Boris Johnson curtha in aonad dianchúraim san ospidéal

Tugadh Príomh-Aire na Breataine, atá 55 bliain d’aois, chun an ospidéil Dé Domhnaigh toisc go raibh sé fós ag fulaingt siomptóim Covid-19 i ndiaidh dó seachtain a thabhairt á leithlisiú féin i Sráid Downing

Boris Johnson curtha in aonad dianchúraim san ospidéal

Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson aistrithe go dtí aonad dianchúraim san ospidéal toisc go ndeachaigh na siomptóim atá air de thoradh an choróinvíris in olcas inniu.

Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing gur aistríodh an Príomh-Aire ar chomhairle a dhochtúirí agus go raibh “aire iontach” á tabhairt dó.

An rúnaí gnóthaí eachtracha Dominic Raab atá i mbun chúraimí an Phríomh-Aire “de réir mar is gá”.

Tugadh Príomh-Aire na Breataine, atá 55 bliain d’aois, chun an ospidéil Dé Domhnaigh toisc go raibh sé fós ag fulaingt siomptóim Covid-19 i ndiaidh dó seachtain a thabhairt á leithlisiú féin i Sráid Downing.

Dúradh níos túisce inniu gur go “compordach” a chaith Johnson an oíche aréir san ospidéal, go raibh “spion maith” air agus go raibh sé fós ag déanamh a chuid oibre mar  cheannaire an rialtais. Choimeádfaí san ospidéal é chun súil a choimeád air, a dúradh.

Ach b’amhlaidh gur in olcas a chuaigh siomptóim Johson i gcaitheamh an lae agus aistríodh go dtí an t-aonad dianchúraim é thart ar 7pm tráthnóna.

Ghuigh polaiteoirí ar gach taobh gach rath air.

Fág freagra ar 'Boris Johnson curtha in aonad dianchúraim san ospidéal'