An scannánóir aitheanta Bob Quinn i measc chéimithe oinigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2021

Tá Bob Quinn, a rugadh i mBaile Átha Cliath ach atá ina chónaí i gConamara le blianta fada, ar dhuine de cheithre dhuine dhéag a mbronnfaidh OÉ Gaillimh Céimeanna Oinigh orthu in 2021

An scannánóir aitheanta Bob Quinn i measc chéimithe oinigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2021

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le céim oinigh a bhronnadh ar an scannánóir aitheanta Bob Quinn an bhliain seo chugainn.

Tá Quinn, a rugadh i mBaile Átha Cliath ach atá ina chónaí sa Tuairín i nGaeltacht Chonamara le blianta fada, ar dhuine de cheithre dhuine dhéag a mbronnfaidh OÉ Gaillimh Céimeanna Oinigh orthu in 2021.

Eímear Noone

Bhí Quinn ina stiúrthóir ar an scannán Poitín (1978), an chéad fhadscannán a rinneadh i nGaeilge agus tá sé aitheanta ar dhuine de cheannródaithe na scannánaíochta in Éirinn. Bhí baint mhór aige le forbairt thionscal na teilifíse Gaeltacha.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhleadh Scannán na Gaillimhe agus ta sé ina bhall d’Aosdána.

Tá Dick Byrne, ailtire a chaith na blianta ag obair sa Taibhdhearc i nGaillimh, i measc na ndaoine eile a bhfuil céim le bronnadh orthu. Tabharfar aitheantas freisin don cheoltóir Máirtín O’Connor, a rugadh i mBearna agus a bhí ina bhall den ghrúpa ceoil Dé Dannan. Is as Conamara freisin an file Mary O’Malley, ball d’Aosdána, a mbronnfar céim oinigh uirthi.

Tá rún ag an Ollscoil an Searmanas Bronnta Oinigh a reáchtáil an samhradh seo chugainn.

Dr Mike Ryan, stiúrthóir éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO)

Ar na daoine eile a mbronnfar céimeanna oinigh orthu tá an Dr Mike Ryan, stiúrthóir éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO); an tOllamh David Harper, saineolaí idirnáisiúnta mór le rá ar an bpailé-ointeolaíocht; Jean Kelly, Príomh-Stiúrthóir Altranais agus Cnáimhseachais, ar scor, Grúpa Cúraim Sláinte Ollscoile Saolta, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh; an tOllamh Hubert McDermott, iarOllamh le Béarla in OÉ Gaillimh; an Dr Martina Newell-McGloughlin, stiúrthóir International Biotechnology, Ollscoil California, Davis;

Ronnie O’Gorman. Pictiúr: Mike Shaughnessy

Eímear Noone, stiúrthóir agus cumadóir ceoil iomráiteach; Ronnie O’Gorman, bunaitheoir agus úinéir an Galway Advertiser; Evelyn O’Toole, bunaitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Complete Laboratory Solutions; an Dr Jerome Sheahan, staitisteoir agus matamaiticeoir; agus Ailbhe Smyth, acadóir agus gníomhaí Éireannach.

Máirtín O’Connor

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh  go raibh “an t-ádh” le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh céimithe oinigh den scoth a bheith aici ach gur cinnte gur “grúpa ar leith iad céimithe oinigh na bliana seo”.

“Tá a c(h)ion féin déanta ag gach céimí oinigh díobh ar mhaithe leis an saol poiblí, le feabhas na sochaí agus le leas na daonnachta.

“Tá an-áthas ar OÉ Gaillimh a bheith in ann meas agus aitheantas a thabhairt do na daoine eisceachtúla seo.”

Fág freagra ar 'An scannánóir aitheanta Bob Quinn i measc chéimithe oinigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2021'