‘Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sa Bhuiséad sula mbeidh sé ródhéanach í a shlánú’ – Sinn Féin

€25 milliún atá curtha ar leataobh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbuiséad malartach Shinn Féin agus €16 milliún don teanga atá á lorg ag Conradh na Gaeilge

‘Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sa Bhuiséad sula mbeidh sé ródhéanach í a shlánú’ – Sinn Féin

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur anois nó riamh é don teanga agus Buiséad 2021 ar tí a fhógartha.

“Ní mór dúinn an deis a thapú cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sula mbeidh sé ródheireanach í a shlánú.

Ní hamháin go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcruachás mar gheall ar theacht COVID-19 i mbliana, agus is cinnte go bhfuil dúshláin faoi leith ag baint leis sin don phobal teanga agus do cheantair Ghaeltachta, ach tá éagóir déanta ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcomparáid le hearnálacha eile le blianta fada anuas, rud atá ag déanamh dochair ó thaobh líon na ndaoine atá ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht,” a deir Aengus Ó Snodaigh.

Maíonn Sinn Féin go gcuirfí €25 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht dá mbeidís i mbun Bhuiséad an lae inniu.

Pacáiste €16 milliún don teanga atá á lorg ón Rialtas ag Conradh na Gaeilge don teanga i mBuiséad 2021.

€6 milliún atá á lorg ag an gConradh d’Údarás na Gaeltachta do chruthú fostaíochta agus don phleanáil teanga agus €4.5 milliún atá á lorg d’Fhoras na Gaeilge (chomh maith le €1.5 milliún ó Roinn Pobal an Tuaiscirt). Tá €5 milliún breise á lorg ag Conradh na Gaeilge do TG4.

€12.5 milliún atá curtha ar leataobh d’Údarás na Gaeltachta i mbuiséad malartach Shinn Féin. €7 milliún a thabharfaí don eagraíocht Ghaeltachta mar chiste caipitil agus €4 milliún breise a thabharfaí dóibh le caitheamh ar an bpleanáil teanga. Deir Sinn Féin go gcuirfidís €1 milliún ar fáil chun tacú le hionaid phobail sa Ghaeltacht a chaill amach ar mhaoiniú i mbliana toisc gur cuireadh na cúrsaí sna coláistí samhraidh ar ceal. Chuirfeadh an páirtí €500,000  ar fáil d’fheachtas ‘Obair sa Bhaile’ le daoine ón nGaeltacht a spreagadh chun fanacht ina gceantair dhúchais agus “pobal níos bríomhaire” a chothú sa Ghaeltacht.

Dá mbeadh Sinn Féin i bhfeighil an státchiste chuirfí €3.75 milliún ar fáil d’Fhoras na Gaeilge (€5 milliún a bheadh ann nuair a chuirfí maoiniú an Tuaiscirt san áireamh). Deir Sinn Féin go gcaithfí €2 milliún den airgead sin ar an bpleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus chuirfí €1.5 milliún de ar fáil do na sé cheanneagraíocht Ghaeilge.

Chaithfí €800,000 d’airgead Fhoras na Gaeilge i mbuiséad malartach Shinn Féin ar scoláireachtaí agus scéimeanna ar mhaithe le daoine a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim. Chuirfeadh Sinn Féin €500,000 breise ar leataobh do na meáin Ghaeilge a ndéanann Foras na Gaeilge maoiniú orthu, Tuairisc.ie, nós.ie agus Comhar.

Chuirfeadh Sinn Féin €6 milliún breise ar fáil do TG4 agus €500,000 ar fáil do Raidió Rí Rá.

Maíonn an páirtí go gcuirfidís €1.25 milliún breise ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge a bhíonn á reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus á mhaoiniú ag Roinn na Gaeltachta.

Chaithfí €200,000 chun tús a chur le plean Shinn Féin oifigigh Ghaeilge a fhostú sna húdaráis áitiúla go léir sa Tuaisceart.

Fág freagra ar '‘Caithfear cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sa Bhuiséad sula mbeidh sé ródhéanach í a shlánú’ – Sinn Féin'