55% a chreideann gur amach romhainn atá an chuid is measa den ghalar

Sa phobalbhreith is déanaí ón Roinn Sláinte léirítear go bhfuil imní ar mhórán daoine faoi láthair ach go bhfuil 46% ag baint aoibhneas as an saol agus 36% sona

55% a chreideann gur amach romhainn atá an chuid is measa den ghalar

Léiríonn taighde a rinneadh don Roinn Sláinte go bhfuil níos mó  daoine anois ag ceapadh go bhfuil an chuid is measa den phaindéim againn faoi láthair.

An 16 Márta 11% den phobal a bhí den tuairim sin ach tá 37% den phobal anois a cheapann amhlaidh.

Os cionn leath den phobal 55% a chreideann gur amach romhainn atá an chuid is measa den ghalar seo sa tír. 

Tá suirbhé ionadaíoch náisiúnta ar 1,270 duine dhéanamh dhá uair sa tseachtain ag an Roinn Sláinte agus de réir na dtorthaí is déanaí:

  • Tá níos mó daoine ag cloí le comhairle lucht sláinte faoi na lámha a níochán (94%) agus díghalrán a úsáid (81%)
  • Is amhlaidh atá titim tagtha ar an líon daoine a shuíonn píosa amach ó dhaoine eile (59%) ach ceaptar gur toisc gur sa mbaile is mó atá daoine na laethanta seo is cúis leis sin
  • Tá formhór na ndaoine ag fanacht sa mbaile anois seachas a ghabháil amach, ardú ó 78% ar an 16 Márta go 90% faoi láthair
  • Cé gur léiríodh sa suirbhé go raibh imní (43%) agus buairt (38%) ar sciar suntasach den phobal, malairt scéil a bhí ag an líon céanna den phobal. Dúirt 46% go raibh siad ag baint aoibhneas as an saol agus dúirt 36% go raibh siad sona.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr. Tony Holohan gur “chloch mhíle i scéal Covid-19 in Éirinn” ab ea an lá inné mar go bhfuil os cionn 10,000 cás den ghalar deimhnithe sa tír.

“Léiríonn an líon cásanna de Covid-19 sa bpobal cén fáth gur gá leanúint leis na bearta sláinte phoiblí atá i bhfeidhm. Tuigim go maith go bhfuil na srianta seo dian, go háirithe ag deireadh seachtaine saoire bhainc nuair a bheadh ár bhformhór ag bualadh le teaghlaigh agus cairde, ach iarraim ar an bpobal coinneáil leis an obair agus cloí leis na treoirlínte sin.

“Beidh na chéad trí seachtaine seo chugainn thar a bheith tábhachtach maidir le smachtú an ghalair sa tír seo agus má oibrímid i dteannta a chéile, is fearr an seans a bheidh againn an scaipeadh a mhoilliú agus beatha daoine a shábháil.”

Fág freagra ar '55% a chreideann gur amach romhainn atá an chuid is measa den ghalar'