‘An dóchas tógálach’ agus dlús le hathoscailt na tíre fógartha

D’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna go bhfuil ‘an chuid is mó’ de na srianta a bhí le scaoileadh ar an 20 Iúil le scaoileadh ag deireadh na míosa seo

‘An dóchas tógálach’ agus dlús le hathoscailt na tíre fógartha

Tá fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil dlús á chur arís le scaoileadh na srianta dianghlasála agus “an chuid is mó” de na srianta a bhí le scaoileadh ar an 20 Iúil le scaoileadh ag deireadh na míosa seo.

“Mar thír, thángamar tríd an ngéarchéim seo gan ligean don éadóchas muid a chloí. Bhí spiorad seo an dóchais tógálach agus sin a thug anseo muid – muid réidh le hathoscailt níos túisce ná a bhí sa bplean,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Faoi na hathruithe is déanaí ar an bplean díchuibhrithe, beidh cead ag gruaigeadóirí agus bearbóirí oscailt agus beidh cead ag suas le 50 duine cruinniú le chéile taobh istigh nuair a dhéanfar an chéad mhaolú eile ar an srianta ar an 29 Meitheamh.

Ón 2o Iúil beidh cead ag grúpaí suas le 100 duine teacht le chéile in ionad amháin.

Ón 29 Meitheamh beidh cead ag 200 duine cruinniú le chéile ag imeachtaí faoin aer agus ardófar sin go 500 duine ón 20 Iúil.

Beidh cead ag gach spórt tabhairt faoi chomórtais arís ón 29 Meitheamh.

Ar an 29 Meitheamh, cuirfear tús arís le sraithchomórtais foirne do dhaoine fásta agus do pháistí, spóirt ina mbíonn gartheagmháil ag imreoirí le chéile, chomh maith le himeachtaí spóirt ag a mbeidh lucht féachana an-teoranta i láthair.

Beidh cead chomh maith ag séipéil, amharclanna, pictiúrlanna, ionaid aclaíochta agus sciamheolaithe a athoscailt ar an 29 Meitheamh.

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael cheana féin go bhfuil rún acu tús a chur le cluichí clubanna ón 31 Iúil ach d’fhéadfadh go dtosófaí ar thraenáil ina dteagmhaíonn imreoirí le chéile níos túisce ná mar a bhí socraithe.

Cé gur mhol NPHET don Rialtas go gceadófaí do dhaoine taisteal chuig na hoileáin ón 29 Meitheamh, chuir an Seanadóir Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta, i gcoinne an mholaidh sin. Pléifear an scéal arís an tseachtain seo chugainn. Dúirt Seán Kyne gur mhol sé féin don Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go mbeadh cead ag daoine de bhunadh an oileáin agus daoine a bhfuil tithe saoire acu ar na hoileáin dul chucu ar an 29 Meitheamh ach nach mbeadh an cead sin ag turasóirí go dtí an 20 Iúil.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur diúltaíodh don mholadh sin.

Thug an Rialtas a mbeannacht do na bearta maolaithe nua seo inniu.

Dúirt Leo Varadkar go raibh an cinneadh an plean díchuibhrithe a athrú ó bhonn bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Chaithfí cloí i gcónaí, a dúirt sé, leis na beartais a raibh ár leas déanta acu go n-uige seo, an scoitheadh sóisialta, an níochán lámh agus an féinleithlisiú.

Dúirt an Taoiseach gurb é iompar pearsanta an duine a choinneoidh an galar seo faoi chois amach anseo.

Dúirt sé  go raibh téarmaí agus coinníollacha ag baint leis an maolú a d’fhógair sé ar na srianta inniu agus mhol sé go gcuimhneodh daoine ar an bhfocal DATE chun an dea-iompar pearsanta a mheabhrú dóibh féin.

Mar seo a mhínigh sé an méid sin.

Distance: fan dhá mhéadar ó dhaoine eile i gcónaí más féidir ar chor ar bith é.

Activity: Nigh do lámha agus caith masc aghaidhe in áiteanna nach féidir leat an scaradh sóisialta a chinntiú.

Time: Dá mhéad ama a chaitheann tú le duine is mó an chontúirt go dtolgfaidh tú an víreas.

Environment: Is mó an chontúirt a bhíonn in áit nach bhfuil aeráil mhaith ann – an bhfuil tú laistigh nó amuigh faoin aer?

“Ní dhéanfaimid dearmad go deo ar a bhfuil caillte againn, a bhfuil foghlamtha againn agus a bhfuil bainte amach againn,” a deir an Taoiseach.

Fág freagra ar '‘An dóchas tógálach’ agus dlús le hathoscailt na tíre fógartha'