Cé mhéad geallúint ba chóir a chreidiúint? Fíorbheagán, i bhfírinne

Is í fírinne an scéil nach geallúintí ach aidhmeanna atá againn go dtí go mbeidh rialtas nua á bhunú

Cé mhéad geallúint ba chóir a chreidiúint? Fíorbheagán, i bhfírinne

Beidh na geallúintí a thug na páirtithe go tréan agus iad ag sáraíocht ar a chéile le trí seachtaine á gcur i leataobh i gceann trí lá. Ba mhaith leo go léir gan dabht a ngeallúintí a chomhlíonadh ach cuirfidh toradh an toghcháin bac orthu.

Cén dochar? Beidh na beartais a bheidh á bplé tar éis vótáil an tSathairn níos cóngaraí do bheartais atá indéanta ná mar a bheidh siad do na geallúintí a foilsíodh sna forógraí toghcháin agus atá á scaipeadh ar bhileoga i gcónaí.

Ní hionann sin agus a rá go gcuirfear na beartais a phléifear ón Satharn ar aghaidh i bhfeidhm ach oiread, ach beidh siad i bhfad níos gaire don fhírinne. 

Tá tógáil tithe ar scála nach bhfuil inchreidte, mar shampla, geallta ag na príomhpháirtithe:

Deir Fine Gael go gcuirfear 60,000 teach sóisialta agus inacmhainne ar fáil, as seo go ceann cúig bliana, má bhíonn an páirtí sin i mbun rialtais.

Thógfadh Fianna Fáil 50,000 aonad sóisialta tithíochta sa tréimhse chéanna.

Tá 80,000 teach sóisialta agus inacmhainne geallta ag Páirtí an Lucht Oibre.

Tá 100,000 teach san iomlán geallta ag Sinn Féin – 60,000 teach sóisialta, 30,000 teach a dhíolfaí ar phraghas inacmhainne, agus 10,000 teach a ligfí ar chíos inacmhainne.

Dá gcomhlíonfaí geallúint ar bith acu sin thuas, thiocfadh feabhas as cuimse ar shaol na tíre. Faraor, níl fianaise inchreidte curtha ar fáil ag na páirtithe mar fhreagra ar cheisteanna réasúnta a chuirfeadh vótóir stuama: 

Cá bhfaighidh tú an scata mór oibrithe tógála leis an obair a dhéanamh? 

Conas a mheallfar comhlachtaí chun tithe seachas óstáin/oifigí a thógáil?

Conas is féidir tógáil ar scála chomh mór sin a phleanáil agus a mhaoiniú?

Tá na laigí atá follasach i bhformhór na ngeallúintí a tugadh maidir le hathrú aeráide cíortha ag triúr saineolaithe aeráide.

Is é an grúpa ‘One Future Ireland’a d’iarr ar na saineolaithe Cara Augustenborg, John Sweeney agus Sadhbh O’Neill forógraí na bpáirtithe a iniúchadh.

 Bhreithnigh an triúr na beartais a gheall na páirtithe maidir le cúrsaí iompair agus talmhaíochta, a mbeartais chun astaíochtaí carbóin a laghdú, an dúlra agus na portaigh a chosaint, agus a spriocanna feabhais agus ábhair ghaolmhara.

De réir a mbreithiúnais, atá ar fáil anseo, tá an rangú atá thíos déanta acu ar fhiúntas pholasaithe na bpáirtithe chun dul i ngleic leis an athrú aeráide:

An Comhaontas Glas 77.7%
Dlúthpháirtíocht/PrB 63%
An Lucht Oibre 54.5%
Daonlathaigh Shóisialta 45%
Sinn Féin 43%
Fianna Fáil 35.5%
Fine Gael 34%

Ní bhaineann an marc íseal a thug na saineolaithe do na príomhpháirtithe le faillí ó thaobh na haeráide amháin. Léiríonn sé freisin seachaint spriocanna, maidir le hastaíochtaí carbóin go háirithe – seachaint nach gceadófar don tír le linn téarma oifige an rialtais nua, de réir mar a chuirtear dlús le comhpholasaí aeráide an AE.

Tabhair faoi deara freisin gurb iad na mionpháirtithe atá chun cinn de réir na saineolaithe ó thaobh cur chuige dáiríre i leith na haeráide.

Beidh ceannairí na mionpháirtithe sin páirteach sa díospóireacht toghcháin dheireanach a chraolfar anocht.

Ní foláir cuimhneamh i gcás gach páirtí áfach nach geallúintí in aon chor ach aidhmeanna a bheidh á bhfógairt acu go dtí oíche Dé Sathairn.

Is ina dhiaidh sin a thosóidh an chaint dáiríre.

Fág freagra ar 'Cé mhéad geallúint ba chóir a chreidiúint? Fíorbheagán, i bhfírinne'