Joe Biden ar thairseach an Tí Bháin agus calaois á maíomh ag Trump

Tá cásanna dlí á dtionscnamh ag an Uachtarán Trump chun an comhaireamh a stopadh in Michigan agus Pennsylvania agus tá sé ag éileamh athchomhaireamh in Wisconsin

Joe Biden ar thairseach an Tí Bháin agus calaois á maíomh ag Trump

Tá Joe Biden ar thairseach an Tí Bháin agus é níos gaire don uachtaránacht agus gan fágtha le comhaireamh ach cúpla stát.

Tá 264 de na vótaí coláiste ag iarrthóir na nDaonlathach agus é i bhfoisceacht sé vóta don bhua.

Bhain Biden Michigan agus Wisconsin inniu agus d’éirigh le Donald Trump vóta amháin a fháil in Maine.

Tá an comhaireamh fós ar siúl in Nevada, stát a bhfuil 6 vóta coláiste le fáil ann, agus tá Biden chun cinn ansin.

Tá calaois á maíomh ag Donald Trump agus cé nár chuir sé aon fhianaise ar fáil, thug léirseoirí faoi na sráideanna ag tacú leis.

Tá cásanna dlí á dtionscnamh ag an Uachtarán Trump chun an comhaireamh a stopadh in Michigan agus Pennsylvania agus tá sé ag éileamh athchomhaireamh in Wisconsin.

Agus an comhaireamh ag dul ar aghaidh go mall, bhí Joe Biden ag bogadh chun cinn in Nevada agus an biseach a bhí ag Trump in Georgia agus Pennsylvania ag laghdú. Chuir Trump lena vóta in Arizona mar a raibh Biden chun cinn.

Teastaíonn 53 vóta coláiste eile ón Uachtarán Trump agus fágann sin go gcaithfeadh sé na ceithre stát atá fágtha a bhuachan, rud a thabharfadh 57 vóta dó. Tá 6 vóta ag Nevada , 15 vóta ag North Carolina, 16 vóta ag Georgia, and 20 vóta ag Pennsylvania.

Tá an teannas i measc an lucht tacaíochta ag géarú agus bhailigh thart ar 200 de lucht tacaíochta Trump taobh amuigh d’oifig vótála in Phoenix, Arizona. Bhí raidhfilí agus gunnaí láimhe ag cuid díobh. Scaip ráflaí gan bhunús nach raibh vótaí á gcomhaireamh agus go raibh calaois ar bun ag an gcomhaireamh in Michigan. Stop oifigigh thart ar 30 duine, Poblachtánaigh a bhformhór, ó dhul isteach san ionad comhairimh.  D’éiligh lucht léirsithe in aghaidh Trump go leanfaí leis an gcomhaireamh.

“Dea-scéala é scéal an lae inniu don leas-uachtarán ach caithfidh daoine a bheith foighneach agus suaimhneach. Tá an comhaireamh fós ar siúl agus glacfaidh sé tamall,” a dúirt Jen O’Malley Dillon, bainisteoir fheachtas Joe Biden ag preasócáid inniu.

Tá bua dó féin tuartha ag Joe Biden agus sheol sé láithreán gréasáin le tús a chur leis an aistriú sa Teach Bán i mí Eanáir ó na Poblachtanaigh go dtí na Daonlathaigh.

Is fada Trump ag iarraidh amhras a chothú ar an bpróiseas vótála, sa gcás go gcaillfeadh sé féin an toghchán.

Fág freagra ar 'Joe Biden ar thairseach an Tí Bháin agus calaois á maíomh ag Trump'

  • Damhlaic magShamhráin

    a dhaoine córa
    Direach agus mé a’léamh mo chóip sheanchaite den leabhar íontach
    “Cainnt an tSean-shaoghail” (Arland Ussher,1942)
    léim an abairt seo ós an leathán ” ó fear gan chéill iseadh é, gan smacht ar a theanga!”
    Nach eisean díreach Dónall Mháire Áine mhac Leoid nó Donald Trump
    mar is fearr aithne air?