‘Údar misnigh’ i dtuairisc faoi phlean an Rialtais don Ghaeilge – Catherine Martin

Tá an chéad athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge seolta ag airí na Gaeltachta

‘Údar misnigh’ i dtuairisc faoi phlean an Rialtais don Ghaeilge – Catherine Martin

Tá an chéad tuairisc bhliantúil faoi Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge foilsithe.

De réir na tuairisce, den 185 gníomh sa Phlean, bhí 31 díobh le déanamh in 2018-2019. Deirtear go bhfuil 17 acu curtha i gcrích, go bhfuil 10 acu ‘idir lámha’ agus go bhfuil moill le ceithre cinn.

Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin gur “údar misnigh” a bhí sa tuairisc.

Coiste Stiúrtha faoi chathaoirleacht Roinn na Gaeltachta féin a dhéanann maoirseacht ar dhul chun cinn an phlean. Tá cúigear ón Roinn ar an gcoiste chomh maith le duine amháin ón Roinn Oideachais, an Roinn Caiteachais Phoiblí, an Roinn Leanaí, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Baineann an t-athbhreithniú ar dhul chun cinn an phlean sa tréimhse idir Meitheamh 2018 agus Meitheamh 2019 agus thug Roinn na Gaeltachta le fios gur cuireadh moill ar a fhoilsiú de bharr na paindéime.

I measc na mbuaicphointí a luann Roinn na Gaeltachta le tréimhse na tuairisce, tá ceapachán 12 oifigeach pleanála teanga, tús a bheith curtha leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, moil dhigiteacha Údarás na Gaeltachta agus rath an chúrsa oscailte ‘Fáilte ar Líne’.

Luaitear chomh maith na deiseanna fostaíochta a cruthaíodh d’aistritheoirí Gaeilge san AE agus digitiú Rialacha na nUaschúirteanna a cuireadh ar fáil ar www.gaois.ie.

Deirtear go bhfuil moill le ceithre bheart: bunú scáthghrúpa do lucht pleanála teanga; bunú chóras na gcaighdeán atá ag brath ar achtú an bhille teanga; seoladh aip Ghaeilge do leanaí ó RTÉ; agus forbairt ar an tionscadail Róbóglór.

Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin gur léir ó thuairisc a Roinne go bhfuil “dul chun cinn suntasach” á dhéanamh maidir leis an bplean agus leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar a bhfuil sé bunaithe.

Dúirt an tAire Martin gur “údar sásaimh agus misnigh” é “an oiread dul chun cinn atá déanta ag an mbreis agus 60 páirtí leasmhar atá freagrach as feidhmiú an Phlean Gníomhaíochta”.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers “go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú” sa tuairisc agus luaigh sé go háirithe cúrsaí pleanála teanga.

Tá sé i gceist go bhfoilseofaí an dara tuairisc ar dhul chun cinn an phlean “go luath” in 2021. Bainfidh an tuairisc sin leis an tréimhse idir Iúil 2019 agus Nollaig 2020.

Fág freagra ar '‘Údar misnigh’ i dtuairisc faoi phlean an Rialtais don Ghaeilge – Catherine Martin'