó shin, de réir pobalbhreith náisiúnta.

Idir 2015 agus 2020, d’ardaigh céatadán na ndaoine ó thuaidh a dúirt go raibh siad muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha ó 6% go dtí 12%.

Ardú beag a bhí le feiceáil ó dheas le linn na tréimhse céanna. Mheas 28% de na daoine a ghlac páirt sa phobalbhreith ó dheas go raibh muinín acu as a gcuid Gaeilge labhartha, beagáinín níos mó ná an 26% a dúirt amhlaidh in 2015.


Muinín i labhairt na Gaeilge

Ó Thuaidh Ó Dheas
2020 12% 28%
2015 6% 26%

Tagann na figiúirí nua le fáil i bpobalbhreith náisiúnta a rinne Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge anuraidh.

Léiríonn torthaí an tsuirbhé freisin go bhfuil méadú suntasach tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaoine ó thuaidh a bhfuil muinín acu as a dtuiscint ar an nGaeilge.

In 2015, níor bhraith ach 8% de phobal an Tuaiscirt go raibh tuiscint ar an nGaeilge acu, ach d’ardaigh sin go dtí 15% in 2020.

Ó dheas, 35% de dhaoine a dúirt in 2020 go raibh siad muiníneach as a gcumas an Ghaeilge a thuiscint, an toradh céanna is a bhí ann in 2015.


Muinín i dtuiscint na Gaeilge

Ó Thuaidh Ó Dheas
2020 15% 35%
2015 8% 35%

Dúirt Padaí Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge ó thuaidh, nach aon ábhar iontais é go bhfuil líon na ndaoine atá ábalta an Ghaeilge a labhairt agus a thuiscint i dTuaisceart Éireann “ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana”.

“Tá pobal láidir teanga anseo ó thuaidh agus tá infreastruchtúr forbartha teanga á chothú agus á fhorbairt le blianta fada anuas, agus an chuid is mó den fhorbairt sin bainte amach in éagmais reachtaíochta agus straitéisí teanga, bunaithe ar mhúnla gnímh Bhóthar Seoighe ‘Ná habair é, Déan é’.

“Tugann neart na Gaelscolaíochta, ceangal na meánscoileanna leis na Coláistí samhraidh sa Ghaeltacht, agus obair cheannródaíoch oifigigh de chuid na Scéime Pobal Gaeilge fud fad na sé chontae, tugann sin uilig deiseanna do dhaoine an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a chluinstin níos minice.

“Agus faoi dheireadh thiar thall, le teacht isteach na reachtaíochta úire agus na straitéise nua, a gealladh breis agus bliain ó shin, ba cheart go mbeadh níos mó tacaíochta ón stát ar fáil dóibh siúd ar mhian leo an teanga a úsáid agus a saol a chaitheamh trí Ghaeilge ó lá go lá.”

Léirigh torthaí an tsuirbhé náisiúnta go bhfuil tacaíocht láidir ann don ghaeloideachas i measc an phobail ó thuaidh agus ó dheas.

Is cuid iad na torthaí seo den tsraith taighde Céard é an Scéal?, sraith suirbhéanna atá á foilsiú ag Conradh na Gaeilge ó 2015.

Fág freagra ar 'Dhá oiread daoine ó thuaidh muiníneach as a gcuid Gaeilge ná mar a bhí cúig bliana ó shin – pobalbhreith náisiúnta'

  • Sean Fennell

    Scéal dearfach do 2021! Maoiniú breise de dhíth i ngach scoil in aimsir na paindéime agus sna laethe seo gan choinne ach…..tá riachtanais ar leith ag páistí na ngaelscoileanna maidir le sealbhú teanga agus iad ag foghlaim ar líne sa bhaile…go háirithe na páistí óga. Ba chóir seo a thógáil le C na G!

    Lean ar aghaidh leis an stocaireacht a Phádraig. Bulaí fir!