Tá seift de dhíth mar ábhar práinne in éagmais chur chuige uile-Éireann

Is tábhachtaí plean chun scaipeadh an víris a cheansú ar fud na tíre ar fad ná idé-eolaíocht

Tá seift de dhíth mar ábhar práinne in éagmais chur chuige uile-Éireann

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá a thuairim féin ag gach duine faoin gcúis le heaspa straitéise uile-Éireann, nó uile-oileáin más fearr leat, chun déileáil le Covid-19. Sa deireadh is cuma cén dream atá ina choinne nó cén fáth. Is tábhachtaí plean chun scaipeadh an víris a cheansú ar fud na tíre ar fad ná idé-eolaíocht. Tá an scéal róphráinneach chun cur suas le héagumas.

Tá dea-shamplaí againn cheana féin den chomhoibriú trasteorann i gcúrsaí sláinte. Tá foirne éigeandála ón bPoblacht ag cuidiú le paraimhíochaineoirí i dTuaisceart Éireann an deireadh seachtaine seo. Tá siad ag tacú le foirne na n-otharcharranna i mBéal Feirste, Craigavon agus cibé áit eile is mó a bhfuil an brú. Tá an ghéarchéim ar hob a bheith ina tubaiste mar ba léir ó na radharcanna scanrúla ag ospidéal Aontroma i rith na seachtaine nuair a bhí dochtúirí agus altraí ag cur cóir leighis ar fáil do dhaoine in otharcharranna sa gcarrchlós.

Faoin Déardaoin ní raibh ach trí cinn den 12 ospidéal i dTuaisceart Éireann a raibh leaba folamh iontu. Ó bhí othair á gcoinneáil sna hotharcharranna cheal spáis sna hospidéil, bhí brú ar an tseirbhís éigeandála agus gá le tacaíocht óna gcomhghleacaithe ó dheas. Tháinig cabhair aneas ó chriúnna otharcharr cheana ag tús na paindéime agus rinneadh ar ócáid anuraidh é. Tá comhréiteach seanbhunaithe idir an dá dhlínse don tseirbhís. Ní raibh ceist ná casaoid ariamh faoi.

Sé an scéal céanna é faoin aonad galánta barr feabhais le haghaidh cúram ailse i nDoire in ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin.

Molann othair ó dhá thaobh na teorann an tseirbhís sin go hard, iad sásta gur furasta leas a bhaint aisti. Sé an trua nach rabhthas in ann tógáil ar an mbunchloch sin in aghaidh na paindéime Covid-19.

D’aithneodh páiste gur amaidí is ea é siopaí ‘neamhriachtanacha’ a bheith ar oscailt ar thaobh amháin den teorainn nuair atá a leithéidí druidte i bhfoisceacht cúpla mile dóibh ar an taobh eile.

Comhtharlúint ab ea é ach druideadh na siopaí neamhriachtanacha sa Tuaisceart díreach nuair a bhí siad á n-athoscailt ar an taobh ó dheas. Tá dalladh fianaise againn go raibh an trácht trom, daoine ag trasnú na teorann sa dá threo mar a bheadh Dia á rá leo a dhul ag siopadóireacht.

Taisteal ‘neamhriachtanach’ is ea é sin.

D’fhéadfaí é a sheachaint agus an chontúirt a ghabhann leis a chealú dá mbeadh na srianta comhuaineach. Shílfeá nach dúshlán as cuimse é sin. Ba dheas dá ndéanfaí an beart mar chuid de na rialacháin éigeandála a bheidh i bhfeidhm i ndiaidh shaoire na Nollag.

Is léir nach féidir taisteal riachtanach a chosc, daoine atá ag dul ag obair, oibrithe na líne tosaigh – dochtúirí, altraí, iompróirí earraí, feirmeoirí nó gasúir scoile. Ach d’ainneoin chomh híogair ó thaobh na polaitíochta is a bheadh sé srianta a chur ar thrasnú na teorann, sa dá threo, tá cúrsaí chomh holc sin go gcaithfear seift a aimsiú.

Phléigh an colún seo na ceisteanna faoi chur chuige trasteorann dhá mhí ó shin nuair a bhí leide tugtha ag an bhfeisire Gregory Campbell ón DUP go mbeadh comhoibriú nó comhordú idir ceantair chóngaracha inghlactha.

Ba chosúil nach raibh d’fhadhb aige ach nach ndéanfaí ‘polaitiú’ air trí bheart trasteorann a thabhairt air. Dúramar ansin, agus is mó práinn leis anois, gur chóir lipéad neafaiseach éigin a roghnú dá sásódh sé an riachtanas. D’fhéadfaí cosc idirchontae a ghlaoch air agus bac a chur ar thaisteal neamhriachtanach amach as contae nó isteach go contae ina bhfuil an aicíd rábach. D’fhéadfaí sin a dhéanamh bíodh gá le srianta ar thrasnú na teorann dá bharr nó ná bíodh agus d’fhéadfaí é a dhéanamh mar bheart géarchéime gearrthéarmach.

Ba dheas an féirín ó dheaidí na Nollag é comhréiteach faoi sin.

Fág freagra ar 'Tá seift de dhíth mar ábhar práinne in éagmais chur chuige uile-Éireann'

  • Rossa Ó Snodaigh

    Tá tuaraimíocht Foster chomh amaideach is a bheith ag rá le pobal na sé Contae éide samhraidh a chaitheamh sa bháisteach mar go bhfuil sé grianmhar i Lúndain.