€270,000 ceadaithe do Chumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir

Reáchtálfar Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 i Leitir Móir i gConamara agus tá deontas ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta chun seastán a thógáil agus chun obair athchóirithe eile a dhéanamh

€270,000 ceadaithe do Chumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir

Páirc an Mháimín. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá beagnach €270,000 curtha ar fáil ag an rialtas don chumann CLG i gConamara atá ag réiteach do Chomórtas Peile na Gaeltachta.

D’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil deontas €269,309 ceadaithe acu do Chumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir chun fáil réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2020 atá á reáchtáil ann samhraidh seo.

Mar chuid den obair atá beartaithe, tógfar seastán beag le taobh Pháirc an Mháimín agus déanfar obair athchóirithe eile a dhéanamh.

Agus iad ag fógairt an deontais, dúirt Roinn na Gaeltachta go raibh súil acu go rachadh an t-airgead chun sochair do phobal an cheantair amach anseo.

“Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ar cheann de mhórimeachtaí CLG agus is imeacht é a thugann lucht na Gaeilge ó cheann ceann na tíre le chéile gach aon bhliain. Ní hamháin go mbeidh an obair atá beartaithe ag an gcumann ar leas lucht freastail Chomórtas Peile na Gaeltachta ach bainfidh an cumann féin tairbhe as an obair go ceann na mblianta.”

Reáchtálfar Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 idir an 29 Bealtaine agus an 1 Meitheamh agus an Comórtas ag filleadh ar Chonamara den chéad uair ó 2014 nuair a bhí sé ar siúl i Maigh Cuilinn.

Uair amháin roimhe seo, in 2002, a reáchtáladh an comórtas náisiúnta i Leitir Móir.

In 2017 a fógraíodh gur ag Cumann Naomh Anna a bheadh reáchtáil an chomórtais i mbliana. Is iad CLG na Ceathrún Rua agus Mícheál Breathnach na cumainn eile a bhí san iomaíocht leo ag an am.

Fág freagra ar '€270,000 ceadaithe do Chumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir'