Is fiú cuairt a tabhairt ar an áiléar anois is arís, is fánach an áit a bhfaighfeá fuinneog ar an stair

Bhí baint ag William Reilly le marú beirt shaighdiúirí Domhnach na Fola - ba mhaith le muintir Reilly casadh le muintir na saighdiúirí a maraíodh

Is fiú cuairt a tabhairt ar an áiléar anois is arís, is fánach an áit a bhfaighfeá fuinneog ar an stair

Bhí an seandoiciméad ina luí ar urlár an áiléir. Ní mórán suntais a thug éinne dó leis na blianta. Bhí sé fillte ina dhá leath agus gan le feiceáil ar a bharr ach línte cló. Má bhí eolas ar bith ag éinne faoi, thuigeadar go raibh baint éigin aige le pinsean Dhaideo.

Agus beagán slacht á chur ar bhoscaí agus ar chuimhneacháin éagsúla a bhí coinnithe thuas staighre, tógadh an seandoiciméad arís agus caitheadh súil i gceart air.

Ba ansin a tugadh faoi deara go raibh tábhacht ar leith ag baint le ceann de na dátaí a luadh ann. Bhí tuiscint ar an stair ag an ngarmhac a léigh é – thug sé faoi deara gur dáta iomráiteach i stair na hÉireann a bhí ann – 21 Samhain 1920.

Tugadh ‘Domhnach na Fola’ air riamh anall.

Ball den IRA a bhí in William Reilly agus bhí sé ar dualgas an lá iomráiteach sin i ndeisceart na cathrach i mBaile Átha Cliath. Ní raibh sé ina bhall den ‘Scuad’ faoi cheannas Mhichíl Uí Choileáin a rinne an marú an mhaidin sin. Ach bhí na fir sa cheantar áitiúil (Complacht ‘D’ Briogáid Bhaile Átha Cliath), ina mbaill tacaíochta don ‘Scuad’ a thug cúnamh agus clúdach cosanta dóibh agus iad i mbun an mharaithe.

Tugtar ‘British agents’ go minic ar an dream a maraíodh an Domhnach sin. I measc na ndaoine sin, bhí na saighdiúirí a dtugtar ‘Auxiliaries’ nó saighdiúirí cúnta a tugadh go hÉirinn le tacú leis an RIC, a bhí faoi bhrú.

Maidin an 21 Samhain, bhí beirt acu sin, Cadet Frank Garniss agus Cadet Cecil Morris gar do Bhóthar Northumberland nuair a chuala siad an scaoileadh urchar. Chuir cailín aimsire i gceann de na tithe a cloigeann amach trí fhuinneog thuas staighre agus thosaigh ag béicíl. Cuireadh an bheirt saighdiúirí Garniss agus Morris go Beairic Thor an Bhacaigh (Beggar’s Bush) chun trúpaí athneartaithe a fháil.

Thosaigh an bheirt ag rith i dreo na beairice ach rug buíon armtha ón IRA,  William Reilly ina measc, orthu.

Thugadar isteach in Uimhir 16 Bóthar Northumberland iad – teach cónaithe a bhí gar don áit. Tugadh amach sa ghairdín iad, áit ar cuireadh chun báis in aghaidh an bhalla an bheirt acu. Scaoileadh sa gcloigeann iad agus scaoileadh duine acu sa gcliabhrach freisin. Banaltra ó Chumann na Croise Deirge a tháinig ar na coirp níos deireanaí an lá sin.

Mar a dúirt William Reilly ina iarratas ar phinsean: ‘Armed member of Party that raided 16 Northumberland Rd …Sunday 21 November when two British agents were shot.’

Ní raibh an bheirt saighdiúirí ach tagtha go hÉirinn, tar éis tréimhse san arm sa gCéad Chogadh Domhanda. Ach bhí obair gann i Sasana agus liostáil siad arís. Bhí beirt ghasúr ag duine amháin acu agus bhí leanbh amháin ag an bhfear eile. Ní gníomhairí nó ‘agents’ a bhí iontu ach ‘Auxiliaries’.

D’fhan William Reilly san IRA ach chríochnaigh sé suas i gcampa géibhinn an Churraigh agus scaoileadh saor é i 1923. Tá foirm an phinsin an-soiléir  – chaithfeadh an duine a bhí ag iarraidh an phinsin a rá céard go díreach a bhí ar siúl acu le linn tréimhsí áirithe de Chogadh na Saoirse agus den Chogadh Cathartha. Tá sé soiléir ón bhfoirm go gcuirtí tréimhsí i ngéibheann san áireamh agus duine ag comhaireamh a chuid seirbhíse míleata.

Bhí an Cogadh Cathartha thart nuair a scaoileadh William Reilly saor as an bpríosún. Is beag fáilte abhaile a cuireadh roimh a leithéid thart ar a bhaile dúchais, an Rinn. Agus é an teacht trasna an droichid, bhí cuid de mhuintir na háite ag caitheamh seilí air agus ar a chomrádaithe agus iad ag filleadh ar a dtithe cónaithe.

In aois a 28 bliain, fuair sé obair ar na duganna agus níor labhair sé riamh lena chlann faoi na heachtraí sin ná faoina shaol corrach le linn Chogadh na Saoirse ná an Chogaidh Chathartha.

Tá an dáta 1935 ar an bhfoirm shínithe. Cén fáth ar thóg sé an fhad sin air an pinsean a iarraidh? Toisc gur tháinig Fianna Fáil i gcumhacht i 1932 agus thugadar pinsean nua isteach a thug cead den chéad uair don dream a bhí i gcoinne an Chonartha, pinsean an IRA a éileamh.

Is léir ón bhfoirm go raibh William Reilly ag obair faoin tráth sin mar bhleachtaire i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, sa Bhrainse Speisialta. Dúradh gur iarradh air dul isteach sna Gardaí toisc nach raibh aon iontaoibh ag an Rialtas nua sa Bhrainse mar a bhí, agus iad dílis do Rialtas Chumann na nGaedheal roimhe sin.

Tugadh na ‘Broy Harriers’ ar an dream lenar bhain sé toisc gurbh é Éamonn Broy a bhí i gceannas ar na Gardaí ag an am. Chaith William Reilly tamall de bhlianta ina gharda cosanta ag De Valera nuair a bhí seisean ina Thaoiseach.

Tá cuntas mion sa bhfoirm ar gach tréimhse a chaith William Reilly ag troid nó sa bpríosún sna blianta corraitheacha sin. B’éigean dó moltóirí a fháil chun fírinne gach ráiteas acu sin a dhearbhú. Tá gach eolas líonta isteach le peann agus dúch go néata, pointeáilte. Ba léir nach raibh éinne ag dul sa seans le dáileadh an phinsin seo.

Tá ceathrar de chlann William Reilly fós beo, cuid díobh anseo in Éirinn. Céad bliain go ham seo a bhí William bainteach le cuid de na heachtraí ba cháiliúla i stair fhuilteach na tíre seo go luath sa bhfichiú haois.

Ar nós go leor daoine eile anois, a bhíonn ag smaoineamh ar bhealach níos oscailte ar ár stair, tá clann William ag smaoineamh ar chlann na saighdiúirí a caitheadh sa ghairdín ar Bhóthar Northumberland an lá cinniúnach sin.

Tá cuid de mhuintir Reilly i mbun taighde ag iarraidh a fháil amach cad a tharla do dhá theaghlach na saighdiúirí sin i Sasana.  Níl mórán fianaise acu fós ach deir siad gur mhaith leo – más féidir é – casadh leo agus iad féin a chur in aithne dá chéile.

Tá go leor ag tarlú le tamall le clabhsúr a chur ar scéal tragóideach an lae sin – an sléacht i bPáirc an Chrócaigh ina measc – agus is de réir a chéile a chuirfear clabhsúr ceart ar an scéal ar fad.

Is fiú cuairt a tabhairt ar an áiléar anois is arís. Nach fánach an áit a bhfaighfeá fuinneog ar an stair?

Fág freagra ar 'Is fiú cuairt a tabhairt ar an áiléar anois is arís, is fánach an áit a bhfaighfeá fuinneog ar an stair'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uilig.

  • S. Mac Muirí

    Má thaobhaigh an tUasal Reilly le Broy Harriers Fhanna Fáil d’fhonn tairleamh Daorstáit a cheapadh dó féin sna 1930í, ní hionadh a chlann a bheith ag iarraidh a mbá le Sasain in Éirinn a léiriú.