‘An chéad chéim ar aistear fada achrannach’ – cumhachtaí móra nua don Stát pléite sa Dáil

Is ionann an reachtaíocht éigeandála atá á plé sa Dáil inniu agus ‘an chéad chéim ar aistear fada achrannach’, a dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl

‘An chéad chéim ar aistear fada achrannach’ – cumhachtaí móra nua don Stát pléite sa Dáil

Rinneadh an Dáil a ghairm inniu chun reachtaíocht éigeandála a rith faoi dheifir a thabharfadh cumhachtaí móra don Rialtas ina chuid iarrachtaí in éadan ghéarchéim an choróinvíris.

Bheadh na cumhachtaí seo i bhfeidhm go dtí an 9 Samhain agus a chead ag an Aire Sláinte síneadh a chur leo más gá.

Cuirfidh an reachtaíocht seo ar chumas an stáit ordú a thabhairt do dhaoine fanacht ina dtithe agus daoine a mheastar an víreas a bheith tolgtha acu a chur faoi choinneáil má dhiúltaíonn siad leithlisiú a dhéanamh orthu féin ar ordú dochtúra.

Faoin reachtaíocht d’fhéadfaí cosc a chur ar imeachtaí agus cruinnithe ar léir go gcuirfidís sláinte an phobail i mbaol agus d’fhéadfaí ordú dianghlasála a dhéanamh i gcás réigiúin iomlána.

I measc na mbeartas, beidh liúntas tacaíochta ioncaim ar fail do dhaoine a fhaigheann diagnóis go bhfuil Covid-19 tolgtha acu nó go bhfuil orthu leithlisiú a dhéanamh orthu féin.

Thabharfadh an reachtaíocht an chumhacht do na húdaráis a chinntiú go gcloífidh daoine le rialacha an scoitheadh sóisialta.

Tá 86 leasú ar reachtaíocht éigeandála an Rialtais in éadan an Covid-19 á gcur chun cinn ag polaiteoirí an fhreasúra.

Tá imní léirithe ag roinnt daoine go gcuirfidh an reachtaíocht srianta nua ar shaoirsí sibhialta.

Faoin reachtaíocht nua féadfar chomh maith sochar €203 sa tseachtain a íoc ar feadh sé seachtaine le daoine a chaill a bpostanna de bharr na géarchéime eacnamaíochta atá sa tír faoi láthair de bharr na paindéime. Tá an beartas seo fógartha cheana agus 58,000 iarratas déanta ar an íocaíocht speisialta go dtí seo.

Chuir Pobal Seachas Brabús, Fianna Fáil agus Sinn Féin leasuithe faoi bhráid na Dála ag moladh go n-ardófaí an sochar sin, mar go ndeir siad nach leor é.

Dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl go rabhtahas ag teacht le chéile tráthnóna inniu agus “géarchéim mhór dár dtír ann”.

Bhí na Teachtaí Dála, a dúirt sé, ag teacht le chéile le díospóireacht a dhéanamh daoine “ar crith ar fad agus an anáil bainte dínn ag imeachtaí na laethanta agus na seachtainí deireanacha seo”.

Ag tús na géarchéime a bhí muid agus “is mó dólás agus éigeandáil a thabharfaidh cuairt ar ár gcuid bailte, ceantar agus pobal”.

Caithfidh gur ag an chiall cheannaithe a bheadh an bua, ach is ar lucht na Dála a bhí sé an dea-shampla a léiriú, a dúirt Seán Ó Fearghaíl. B’ionann an reachtaíocht seo “agus an chéad chéim ar aistear fada achrannach,” a dúirt sé.

Tionól neamhghnách a bhí sa Dáil inniu, mar ar iarradh ar 30% ar fad den 160 TD a bheith i láthair, 11 Teachta Dála ón Rialtas, 11 ó Fhianna Fáil agus 11 ó Shinn Féin san áireamh. Bhí cuireadh ag ceathrar Teachtaí Dála ón Chomhaontas Glas; triúr ón Ghrúpa Réigiúnach Neamhspleách agus beirt ó na páirtithe agus grúpaí eile. Iarradh ar Theachtaí Dála fad cuí a choinneáil óna chéile.

Mhol na Teachtaí Dála na hoibrithe sláinte a bhí sa bhearna bhaoil agus iad ag obair de ló agus d’oíche le deimhniú de go mbeadh an córas sláinte in ann déileáil le hothair a raibh Covid-19 orthu.

Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris, go raibh cúram ar cheannairí polaitíochta dul i ngleic leis an phaindéim. Bhí ról tábhachtach acu freisin, a dúirt sé, chun dúshláin mheabhairshláinte an ghalair a thabhairt agus an imní a bhí ar dhaoine aonair agus ar an phobal ar bhonn náisiúnta.

Dúirt an tAire go raibh Covid-19 ag imirt tionchair as cuimse ar an tsochaí agus an saol curtha bun os cionn aige ar bhealach nár tharla cheana. Dúirt sé go gcuirfeadh an Stát tástáil ar 15,000 duine sa lá don víreas.

Dúirt urlabhraí sláinte Fhianna Fáil, Stephen Donnelly, gur uimhir ollmhór a bhí sa 10,000 cás de Covid-19 atá á thuar faoi dheireadh mhí an Mhárta agus gurbh ionann í agus an uimhir a bheadh ann murach na bearta a rinneadh go dtí seo.

Thiocfadh leis an Stát borradh na gcás a laghdú ó 30 faoin gcéad go dtí 20 faoin gcéad agus, dá bharr sin, bhí Fianna Fáil ag tacú leis an reachtaíocht éigeandála.

Fág freagra ar '‘An chéad chéim ar aistear fada achrannach’ – cumhachtaí móra nua don Stát pléite sa Dáil'