Is ar éigean a chuimhnítear anois ar Bindon Blood Stoney ach d’fhág sé a rian ar Bhaile Átha Cliath

D’athraigh an ‘clog tumadóireachta’ a rinne fear as Uíbh Fhailí cathair Bhaile Átha Cliath ó bhun

Is ar éigean a chuimhnítear anois ar Bindon Blood Stoney ach d’fhág sé a rian ar Bhaile Átha Cliath

Cuid mhór den chuairt ar Nua-Eabhrac í an ‘tSiúlóid trasna an Droichid’- Droichead cáiliúil Brooklyn, ar ndóigh.

Scéal mór, scéal tragóideach, é an scéal faoina thógáil. Bíonn contúirtí ag baint go minic le tionscadail mhóra innealtóireachta den chineál sin – maraíodh 20 duine ar a laghad le linn na tógála sin i Nua-Eabhrac. Is cuimhin liom féin a bheith ag léamh na scríbhinní atá greanta ar na colúin arda agus bhí tagairtí ansin do na tumadóirí a chuir a mbeatha i mbaol ag obair faoi uisce.

Níos gaire do bhaile bhí tionscadal mór innealtóireachta dár gcuid féin againn san 19ú haois. Ar fud na tíre agus i Sasana, bhí an bonneagar ag feabhsú – iarnróid, bóithre, canálacha, droichid, calafoirt agus a leithéid á dtógáil. Bhí cáil go forleathan ar innealtóirí na haoise sin, Isambard Brunel, Alexander Nimmo agus a leithéidí.

Ach i gCalafort Bhaile Átha Cliath bhí constaicí móra rompu. Tá sé deacair a chreidiúint anois ach bhí longa móra ag teacht isteach go Baile Átha Cliath agus ag dul le cé in abhainn na Life féin – bhí Teach an Chustaim in lár an aicsin an uair úd. B’éigean dóibh fanacht ar an lán mara toisc go raibh ‘barra’ gainimh amach ón gcathair agus ar aon nós, ní raibh aon doimhneacht i mbéal na habhann féin.

Ní raibh na duganna, mar atá aithne againne orthu anois, ansin ag an am.

Nuair a cinneadh an calafort a dhoimhniú chun freastal ar na longa ollmhóra, bhí roinnt mhaith argóintí faoin mbealach ab fhearr lena dhéanamh. Tháinig fear óg chun cinn ag an am a d’athraigh an scéal ar fad. Go deimhin d’athraigh sé an calafort a bheag nó a mhór agus d’fhág a lorg air go dtí an lá inniu.

Tá go leor cainte faoi dhealbha agus faoi chuimhneacháin staire na laethanta seo. Ach ní fhaca mé aon dealbh ariamh dó ná níor chuala mé aon trácht ariamh ar Bindon Blood Stoney (1828-1909).

Ag siúl síos na cé ar an taobh ó dheas den Life a bhí mé nuair a chonaic mé an clog mór iarainn. Agus mé á scrúdú, fuair mé amach gur féidir siúl isteach ‘faoin’ gclog. Agus ba ansin a fuair mé amach faoi fhear Uíbh Fhailí, Stoney.

Chuimhnigh mé ar Dhroichead Brooklyn ar an toirt. B’in an uair dheireanach a bhfaca mé scéalta faoi obair thógála faoin uisce a bhí contúirteach agus ceannródaíoch ag an am céanna. Agus cé go raibh Droichead Brooklyn i Nua-Eabhrac i bhfad níos mó agus na fir ag obair in uisce a bhí níos doimhne, an modh céanna a d’úsáid siad agus iad ag obair faoin uisce.

Droichead Brooklyn

D’éirigh le fear Uíbh Fhailí a phlean a chur chun cinn, toisc go raibh an chuma air go mbeadh sé níos saoire agus níos sciobtha ná aon phlean eile. Bhí ‘urlár’ na habhann le leibhéalú i dtosach sula gcuirfí le balla na cé. Ach cén chaoi a bhféadfaí sin a dhéanamh gan cuid den abhann a dhraenáil i dtosach?

Mhol Bindon Blood Stoney go dtógfaí ‘clog’ tumadóireachta ina bhféadfadh scata fear dul ag obair ar feadh roinnt uaireanta a chloig ag leibhéalú agus ag tochailt ar ghrinneall na habhann. Ní hé amháin gur dhear sé an cineál cloig a d’úsáidfí, ach dhear sé na blocanna móra coincréite a d’úsáidfí sa mballa. Agus dhear sé freisin an crann tógála speisialta a leagfadh síos in áit iad.

Bhí smaointe agus samhlaíocht an innealtóra as Contae Uíbh Fhailí i bhfad chun cinn ar innealtóirí eile. Deirtear go raibh an clog i mBaile Átha Cliath ar an gclog ba mhó sa domhan nuair a tógadh é in 1865. Chinn sé blocanna móra coincréite a dhéanamh chun bonn a chur faoi bhalla nua na cé. Bhíodar ar meán, 27 x 21 x 12 troigh – tuairim is seacht n-uaire ní ba mhó ná aon bhloc coincréite eile a bhí in úsáid ag an am.

Agus d’oibrigh siad go sciobtha freisin. Críochnaíodh an clog féin in 1866. Tógadh an chéad bhloc mór coincréite in 1871. Agus creid é nó ná creid, faoin mbliain 1883, bhí an long ba mhó ar domhan – an SS Great Eastern (a dhear Isambard Brunel) in ann teacht le cé i mBaile Átha Cliath. Tháinig innealtóirí ó thíortha ar fud an domhain le breathnú ar an obair.

In 1885, thug prionsa agus banphrionsa as Sasana cuairt ar an gcalafort agus ina honóir, baisteadh Princess Alexandra Basin ar an duga nua domhain. Bhí coinníollacha oibre an-dian ag an am. Ní raibh ach seisear sa turas in ann seal oibre a dhéanamh sa chlog.

Bhí gléas ann le haer úr a scaoileadh isteach anois is arís agus bhí bealach acu freisin le béilí agus tae a sheachadadh ag an bhfoireann oibre.

Ach fós féin, bhíodar ag obair faoi bhrú agus ní fhéadfadh duine a raibh tinneas cinn ná slaghdán air dul síos faoin uisce ann. Tharla drochthimpistí i nDroichead Brooklyn – níor tháinig na hinnealtóirí féin slán as. Ach bhí sé le rá faoin bhfoireann oibre i mBaile Átha Cliath nár gortaíodh nó nár maraíodh aon duine de bharr na hoibre crua ansin.

Agus thug Bindon Blood Stoney aire mhaith dá chuid oibrithe – chinntigh sé go mbeadh pinsean agus cearta eile acu tar éis a saothair.

D’athraigh an obair a rinne sé cathair Bhaile Átha Cliath ó bhun. Sa lá inniu tagann suas is anuas le dhá mhilliún paisinéir tríd an gcalafort. Tríd an gcalafort anseo a théann an chuid is mó den lastas isteach is amach as an tír. Ní tharlódh sin murach an obair mhór a rinneadh sa 19ú haois.

Agus ag deireadh an lae – nuair a bhí an t-uisce in íochtar an chloig ag sileadh amach as, bhíodh corr-iasc ansin le tabhairt abhaile le haghaidh an tae.

Chinntigh fear amháin a bhí lárnach i saol na bádóireachta agus i saol na nduganna sa Rinn i mBaile Átha Cliath nach gcaithfí amach an clog ag deireadh a ré.

Bhí an saor bád Joe Murphy ar an duine deireanach a d’oibrigh sa chlog tumadóireachta. Chinntigh seisean go ndéanfaí athchóiriú air in 1989 agus go socrófaí in áit é, go bhfeicfeadh na glúnta a tháinig ina dhiaidh é.

‘Seandálaíocht thionsclaíoch’ a thugtar ar thaispeántas dá leithéid. Bímis buíoch do Joe agus dá chomrádaithe – tá súil agam go raibh neart béilí éisc acu ag dul abhaile óna gcuid oibre sa gclog.

Fág freagra ar 'Is ar éigean a chuimhnítear anois ar Bindon Blood Stoney ach d’fhág sé a rian ar Bhaile Átha Cliath'

  • Emer

    Sár scéal anseo. Níor mhiste an t-eolas ar leacht in aice láimhe…mhaes mise ag gabháil thairis gur fagadh ann é le linn na7óidí toisc nach raibh éinne in ann é bhogadh!