Dhá ainm Gaeilge i measc na n-ainmneacha a thabharfar ar stoirmeacha 2020-21

I gcomhar le chéile a roghnaíonn Met Éireann, Oifig Met na Breataine agus Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre ainmneacha ar stoirmeacha agus tá cinn 2020/2021 fógartha acu

Dhá ainm Gaeilge i measc na n-ainmneacha a thabharfar ar stoirmeacha 2020-21

D’fhéadfadh go mbeadh ainmneacha Gaelacha ar na stoirmeacha a thiocfaidh go hÉirinn an bhliain seo chugainn.

I gcomhar lena chéile a shocraíonn Met Éireann, Oifig Met na Breataine agus Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre liosta na n-ainmneacha do stoirmeacha agus tá cinn 2020/2021 fógartha inniu acu.

Oscar agus Saidhbhín an dá ainm Gaeilge atá ar liosta nua na stoirmeacha agus tá dhá ainm eile ar an liosta a bhféadfadh fréamhacha Gaeilge a bheith acu, Aiden (ó Aodhán) agus Darcy (ó dhorcha).

Má bhíonn de mhí-ádh orainn go dtiocfaidh Oscar nó Saidbhín an bealach seo tá an-drochaimsir i ndán dúinn mar is in ord aibítre a thiocfaidh na stoirmeacha.

Bunaítear an liosta ar ainmneacha a mholann an pobal agus déantar iarracht ainmneacha a roghnú ar furasta do dhaoine ó thíortha eile iad a rá go cruinn.

Is in 2015 a thosaigh Met Éireann agus Oifig Met na Breataine ag obair i dteannta a chéile ar liosta na n-ainmneacha a chur le chéile agus tháinig Institiúid Ríoga Meitéareolaíochta na hÍsiltíre isteach leo in 2019.

De réir mar a thagann stoirmeacha chun cinn, ainmnítear iad de réir na n-ainmneacha ar liosta na n-oifigí meitéareolaíochta ag tosú le hainm a thosaíonn le ‘A’.

Ní bhaintear úsáid as aon ainm a thosaíonn le Q, U, X, Y nó Z.

Má bhíonn stoirm a bhuaileann talamh in Éirinn ainmnithe ag tír éigin eile roimhe sin cloítear leis an ainm sin. Mar shampla, thug an Lárionad Náisiúnta Hairicíní i Meiriceá Ophelia agus Lorenzo ar stoirmeacha a bhuail Éire le blianta beaga anuas.

Tugtar ainm ar aon stoirm a mheastar a d’fhéadfadh a rian á fhágáil ar tír, nó ar ghaotha móra a n-eisítear foláireamh stádas ‘oráiste’ nó ‘dearg’ ina dtaobh.

Ainmneacha Stoirmeacha 2020-21

Aiden

Bella

Christoph

Darcy

Evert

Fleur

Gavin

Heulwen

Iain

Julia

Klaas

Lilah

Minne

Naia

Oscar

Phoebe

Ravi

Saidhbhín

Tobias

Veronica

Wilson

Fág freagra ar 'Dhá ainm Gaeilge i measc na n-ainmneacha a thabharfar ar stoirmeacha 2020-21'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Nach ainm breá gaelach é Iain, a bhalaich?!