Gruaimscrolláil an Ghaeilge ar doomscrolling – foclóir nua Covid-19 foilsithe

Cruthúnas atá i bhfoclóir Covid-19 nua go bhfuil ar chumas na Gaeilge freastal ar aon chor a chasann an saol ina bealach ach í a bheith á húsáid i ngnáthchúrsaí an tsaoil gan leithscéal ná leisce

Gruaimscrolláil an Ghaeilge ar doomscrolling – foclóir nua Covid-19 foilsithe

Nuair a tháinig an víreas nua an taobh seo domhan faoi fhéile Pádraig, thug sé leis neart téarmaí agus coincheapa nua chugainn agus ar ndóigh nuair is crua don chailleach caithfidh sí tosú ag ceapadóireacht.

B’éigean dúinn an teanga a bhí againn a lúbadh agus a ionramháil le freastal ar an bpaindéim foclóireachta sin. Chuir Tuairisc.ie ár bhfoclóir beag féin ar fáil mí an Mheithimh le freastal ar an mbearna téarmaíochta agus is léir gur foinse luachmhar a bhí sa suíomh seo don chnuasach nua seo ó Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU.

Is fearr go mór go mbeadh na foinsí oifigiúla ag tarraingt as téarmaíocht a bhfuil dua caite cheana léi seachas a bheith ag cumadh ar mhaithe le bheith ag cumadh.

Thug lucht Fiontar DCU faoi deara gur bhraith lucht labhartha na Gaeilge nach raibh ach an beagán den eolas oifigiúil á chur ar fáil trí Ghaeilge agus leis an easpa sin a chúiteamh tugadh faoin togra foclóireachta as ar eascair an foclóir nua seo.

Grúpa taighde Gaois in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, a bhí i mbun an tionscadail. Agus an phaindéim faoi lán seoil sa tír shocraigh siad na téarmaí éagsúla a bhí i ngnáthúsáid a bhailiú le chéile mar aon leis na coincheapa nua a bhí anois ar bhéal an phobail.

Cinneadh go gcuirfí an cnuasach ar fáil laistigh de roinnt míonna agus nach téarmaí oifigiúla amháin a chuirfí ar an liosta ach na cinn a bhí in úsáid coitianta ag an bpobal agus ag na meáin chumarsáide agus na meáin shóisialta chomh maith.

Fágann an cinneadh sin go bhfuil rogha ag an úsáideoir an ceann is fearr a thaitníonn leis féin a úsáid.

Má chaitheann tú fanacht istigh agus an aicíd a sheachaint féadfaidh tú clutharú, cocúnú nó neadú a thabhairt air agus beidh tú slán sábháilte ón víreas agus ó théarmeolaithe.

Ba dhíol suime ag an Dr Gearóid Ó Cleircín, Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, an chaoi a bhfacthas téarmaí áirithe “á bhfréamhú sa teanga de bharr a ngnáthúsáide sna meáin thraidisiúnta agus ar na meáin shóisialta”.

Ar ndóigh cruthúnas atá ansin, agus sa bhfoclóir seo, go bhfuil ar chumas na Gaeilge freastal ar aon chor a chasann an saol ina bealach ach í a bheith á húsáid i ngnáthchúrsaí an tsaoil gan leithscéal ná leisce.

Sna cásanna sin nach raibh teacht ag na taighdeoirí ar aon leagan Gaeilge de choincheapa a bhain leis an Covid-19, fuarthas moltaí ón gCoiste Téarmaíochta. Ó na téarmeolaithe sin a tháinig COVID marthanach ar long COVID, gruaimscrolláil ar doomscrolling agus dornbheannú ar elbow bump.

Beidh sé spéisiúil cé chomh marthanach a bheidh cuid de na téarmaí sin nó an ndíbreoidh Covid ainsealach, mar shampla, as an gcaint iad.

Spéisiúil go leor níl bheith istigh ag púicín, pusachán ná cealtair ar an masc aghaidhe cé go mbíonn a lán clamhsán faoin masc ag Gaeil.

Tá eolas gramadaí, foinsí, sainmhínithe agus samplaí dá n-úsáid curtha leis an gcnuasach. Ba chóir breathnú arís ar an leagan amach atá ar an bhfoclóir ina bhfuil an 275 ‘toradh’ Gaeilge agus Béarla measctha san innéacs céanna.

Cuirfidh an fhoireann fáilte roimh aon mholtaí ón bpobal maidir le téarmaí atá ar iarraidh ón gcnuasach.

Tá foclóir an Covid-19 ar fáil anseo.

Seo agaibh Foclóir Beag Béarla-Gaeilge an Chóroínvíris

Fág freagra ar 'Gruaimscrolláil an Ghaeilge ar doomscrolling – foclóir nua Covid-19 foilsithe'