Mearbhall faoi threoracha Covid-19 agus borradh faoin easaontas arís

Tá treoracha maidir le Covid-19 ina n-údar achrainn i gcónaí ó thuaidh

‘Ná taistil mura bhfuil do thuras riachtanach’. Sin í an chomhairle ar shuíomh Stormont maidir le Covid-19.

Tá sé sin soiléir go leor nach bhfuil?

Níos deireanaí sa bhfógra ó Stormont, áfach, tá liosta, suas le leathchéad de na tíortha gur féidir taisteal chucu gan coraintín 14 lá a bheith riachtanach ar fhilleadh abhaile.

Maíonn daoine a bhfuil dúil mhór acu i saoire thar lear go bhfuil an dá theachtaireacht sin ag teacht salach ar a chéile. Is minic a chloistear cáineadh faoi ‘dhoiléire’ na dtreoracha. Is iad gaiscígh na nguthán a ghlaonn ar chláracha raidió lena n-amhras faoin bpaindéim a fhógairt na daoine is minice a cheistíonn easpa soiléire. Más fíor scéal tá go leor acu ag triall ar an Spáinn agus ar an Iodáil, iad meáite de go bhfuil sé ceadaithe agus sábháilte.

Neosfaidh an aimsir cé chomh sábháilte is atá ach is fíor go bhfuil sé ceadaithe; nó b’fhéidir gur chirte a rá nach bhfuil sé coiscthe.

I bhfianaise a bhfuil de mhíshuaimhneas cothaithe le trí seachtaine mar gheall ar an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill agus Teachtaí Tionóil eile de chuid Shinn Féin a bheith ar shochraid chonspóideach an phoblachtánaí Bobby Storey ceapadh go mbeadh gach polaiteoir eile thar a bheith cúramach. Da bharr sin bhí iontas mór ar dhaoine nuair a dúirt urlabhraí sláinte an Alliance, an Teachta Paula Bradshaw, go raibh sí féin agus a muintir ag dul ar saoire chun na hIodáile an tseachtain seo.

Chosain sí an cinneadh ar Morning Ireland RTÉ. Uair an chloig ina dhiaidh sin chosain sí arís é ar Nolan Live, ar raidió Uladh an BBC nuair a mheabhraigh sí don láithreoir nach mbeadh dlí ar bith á shárú aici mar go raibh an Iodáil i measc na dtíortha a bhí ceadaithe. Dúirt sí gur chloígh sí féin is a teaghlach leis na rialacha go léir go dtí sin, go gcomhlíonfaidís rialacha na hIodáile nuair a bheidís ansin agus go ndéanfaidís gach rud a bheadh riachtanach ar fhilleadh abhaile dóibh. Bhí sí daingean ina rún.

Tá an Teachta Paula Bradshaw ar choiste sláinte Stormont a dhéanann monatóireacht ar chinntí an Aire. Tharraing a cinneadh rabharta ceisteanna agus cáineadh go leor. Roimh lár na maidine tháinig an fógra a bhí dosheachanta ó pháirtí an Alliance. Bhí an tsaoire ar ceal.

Ní dhearna an teachta aon agallamh eile ach d’eisigh sí tvuít ag rá nach raibh a turas riachtanach agus go gcloífeadh sí leis an treoir. Dúradh nár chuir éinne iallach uirthi a plean a athrú ach ní buíoch di a bhí roinnt dá comhghleacaithe.

Ní in Alliance amháin a bhí míshuaimhneas. Tá teannas idir Arlene Foster agus Michelle O’Neill de bharr a freastal ar shochraid Bobby Storey agus iad éirithe as na comh-phreasócáidí maidir leis an bpaindéim. Cé gur in éindí a bhuail siad leis an Taoiseach, níl an Chéad-Aire toilteanach seasamh leis an LeasChéad-Aire ag fógairt treoracha sláinte go dtí go bhfaighfear tuairisc na bpóilíní faoin tsochraid.

Cibé fada gearr a mhairfidh an doicheall sin bhí malairt cúrsaí á moladh ag an mbeirt bhan maidir le srianta taistil, é á thuar go mbeadh rogha idir cúrsa Londan agus moltaí Mary Lou McDonald ina húdar achrainn ag cruinniú an Fheidhmeannais amárach, Déardaoin.

Dúirt Michelle O’Neill gur mhór an chontúirt don tír seo taistealaithe as an mBreatain i ngeall ar chomh forleathan is atá Covid-19 ansin. Mhol Uachtarán Shinn Féin coraintín éigeantach cúpla lá ó shin agus ba chosúil go raibh O’Neill ag iarraidh bac a chur ar thaisteal ón mBreatain, nó dá éagmais sin, coraintín. Dúirt Arlene Foster go raibh sé tábhachtach an cúrsa céanna le rialtas na Breataine a leanúint agus nár theastaigh uaithi an socrú faoin gcomhlimistéar taistil a shárú fiú má bhí an Phoblacht toilteanach a theacht salach air.

Is deacair a mheas cén comhghéilleadh a bheadh inghlactha ag an dá thaobh san easaontas sin. Beidh réiteach soiléir á éileamh ag an bpobal. Ní dhéanfadh débhrí chruthaitheach an gnó; tá go leor daoine éirithe míchúramach agus caithfear éiginnteacht a sheachaint ionas nach mbainfear leas aisti mar leithscéal chun a dhul thar fóir.

Fág freagra ar 'Mearbhall faoi threoracha Covid-19 agus borradh faoin easaontas arís'