Seo agaibh Foclóir Beag Béarla-Gaeilge an Choróinvíris

Tá foclóir beag curtha le chéile ag Tuairisc.ie de na téarmaí nua a bhíonn á n-úsáid againn i ré an choróinvíris, nó ré an víris chorónaigh más fearr leat

Seo agaibh Foclóir Beag Béarla-Gaeilge an Choróinvíris

Antibody: Antasubstaint – próitéin fola a chruthaíonn an corp chun aon namhaid – baictéar, víreas nó substaintí coimhthíocha – a throid. Cuingríonn an t-antasubstaint go ceimiceach leis an namhaid d’fhonn í a chloí. Nuair a bheidh a leithéid againn, cloífear an coróinvíreas go dtí go n-athróidh an cleasaí cló 

Close Contact: Gartheagmhálaí a bhíonn againn ar Tuairisc.ie, sin duine a bhí i ndlúthchomhluadar duine atá buailte ag Covid-19 agus seans maith ann go dtógfadh an duine eile an galar

Cluster: Braisle – an téarma oifigiúil – a úsáidimid. Níl ann ach builcín cásanna in aon áit amháin – ní gá go mbeadh i gceist ach níos mó ná cás amháin laistigh de 24 uair in aon áit amháin. Ríomhann lucht leighis na builcíní seo le súil is go sáinneoidís an galar ansin agus nach ligfí dó scaipeadh ón mbuilcín sin.

Cocooning: Clutharú a mhol an saineolaí teanga as Corca Dhuibhne, Toose Mac Gearailt, agus is deas é. Sciath chosanta a chur thart ar dhaoine atá leochaileach nó atá amach sna blianta ina dtithe féin, tindeáil mhaith a dhéanamh orthu ach tú féin agus an galar a choinneáil amach uathu. Cocúnú an t-aon rogha oifigiúil do ‘cocooning’, leagan gan samhlaíocht, ach é beacht soiléir. Phléamar ‘soipriú’ chomh maith, leagan bunaithe ar an bhfocal ‘soiprigh’ a bhíonn an-choitianta ag na hUltaigh. ‘Soiprigh tú féin sa leaba…’ an sampla atá ag Ó Dónaill.

Community Transmission: Scaipeadh sa bpobal, tolgadh sa bpobal – nuair a bhíonn an víreas beo beathach sa phobal agus é ag dul ó dhuine go duine mar atá i bhformhór na gcásanna faoin tráth seo

Contact Tracing: Cuardach Teagmhálaithe – lucht leighis is riaracháin ag cuardach na ndaoine a bhí i ngartheagmháil leis an othar atá buailte ag an aicíd le meabhrú dóibh fanacht amach ó dhaoine eile ar feadh 14 lá ar fhaitíos go raibh an galar tógtha acu. Bíonn rianú teagmhálaithe ag daoine eile.

Containment phase: Céim an tsrianta – nuair a bhíonn na húdaráis ag iarraidh an galar a choinneáil ó scaipeadh ó othair a thug leo abhaile thar sáile nó thar baile isteach é. Is maith fada ó shin ó bhí an chéim sin againn anseo in Éirinn, faraor.

Contingency Planning: Réiteach do lá na coise tinne nó pleanáil teagmhais. Má tá ‘teagmhas’ á úsáid aon áit eile seachas ag cruinnithe téarmaíochta is i ngan fhios dúinne é. Ní bheadh aon locht ar ‘pleanáil dá bhféadfadh tarlú’, ‘plean dá bhféadfadh tarlú’ agus réiteach don aineoil ach is cosúil go bhfuil an cath áirithe seo buaite ag na téarmeolaithe agus tuigimid a gcás nuair is gontacht atá uainn go léir agus níl aon léamh ag aon duine ar an gcinniúint.

Coronavirus: Coróinvíreas, víreas corónach – an víreas is siocair leis an ngalar Covid-19. Tá an dá cheann á n-úsáid. Coróinvíreas an téarma oifigiúil agus sin a bhíonn ag Tuairisc.ie inár scéalta nuachta cé nach bhfuil aon locht againn ar víreas corónach a bhíonn coitianta ar RTÉ RnaG. Is ionann brí don dá leagan – d’fhéadfá a rá gur cré-ithir nó ithir chréúil atá i do gharraí ach tá éascaíocht sa gcomhfhocal don té a bhfuil doicheall aige roimh an tuiseal ginideach. Cé acu ab ansa leatsa a bheith ag cartadh na cré-ithreach nó ag cartadh na hithreach créúla? Na fataí céanna a d’fhásfas!

Delay phase: Céim an mhoillithe, tráth a mbítear ag iarraidh moill a chur le scaipeadh an ghalair ionas go mbeidh lucht leighis ullamh níos fearr dó agus chuige sin an scoitheadh sóisialta, dúnadh scoileanna agus gnóthaí poiblí agus úsáid an n-ospidéal príobháideach

Exit Strategy: Straitéis éalaithe nó bealach le deireadh a chur leis na srianta agus filleadh ar ghnáthchúraimí an tsaoil gan tús a chur le ráig eile den ghalar nó le hardú eile ar líon na gcásanna. Straitéis díghlasála nó plean díchuibhrithe mar a bhíonn go minic againn ar Tuairisc.ie

Flatten the curve: Cothromaigh an Cuar is fearr a thuigfí ón mBéarla, is dócha. D’fhéadfaí ‘Ná cuir maoil ar an gCuar’ nó ‘Ná lig suas an Cuar’ a rá chomh maith. Is é is brí leis gan ligean do líon na n-othar atá buailte ag Covid-19 ardú róthobann ar eagla go gcuirfí iomarca brú ar an tseirbhís leighis agus go dteipfeadh sí faoin mbrú sin. D’éirigh linn an cuar a chothromú ach a luaithe sin déanta againn moladh gur cheart an cuar a leibhéalú ar fad, is é sin an galar a dhíothú sula scaoilfí gach srian

Herd immunity: Imdhíonacht tréada. Má bhíonn imdhíonacht ag sciar sách mór den phobal in aghaidh galar ar bith, de bharr go bhfuil sé curtha díobh acu nó go bhfuair siad vacsaín, is deacair don ghalar sin scaipeadh sa bpobal. Ar ndóigh dá dtabharfaí cead a gcinn do chuile dhuine chun an imdhíonacht seo a bhaint amach sa bpobal, chuirfí seandaoine agus daoine nach bhfuil i mbarr na sláinte i mbaol mór báis agus sin an fáth nach gcloítear leis mar pholasaí

ICU: Aonad Dianchúraim. Barda díghalraithe san ospidéal mar a mbíonn an cóimheas lucht leighis ardcháilithe is othair an-íseal agus trealamh sainiúil ardteicneolaíochta ann chun súil ghéar na saineolaithe a choinneáil ar an othar atá i dtuilleamaí meaisíní le maireachtáil

Immunocompromised: Imdhíon-lagaithe – níl aon acmhainn ag an duine seo ar aon aicíd ná tinneas de bharr easláinte atá ag dul dó nó cóir leighis éigin a cuireadh air a chuir isteach ar chumas an choirp é féin a chosaint in aghaidh ionfhabhtaithe. Clutharú i do nead féin, an doras is an geata idir tú féin agus an víreas an chosaint is fearr

Infodemic: Iomarca Eolais, faisdéim, craos eolais, siabhrán eolais – búilleach déanta díot ag an eolas ar fad atá ag teacht as chuile cheard, cuid mhaith de ag teacht salach ar an mbaisc roimhe sin

Lockdown: Ceann deacair é seo agus gan mórán roghanna eile ag na foclóirí seachas ‘ordú dianghlasála’. Ní hionann sin áfach agus an chiall ghinearálta a bhaineann na meáin Bhéarla as ‘lockdown’. Bíonn dianghlasáil againn ach is fearr linn Cuibhriú. Ní fada eile a bheidh an tír faoi chuibhriú

Mitigation phase: Céim an mhaolaithe – déileáil leis an ngéarchéim sa bpobal agus sna hionaid leighis chomh maith agus is féidir lena bhfuil d’acmhainní ar fáil agus gan ligean do chúrsaí dul ó smacht ar fad

National Public Health Emergency Team (NPHET): An Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, coiste comhairleach faoi chathaoirleacht an Dr Tony Holohan

Obstructive Pulmonary Disease (COPD): Galar Scamhóige Toirmeascach Ainsealach – an té a bhfuil COPD air is namhaid an-chontúirteach dó Covid-19 agus go cluthar ina theach féin i bhfad ó aon duine nó aon rud a d’fhéadfadh an víreas a thabhairt ina bhealach is sábháilte é

Outbreak: Ráig. Tinneas, taom, galar nó múr báistí a thagann gan choinne. Tagann ráig den fhliú nó ráig fliú go coitianta sa ngeimhreadh ach is víreas nua é a d’éalaigh chugainn as Wuhan agus nach bhfuil a leigheas ná a shárú againn fós

Pandemic: Paindéim, aicíd atá scaipthe go forleathan, aicíd fhorleata, an galar scaipthe ar fud an domhain uile beagnach

Panic buying: Scaollcheannach atá sa bhfoclóir agus is deas é. Bealach nádúrtha ag duine atá faoi imní iarracht a dhéanamh déileáil leis an gcontúirt ar bhealach éigin – bheith faoi réir roimh an anachain

Peak: Buaic scaipeadh an ghalair, nuair is airde líon na gcásanna. An dea-scéala, amhail mullach cnoic, bíonn an fána anuas agat agus cúrsaí ag feabhsú as sin amach

PPE (Personal Protective Equipment): Trealamh Cosanta Pearsanta – bibeanna, gúnaí, fallaingeacha, mascanna agus spéaclaí cosanta le lucht leighis is cúramóirí a chosaint ar an ngalar. An-phráinn go deo ag baint leis an soláthar seo agus bhí eitleáin Aer Lingus gnóthach á dtarraingt chugainn ón tSín. Mascanna an trealamh is mó atá molta feasta in áiteanna poiblí

Reproduction rate: Ráta scaipthe/atáirgthe an ghalair: Le scaipeadh an víris a cheansú, is mian le lucht leighis go mbeadh an ráta scaipthe seo faoina 1, is é sin nach dtabharfadh duine a bhfuil Covid-19 air an galar an-tógálach ach do níos lú ná duine amháin eile (ar an meán). Go dtí go mbeidh an ráta sin i dtír, ní scaoilfear na srianta

Respiratory Etiquette: Dea-Bhéasa Riospráide nó b’fhéidir gur nádúrtha Dea-Bhéasa Sraothartaí. Nó má tá am agat ‘déan do chuid casachtaí isteach i naipcín nó i d’uillinn agus ná scaip an víreas, maith an fear!’ Ná roinn do chuid frídíní! Comhairle mhaith í seo aon am

Self-isolation: Féinleithlisiú, díthreabhú, díseartú, aonrú, aonaránú, fanacht glan ar dhaoine sa mbaile. Fanacht glan ar dhaoine eile nó coinneáil amach ó dhaoine eile is mó a úsáideann Tuairisc.ie, ach bíonn gá uaireanta le féinleithlisiú/aonrú ar mhaithe le gontacht. An scríbhneoir agus foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin a mhol díthreabhú agus é deas fileata leis

Serological Test: Tástáil Shéireolaíoch nó tástáil antasubstainte. Déantar tástáil shéireolaíoch ar shampla fola ó dhuine, seachas maipín a chuimilt i do shrón nó i do scornach agus is cosúil go n-inseoidh an tástáil fola seo má bhí Covid-19 ort agus é curtha díot agat. Má bhí, meastar go mbeidh imdhíonacht éigin agat go ceann tamaill ar an ngalar agus go bhféadfá filleadh ar an obair, rud iontach más ag obair sa gcóras leighis atá tú

Seroprevalence survey: Suirbhé Séirealeitheadúlachta. Suirbhé ar dhaoine sa bpobal le fáil amach cé mhéad acu a raibh an coróinvíreas orthu, fiú mura raibh aon chomharthaí orthu. Tástáil fola atá i gceist le fáil amach an bhfuil antasubstaintí sa bhfuil a thabharfadh imdhíonacht don duine sin ar an ngalar

Shielding: Cosaint nó cumhdach. Molann lucht leighis d’aon duine nach bhfuil i mbarr na sláinte an víreas a sheachaint. Fanacht amach ó dhaoine agus ó áiteanna plódaithe faoi dhíon an chosaint is fearr

Social distancing: Scoitheadh sóisialta nó scoitheadh fisiciúil mar atá á mholadh ag an WHO anois, atá cumtha ag Tuairisc.ie d’uireasa aon téarma oifigiúil cé gur maith linn chomh maith an ‘dealú sóisialta’, ceann a chualamar ar Nuacht TG4. Bíonn scaradh sóisialta/fisiciúil ag mórán. Fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine atá i gceist go fóill ach tá éileamh ann é go laghdófaí go méadar amháin é

Solidarity: Comhar na gComharsan a bhí ag Cathal Mac Coille an tí seo ina cholún agus sin a bhí riamh ag na comharsana féin. Bíonn dlúthpháirtíocht ag daoine chomh maith agus sin atá ag Téarma.ie. Tá bráithreachas ann leis agus cá mbeimis dá uireasa? Is fada an lá an nath ‘ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’ mar chreideamh ag ár sinsir

Stockpiling: Stoc-charnadh. Tá carn aoiligh de pháipéar leithris i dtithe na tíre faoin tráth seo cé nach bhfuil an bhuinneach ar cheann de chomharthaí sóirt an ghalair seo

Supply Chain: Slabhra Soláthair – earraí á gcur ar fáil ó na táirgeoirí go dtí an siopa nó an t-ospidéal

Surge: Brúisc, maidhm, rabharta. Is mór i gceist an borradh seo ar líon na n-othar agus bhí na saineolaithe ag tuar go bhféadfadh an bhrúisc othar a dteastóidh dianchúram uathu tarlú idir an 10-14 Aibreán agus go mbeadh an córas leighis faoi bhrú damanta sa tír seo. Is chun an bhrúisc seo a sheachaint a tugadh isteach na srianta leis an ngalar a sháinniú agus deis a thabhairt don lucht leighis réiteach dó. Ceansaíodh an bhrúisc sin le srianta dochta agus dífhostú forleathan agus an dara brúisc an imní anois agus muid scaoilte amach faoin saol arís. Tástáil, teagmháil agus fan ar coraintín sa mbaile an leigheas

Unlocking: Díchuibhriú nó díghlasáil – ag scaoileadh na srianta de réir an phlean athoscailte don tír

Worried well: Buartha folláin. Is fearr glas ná amhras agus níl smaois, allas ná gnúsacht anois nach gcuireann scéin ionainn. Buartha folláin atá cuid mhaith daoine na laethanta seo agus sin dea-scéala

Worst Case Scenario: An scéal is measa, an mí-ádh mór. Sa chás is measa gheobhaidh daoine bás cheal cúram leighis agus b’fhearr a theacht roimhe agus aire a thabhairt dá chéile.

Fág freagra ar 'Seo agaibh Foclóir Beag Béarla-Gaeilge an Choróinvíris'

  • John Briderick

    An ùsáideach
    Mīle buíochas

  • Mairead de Faoite

    MÍLE BUIOCHAS

    MÁIREAD

  • Anthony Cummins

    GRMA

  • Cecily Ní Dhonnabháin

    GRMA as an teachtaireacht seo.

  • Eithne O'Connell

    Go maith ach ar phléigh na téarmaí leis an gCoiste Téarmaíochta sular cuireadh i gcló iad? Is chuige sin atá sí ann…