Cás an fhir mhairbh ar an raon rothar

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: chuir eachtra bhrónach ár gcolúnaí ag smaoineamh faoi chúrsaí peirspictíochta

Cás an fhir mhairbh ar an raon rothar

Nuair a chuaigh mé amach ag rothaíocht an lá cheana chonaic mé fear sráide uaim. Bhí sé ina shuí ar an gcosán le taobh an raon rothar agus bhí drochbhail air, an chuma air go raibh sé ar tí titim i laige.

B’iomaí smaoineamh a chuaigh trí m’aigne in achar soicind: an luas a bhí fúm féin, m’aineolas ar chóireáil gharchabhrach, an seans nach raibh ann ach go raibh an fear ólta, agus, thar aon rud eile, an chomhairle atá á tabhairt dúinn i láthair na huaire fanacht méadar go leith ó aon duine eile.

Choinnigh mé orm, ar aghaidh chuig teach solais Itapoã, ceann de na radharcanna is deise in Salvador, an chathair sa Bhrasaíl mar a bhfuil cónaí orm, d’fhonn dearmad a dhéanamh, ar feadh seala, ar ráig an chorónvíris.

Nuair a d’fhill mé ón teach solais leathuair an chloig ina dhiaidh sin bhí an fear sráide ina luí i lár an raon rothar agus bhí an chosúlacht air go raibh sé marbh.

Tharla gur tháinig scuadcharr de chuid na bpóilíní míleata ar an láthair ag an am ceannann céanna. Sheas triúr póilíní amach as an gcarr. Ní raibh masc chosanta ar a n-aghaidh agus bhí scéin ina súile. Labhair siad leis an bhfear sráide ach níor leag lámh air. Ní raibh gíog ná míog as an bhfear sráide agus níor chorraigh sé.

Sheas na póilíní ar an gcosán, méadar nó dhó ón bhfear, a ngunnaí uathoibríocha dírithe ar an talamh. Mhínigh mise dóibh go bhfaca mé an fear ina bheatha, ach drochbhail air, leathuair an chloig roimhe sin.

Rinne duine acu glaoch gutháin. D’fhan muid inár seasamh ansin, achar cúig mhéadar nó mar sin idir mé féin agus iad.

Tar éis tamaill, thug mé faoi deara go raibh an drochshúil á tabhairt ag daoine a bhí ag dul an bealach do na póilíní.

Tá droch-cháil ar phóilíní na Brasaíle agus gan dabht, bhí droch-chuma ar an tableau seo.

Ach bhí scéal á dhéanamh dá mbarúil ag na daoine siúd a cheap, de réir dealraimh, go raibh na póilíní tar éis an fear sráide a mharú. Níorbh é sin a tharla sa chás seo agus ba agamsa a bhí an cruthúnas.

Ach rith sé liom ina dhiaidh sin go raibh scéal á dhéanamh de mo bharúil agam féin freisin agus, de réir cosúlachta, ag na póilíní. Tá an saol mór faoi gheasa ag an gcoróinvíreas agus luíonn sé le réasún go gceapfaimis gurb é an Covid-19 ba chúis le bás an fhir bhoicht – ach ní raibh aon chruthúnas againn gurbh é sin a tharla dáiríre. Is iomaí cúis a d’fhéadfadh a bheith lena bhás.

Dá thruamhéalaí an cás – agus creid uaim nach bhfuilim go hiomlán ar mo shuaimhneas leis an úsáid atá á baint agam as an eachtra seo do cholún – thug sé ábhar machnaimh dom mar scríbhneoir.

Sa chéad dul síos, léirigh an chaoi ar bhain daoine éagsúla brí éagsúil as an radharc ceannann céanna dom arís eile nach féidir talamh slán a dhéanamh de riamh go mbainfidh chuile léitheoir an bhrí chéanna as scéal.

Sa dara dul síos, léirigh an cás an tábhacht ollmhór a bhaineann leis an bpointe féachana, nó an pheirspictíocht, agus scéal á insint.

Bheadh scéal iomlán éagsúil ag chuile dhuine a bhí ar an raon rothar úd an tráthnóna sin agus bheadh chuile scéal acu chomh bailí céanna.

Scéal faoi dhroch-choinníollacha oibre a bheadh ag duine na póilíní, seans: faitíos air go dtolgfadh sé Covid-19 toisc nár cuireadh masc cosanta ar fáil dó agus go dtolgfadh a bhean chéile agus a chlann, atá ag fanacht air sa bhaile, an galar uaidh.

Chuile sheans go spreagfadh an radharc céanna scéal faoi fhoréigean na bpóilíní dá n-inseofaí an scéal trí shúile dhuine de na daoine a bhí ag dul an bealach.

Scéal faoin aiféala a bhí orm nár chuir mé glaoch ar otharcharr nuair a bhí an fear sráide fós ina bheatha a bheadh agamsa.

Cén scéal a d’inseodh an fear sráide féin?

Suaimhneas síoraí dá anam.

Fág freagra ar 'Cás an fhir mhairbh ar an raon rothar'