‘Is tábhachtaí leo a bheith ag lútáil ar earnáil na Gaeilge’- cáineadh ar Arlene Foster agus Michelle O’Neill

Tá cáineadh déanta ag Jim Allister ar fhógra Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt i dtaobh na gcéad céimeanna maidir le reachtaíocht teanga a thabhairt isteach ó thuaidh

‘Is tábhachtaí leo a bheith ag lútáil ar earnáil na Gaeilge’- cáineadh ar Arlene Foster agus Michelle O’Neill

Michelle O'Neill agus Arlene Foster. Pictiúir: Rollingnews.ie

Tá comhráiteas a rinne Arlene Foster agus Michelle O’Neill faoi reachtaíocht don Ghaeilge cáinte go láidir ag ceannaire an TUV Jim Allister.

D’fhógair Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt na chéad chéimeanna maidir le reachtaíocht teanga a thabhairt isteach ó thuaidh.

“An lá céanna go bhfuil Sinn Féin fíorchaithréimeach i mBaile Átha Cliath, is údar suntais gur fhógair an DUP in éineacht le Sinn Féin in Stormont gurb é an t-aon phíosa reachtaíochta atá aontaithe ag na ChéadAirí ná reachtaíocht don Ghaeilge, ‘líne dhearg’ de chuid Shinn Féin.

“Is léir gurb ionann gnó Stormont anois agus clár oibre Shinn Féin a chur i gcrích. Bíodh mé liom féin nó ná bíodh, geallaim go gcuifidh mise go láidir in aghaidh na reachtaíochta neamhriachtanaí seo.”

Dúirt Allister go raibh sé “áiféiseach amach is amach” go bhfuil airgead “á chur amú” ag na ChéadAirí ar an nGaeilge seachas é a chaitheamh ar chúrsaí oideachais agus sláinte.

“Chuile mhilliún a chaitear ar fhear faire na Gaeilge agus ar an tseafóid sin duilleog fige na hUltaise, sin milliún nach mbeidh ar fáil do chúrsaí sláinte. A leithéid de scannal agus liostaí feithimh ó smacht. Ach de réir cosúlachta is tábhachtaí le Stormont a bheith ag lútáil ar earnáil na Gaeilge agus a mianta nach bhfuil sásamh i ndán dóibh.”

Gheall Foster agus O’Neill sa chuid den chomhráiteas a bhaineann le cúrsaí Gaeilge go dtabharfaidh siad isteach “pacáiste ina bhfuil trí phíosa reachtaíochta” mar atá geallta sa mhargadh faoinar athbhunaíodh an feidhmeannas, New Decade, New Approach.

Trí bhille a thabharfar isteach chun leasú a dhéanamh ar Acht Thuaisceart Éireann 1998.

Faoin gcéad bhille bunófar Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúr agus chuirfí ar ceal ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, an dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Faoin dara bille ceapfar Coimisinéir Teanga don Ghaeilge agus tabharfar stádas oifigiúil don Ghaeilge. 

Faoin tríú bille ceapfar Coimisinéir chun an Ultais agus an cultúr a bhaineann léi agus leis an dtraidisiún Briotanach Ultach a chur chun cinn. Leagfar dualgas sa bhille sin chomh maith ar an Roinn Oideachais i dtaobh na hUltaise.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí de chuid An Dream Dearg, gur “céim thábhachtach” í go bhfuil an reachtaíocht Ghaeilge curtha ar chlár an fheidhmeannais agus gur díol suntais é fógra oifigiúil a bheith déanta ag an DUP ina leith.

Mar sin féin, dúirt sé nach raibh sé ag déanamh talamh slán de thacaíocht an DUP do chearta teanga phobal na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Is tábhachtaí leo a bheith ag lútáil ar earnáil na Gaeilge’- cáineadh ar Arlene Foster agus Michelle O’Neill'