Seaimpíní Loch Garman le sárú ag Clann na nGael i gcluiche ceannais an chúige

Tabharfaidh Ráth Chairn agus Ráth Gearróg-Baile Chúisín aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir Peile Laighean tráthnóna agus comhfhoireann Ráth Chairn agus Baile Átha Buí ag iarraidh craobh an chúige a bhaint den dara huair

Seaimpíní Loch Garman le sárú ag Clann na nGael i gcluiche ceannais an chúige

Daragh Griffin, Clann na nGael

Clann na nGael (An Mhí) v Ráth Gearróg-Baile Chúisín (Loch Garman)
Páirc Tailteann, 1.30pm

Tá deis ag Clann na nGael Craobh Shóisir Peile Laighean a thabhairt leo den dara huair nuair a thabharfaidh comhfhoireann Ráth Chairn agus Baile Átha Buí aghaidh ar Ráth Gearróg-Baile Chúisín i gcluiche ceannais an chúige tráthnóna.

Tar éis dóibh craobh an chontae a bhuachan i mí Dheireadh Fómhair, tá Clann na nGael tagtha tríd na babhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais i gCúige Laighean agus seaimpíní Loch Garman anois ag fanacht orthu sa chluiche ceannais.

Níl ach dhá bhliain déag ann ó d’éirigh le Clann na nGael craobh an chúige a bhuachan den chéad uair ach is foireann iomlán nua í an ceann seo agus cuma sách óg uirthi. Mar sin féin, léirigh na fir óga sin a gcumas

sna cluichí crua atá buaite acu le linn fheachtas na bliana seo.

Bhí athimirt ag teastáil chun iad féin agus foireann Mhaigh Locha a scaradh óna chéile i gcluiche ceannais na Mí. Le dua a chuir Clann na nGael Baile na Carraige as an Iarmhí de dhroim seoil sa bhabhta ceathrú ceannais agus ní raibh ach aon phointe amháin le spáráil acu ar sheaimpíní Chill Dara, An Baile Mór, sa chluiche leathcheannais coicís ó shin.

Is é Darragh Griffin a d’aimsigh an scór cinniúnach sa chluiche sin in aghaidh an Bhaile Mhóir agus cic éirice slánaithe aige chun Clann na nGael a chur chun cinn agus gan fágtha ach beagán os cionn cúig nóiméad. D’aimsigh an t-imreoir lár páirce 1-2 in athimirt chluiche ceannais an chontae agus 2-2 i gcluiche ceathrú ceannais Laighean agus beidh lucht tacaíochta an chumainn ag súil le taispeántas den scoth eile uaidh tráthnóna.

Tá cúl báire Chlann na nGael, Eoin Griffin, ar fheabhas i mbliana chomh maith. Le trí chluiche anuas, tá iarrachtaí ar chúil sábháilte aige nuair a bhí cluichí idir dhá cheann na meá. Duine de na hógánaigh é Griffin agus ba é a bhí ina chúl báire ar fhoireann mhionúir na Mí anuraidh.

Bhí Darragh Swaine ar fhoireann mhionúir an chontae anuraidh chomh maith agus beidh air féin agus a chomhghleacaithe, Éamonn Ó Donnachadha, Cóilín Griffin, Cian Swaine, Philip Garry agus a leithéidí, bheith i mbarr a maitheasa más leo Ráth Gearróg-Baile Chúisín a shárú inniu.

Is maith a chruthaigh fir Loch Garman go dtí seo. Bhuadar ar Ghaeil na Sionainne as Uíbh Fhailí le ceithre phointe sa bhabhta leathcheannais agus tá imreoirí cumasacha acu ar fud na páirce.

Imreoir óg é Eoin Porter ach tá áit bainte amach ag an gcosantóir ar fhoireann an chontae cheana féin. Is maith é chun scóranna a aimsiú ach is é Dáire Bolger, fear eile a bhfuil geansaí Loch Garman caite aige, príomhnaoscaire na foirne.

Imreoirí maithe iad Matthew Cody, Brian O’Neill agus Tadhg Cody freisin agus cé gurb iad Clann na nGael rogha na coitiantachta chun cluiche ceannais an lae inniu a thabhairt leo, ní éireoidh leo má ligeann siad na maidí le sruth ar chor ar bith.

Fág freagra ar 'Seaimpíní Loch Garman le sárú ag Clann na nGael i gcluiche ceannais an chúige'