Tá deis anois ag Sinn Féin a chruthú go raibh an ceart ag Fianna Fáil a bheith imníoch fúthu

Braithfidh an rath a bheidh ar obair an rialtais seo i súile an phobail cuid mhaith ar obair Shinn Féin mar fhreasúra

Tá deis anois ag Sinn Féin a chruthú go raibh an ceart ag Fianna Fáil a bheith imníoch fúthu

Is iomaí uair a deirtear sa bpolaitíocht gur léargas maith ar rialtas an freasúra a bhíonn ina gcoinne. Má bhíonn an freasúra láidir agus éifeachtach cuireann sé brú ar an rialtas a bheith láidir agus éifeachtach. Bíonn an chuid is fearr de shuáilcí an rialtais follasach nuair a chaitheann siad an freasúra a fhreagairt.

Dfhill an pholaitíocht ar na gnáthnósanna an tseachtain seo ó tharla rialtas a bheith tofa agus chonaic muid Micheál Martin ag freagairt ceisteanna an Taoisigh den chéad uair. Chonaic muid freisin Mary Lou McDonald ag feidhmiú mar cheannaire ar an bpáirtí is mó freasúra sa Dáil agus ag ceistiú an Taoisigh.

Tá sé geallta ag Sinn Féin go mbeidh siad fíochmhar sa bhfreasúra. Céard a chiallaíonn sin?

Thug an t-olltoghchán léargas dúinn san earrach go bhfuil suim ag daoine sa teachtaireacht atá ag an bpáirtí. Más sna polasaithe féin nó na hathruithe de ghrá an athraithe a bhí suim, cá bhfios? Tá deis anois ag an bpáirtí nach raibh acu cheana, an teachtaireacht atá acu a chur i láthair an phobail agus leas polaitiúil a bhaint as.

Caithfidh siad a bheith cúramach nach bhfeictear go bhfuil siad ag cáineadh de ghrá a bheith ag cáineadh. Le bliain nó dhó is léir gur éist siad leis an tuairim go raibh an síorcháineadh agus an diúltachas ag déanamh dochair dóibh.

Teastaíonn ón bpobal malairt nó rogha a chloisteáil seachas cáineadh de ghrá can cháinte.

Caithfidh siad a chinntiú freisin go mbeidh an teachtaireacht a bhíonn acu tarraingteach don dream atá ag tacú leo cheana féin ach a bheith mealltach ionas go n-éireoidh leo sa sprioc atá acu – bheith i gcumhacht.

Mar gheall ar chúlra an pháirtí, an ceangal doshéanta le blianta na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann agus chomh hamhrasach agus atá na páirtithe eile sa Dáil fúthu beidh níos mó le déanamh acu lena soiscéal a chraobhscaoileadh.

Le seachtain anuas cheana féin tá scéal shochraid Bobby Storey agus ainmniú Paddy Holohan mar mhéara i mBaile Átha Cliath tar éis aird a tharraingt ar stair an pháirtí agus na botúin caidreamh poiblí a dhéanann siad.

Cé nach féidir a shéanadh go bhfuil urlabhraithe den scoth acu – Piaras Ó Dochartaigh, Louise O’Reilly, Eoin Ó Broin, Mary Lou McDonald í féin – ní raibh siad cheana sa gcaoi a bhfuil siad anois. Tá deis anois acu a chruthú gur féidir muinín a chur iontu. 

Tá rialtas againn a d’fhéadfadh a bheith slán go ceann bliana ach a bhféadfadh an tóin titim as seo go ceann dhá bhliain. 

Tá deis anois ag Sinn Féin a chruthú go raibh an ceart ag Fianna Fáil a bheith imníoch fúthu le cúpla bliain anuas.

Agus go bhfuil bunús le cinneadh Alan Kelly agus Leo Varadkar díriú orthu ina gcuid óráidí an lá ar toghadh Micheál Martin mar Thaoiseach. Braithfidh an rath a bheidh ar obair an rialtais seo i súile an phobail cuid mhaith ar obair Shinn Féin mar fhreasúra.

Fág freagra ar 'Tá deis anois ag Sinn Féin a chruthú go raibh an ceart ag Fianna Fáil a bheith imníoch fúthu'