Fianna Fáil ar tí iad féin a ghlanadh den mhapa

Más é Fine Gael páirtí an rachmais agus Sinn Féin páirtí na híosaicme, cé hiad Fianna Fáil?

Fianna Fáil ar tí iad féin a ghlanadh den mhapa

Idir 1932 agus tubaiste 2011, ba é Fianna Fáil an páirtí ba láidre sa stát, más ceadmhach dom an focal ‘stát’ a rá agus oiread scanradh roimhe ar thráchtairí eile sna meáin.

Go deimhin, idir 1932 agus 2011 níor thit tacaíocht Fhianna Fáil faoi bhun 40% ach in dhá thoghchán.

Thit sí go dtí 17% in 2011. In 2016, d’éirigh leo 24% de na vótaí céadrogha a bhaint amach, ach sa toghchán is deireanaí thit sin arís go dtí 22%.

Thit an céatadán a bhíodh ag Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile ó os cionn 80% go dtí 54% in 2011 agus go dtí 50% in 2016. Níl anois ag an dá pháirtí eatarthu ach 41%.

Bhí dílseacht na vótóirí don dá mhórpháirtí, mar a bhíodh, bunaithe ar éagsúlachtaí sa chogadh cathartha, ach is ar éigean go bhfuil an t-easaontas faoi Chonradh 1921 ina ábhar conspóide sa lá inniu.

Agus is beag difear dáiríre atá idir an dá pháirtí sin maidir le polasaí nó dearcadh eacnamaíochta is sóisialta, bíodh is go mbíonn difríochtaí beaga eatarthu ó am go chéile maidir leis an mbéim a leagann siad ar thosaíochtaí éagsúla.

Ní mar shin a bhíodh i gcónaí. Thiar sna 1930idí ba pháirtí radacach, réabhlóideach nach mór, Fianna Fáil. Ba iad a stiúir tionsclú na heacnamaíochta is a thosaigh na chéad scéimeanna tithíochta sóisialta agus a chuir bonn faoin gcóras leasa shóisialaigh.

Ach is fada uainn an cur chuige radacach sin inniu, agus tá ceist dheacair le freagairt ag an bpáirtí anois – céard le haghaidh Fianna Fáil?

Dar le Micheál Martin is é páirtí na fiontraíochta é, agus tá an ceart aige mar sin é an tosaíocht is mó atá ag an bpáirtí. Go dtí 2011, ámh, bhí Fianna Fáil in ann freastal ar an dá thrá – ar lucht fiontraíochta agus ar oibrithe. Bhíodh oibrithe tógála go háirithe ag maíomh go mbíodh obair ar fáil go tréan ach Fianna Fáil a bheith i gcumhacht.

Tháinig deireadh tobann leis sin in 2011 nuair a chaill oibrithe tógála a gcuid jabanna, agus léiríonn na

figiúirí vótála as Baile Átha Cliath nach bhfuil tacaíocht na haicme sin i ndiaidh filleadh ar ais chun an pháirtí.

San olltoghchán seo bhí sé soiléir ón tús go mbeadh rogha bhunúsach le déanamh ag Fianna Fáil: dul níos faide ar an eite dheis ná Fine Gael nó dul ar an eite chlé le Sinn Féin.

Chreid lucht stiúrtha Fhianna Fáil go dtiocfadh an lucht oibre ar ais chucu agus nach mbeadh aon iarracht faoi leith ag teastáil. Bhí faitíos orthu chomh maith go gcaillfidís tacaíocht na meánaicme dá mbeadh aon amhras ann go rachaidís isteach le Sinn Féin tar éis an olltoghcháin. Sin é ba shiocair leis an bhfeachtas nimhneach a bhí ag Micheál Martin i gcoinne Shinn Féin.

Níor ghlac an pobal leis na hionsaithe, agus tá cáineadh déanta ar an straitéis sin go hinmheánach ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus ag an iarTheachta Dála Conor Lenihan. Ach níl lucht an cheanncheathrún ag éisteacht leo, cé gur léir anois gurbh é Fianna Fáil is mó a chaill de bharr a gcatha in aghaidh Shinn Féin.

Ní hamháin gur chaill siad an an cath áirithe sin ach tá Fianna Fáil nach mór scriosta ag Micheál Martin.

Cá rachaidh an páirtí anois?

Má bhí drochthoghchán féin ag Fine Gael, tá áit chinnte acusan mar pháirtí na heite deise a bhíonn ag iarraidh srian a choinneáil ar chaiteachas poiblí is cánacha a choinneáil íseal ar mhaithe leis an bhfiontraíocht agus ar mhaithe le lucht an airgid.

Ach cén ról atá i ndán d’Fhianna Fáil? Más é Fine Gael páirtí an rachmais agus Sinn Féin páirtí na híosaicme, cé hiad Fianna Fáil? D’fhéadfaidís a bheith mar dhroichead idir an dearcadh sóisialach ar an eite chlé agus lucht an rachmais ar an eite dheis, ach ní spéis leo an ról sin.

Ag an bpointe seo is léir go bhfuil Micheál Martin meáite ar dhul isteach le Fine Gael agus leis na Glasaigh. Tá baol ann don Chomhaontas Glas má théann siadsan leis, mar is ar éigean gur féidir leis na páirtithe ar an eite dheis polasaí fiúntach i leith an athraithe aeráide a mhaoiniú, gan trácht ar mhaoiniú a dhéanamh ar an tithíocht shóisialta.

Ní bheidh vótóirí a roghnaigh an Comhaontas Glas sásta go leanfaidís leis an seanmhodh oibre. Tá athrú ag teastáil uathusan freisin.

Maidir le Fianna Fáil, beidh sciar maith dá mballraíocht míshásta leo go deo má théann siad isteach le Fine Gael. Tá Fianna Fáil an-lag ó thaobh na hidirbheartaíochta toisc go dteastaíonn uathu a bheith sa rialtas níos mó ná mar a theastaíonn sin ó Fhine Gael. Is cosúil mar sin go mbeidh lorg Fhine Gael an-soiléir ar pholasaithe aon chomhrialtas den chineál sin, Lagófaí Fianna Fáil a thuilleadh mura mbeidh iontu ach ‘pludgharda’ d’Fhine Gael.

Má chaith daoine, agus daoine óga go háirithe, vóta ar son athraithe, is cinnte nach as an gcineál sin rialtais a thiocfadh aon athrú. Tá gach cosúlacht ann go gcaillfidh Fianna Fáil tuilleadh tacaíochta sna blianta atá amach romhainn, go háirithe mura mbíonn aon ról soiléir faoi leith acu féin.

Feictear domsa gur á nglanadh féin den mhapa a bheith Fianna Fáil má théann siad i gcomhrialtas le Fine Gael.

Ach is cosúil go bhfuil sé ródhéanach acu a bport a athrú.

Fág freagra ar 'Fianna Fáil ar tí iad féin a ghlanadh den mhapa'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá baol ann don Chomhaontas Glas má théann siadsan leis, mar is ar éigean gur féidir leis na páirtithe ar an eite dheis polasaí fiúntach i leith an athraithe aeráide a mhaoiniú, gan trácht ar mhaoiniú a dhéanamh ar an tithíocht shóisialta”, a deireann Eoin agus cuid mhaith den cheart aige. Ach cá bhfuil polasaí fiúntach Sinn Féin i dtaobh athrú aeráide?

  • Seán Mag Leannáin

    Rogha an dá dhíogha ag FF anois. Má théann siad le FG beidh siad súite isteach acu siúd agus má théann siad le SF beidh siad súite isteach ag an bpáirtí sin. Faoi MM cheap siad go mbeidis in ann an páirtí a shuí sa lár ach chlis ar an stráitéis seo san olltoghchán nuair a chinn na vótóirí gur bheag nárbh ionann iad FF agus FG. Ar aon nós tá an chuma air go bhfuil an lár sa bpolaitíocht i mbaol titim as a chéile agus an fáth leis sin ná go bhfuil an lár sa tsochaí ag titim as a chéile agus an deighilt idir an saibhir agus an daibhir ag éirí níos mó in aghaidh an lae. Ní féidir le FF, ná aon pháirtí eile, an dá thrá a fhreastal níos mó.