Seanainm eile ar Éirinn is ea Hibernia a chiallaíonn ‘tír an gheimhridh’ cé nach bhfuil ansin ach tionchar an fhocail Laidine ‘hibernus’/’geimhreadh’ ar an bhfocal Q-Ceiltise Īweriū as ar tháinig Éire.
Isole d’Inverno/ Winter Islands a thug Federica Di Giovanni ar an leabhar grianghraf aici, foilsithe ag Crowdbooks. Mar is léir ó ainm an fhoilsitheora, sluamhaoiniú a bhí laistiar d’fhoilsiú an leabhair seo.
Dhein Federica iontas den chlár míreanna mearaí a bhí coinnithe ag a mamó agus dúradh léi go mbíodh daideo agus an seachtar mac a bhí acu gafa leis le linn an gheimhridh fhada ar oileán Ponzo. A luaithe is a bheadh na míreanna mearaí ina n-áit, thosaítí arís as an nua.
Shocraigh Federica go dtabharfadh sí cuairt ar oileáin bheaga na hIodáile féachaint cén chuma a bheadh orthu sa gheimhreadh, oileáin nár chuala mise trácht riamh orthu, seachas Lampedusa, a shamhlaím le hainm mórscríbhneora agus, le blianta beaga anuas, áit ar leaindeáil go leor teifeach.
Na hoileáin nár chuala mé trácht orthu (cé a deir go bhfuil an-chóras oideachais againn!) ná Capraia, Linosa, Pantelleria, Procida, San Pietro, Giglio, Eolie, Egadi, Pontine agus Tremiti.
A scéal féin le hinsint ag gach oileán díobh, ar ndóigh: iascairí scuideanna, sealgairí éan imirce agus mar sin de.
B’fhéidir go bhfuil smaoineamh agatsa le haghaidh leabhair, smaoineamh atá chomh hiontach sin go gcaithfeadh sé sluamhaoiniú a fháil chun é a fhoilsiú.
Tá foirm iarratais anseo.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: A scéal féin le hinsint ag gach oileán'