Bhí ‘cothromacan síne na haimsire’ ar cheann de na sean-nathanna sin a deirtí le foighid a chur ionam i m’óige agus mé ag sciolladh ar an duartan síoraí sin a roinneann an tAtlantach go fial linn anseo san Iarthar. Is minic an tsean-anailís aimsire sin i mo chloigeann le roinnt seachtainí agus é ina dhoineann sna bólaí seo agus mé ag iarraidh misneach a thabhairt dom féin. Ní call a rá ach go mbeadh an cat crochta ceart duit dá mbeifeá ag cáineadh na haimsire agus gan an t-aguisín cuibhiúil a chur leis ‘agus ní ag ceasacht ar Dhia é’.
Agus mé ag póirseáil liom i mBailiúchán na Scol, fuair mé roinnt comhairle maidir le cúrsaí aimsire an Mhárta. Is léir gur thuig siadsan freisin nach bhfuil aon bheann ag an aimsir orainne:
‘Ná creid Fionn is ná creid Fiach
Is ná creid briathartha mná
Mar más moch mall a éireos an ghrian
Is mar is toil le Dia a bheas an lá.’
Ormsa a bhí an t-aiféala faoin spleodar a chuir an cúpla lá breá a bhí againn i dtús na bliana orm nuair a léigh mé an fhainic seo, go háirithe agus an dá shúil bainte asam aréir ag moghlaeir de chlocha sneachta:
‘Má thagann an ga gréine roimh Lá Fhéile Bríde
Tiocfaidh an sneachta i bhfad roimh an nGeimhreadh.’
Lig Bríd féin síos muid i mbliana mar nár gheall Muire na nGael dúinn go mbeadh ‘gach dara lá ó mo lá-sa amach’ cóiriúil? Ar ndóigh ní raibh baol ar bith go ligfeadh Pádraig aon ghaisce ná ainm in airde léi agus gheall seisean go mbeadh “gach uile lá ó mo lá-sa amach” séasúrach. Beidh a fhios againn an fear dá fhocal é an tseachtain seo chugainn.
An cat féin dá theolaí d’ainmhí é buaileadh bob air i mbliana:
‘Má luíonn an cat sa ngrian mí Eanáir
Gabhfaidh sé go leac an teallaigh sa Mhárta.’
Baineadh croitheadh asam arú inné nuair a chuaigh dhá fháinleog de sciotán tharam ach má chloisim an chuach róluath, tosóidh mé ar an áirc a thógáil mar:
‘Má labhrann an chuach ar chrann gan duilliúr
Díol do bhó agus ceannaigh arbhar.’
Tá na saineolaithe maraithe ag míniú dúinn gur beadaí a bhíonn an faoileán ag sceallóga is ‘doughnuts’ na cathrach anois ná putóga is iasc a dhúchais agus coinníonn sé súil ghéar ar chuid na gcearc is an eallaigh chomh maith, ach ní maith an comhartha an boc amplach sin a bheith ag leadaíocht thart sna garrantaí:
‘Nuair a fheiceann tú an faoileán ar an talamh bíodh ábhar tine i ngar don tairseach.
Má bhíonn an faoileán ar an trá bí cinnte go mbeidh aimsir bhreá chugainn.’
Thug sé sórt misneach dom ina dhiaidh sin nuair a léigh mé – ‘Má thagann an Márta isteach go dána gabhfaidh sé amach go socair sásta’. Dá dtugadh Dia dhó!
Údar misnigh a bhí ann freisin mí Feabhra a bheith fliuch mar ní maith é an triomach i dtús bliana:
‘Má bhíonn na locháin folamh ar a theacht don Mhárta
Beidh siad lán ag imeacht dhó.’
Ar éigean is cuimhneach liomsa anois cén chaoi a raibh an geimhreadh deiridh seo, atá fós ár gcéasadh, mar tá an mothú bainte asam ag an ainnise uilig ach is léir gur rud contúirteach mínádúrtha é an dea-gheimhreadh sa tír seo. Nach minic a deirtí: ‘Nollaig ghlas a ramhraíonn reilig’. Agus tá muid féin agus na beithígh ag íoc as an bhfionnuaire sin faoi Nollaig:
‘Má bhíonn an geimhreadh go maith beidh an tEarrach go dona.
Seachain do chuid eallach ar Earrach an dea-gheimhridh.’
Go raibh cothromacan síne na haimsire i réim i mbliana!
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Breith an bhéaloidis ar aimsir an Mhárta'