‘Ní saoránach maith de chuid an AE í Éire…’

Tá neamhaird a déanamh ar na himpleachtaí móra dúinne a bheidh ag an díospóireacht maidir le todhchaí na hEorpa

‘Ní saoránach maith de chuid an AE í Éire…’

Tá ceannairí na hEorpa, an Fhrainc go háirithe, ag éirí fíor-mhífhoighneach faoin moill atá á cur ag an mBreatimeacht ar an bplé atá ar na bacáin faoin gcaoi a ndéanfar limistéar an euro a leasú, agus faoi na  deacrachtaí a bhaineann  leis an  gceannas atá ag an margadh ar an eacnamaíocht.

Ar thaobh amháin is ábhar faoisimh do lucht an fhiontair Eorpaigh gur thit rialtas frith-Eorpach na hIodáile as a chéile, gur éirigh leis na daonlathaigh shóisialta sa Spáinn sna toghcháin, agus go bhfuil drogall ar aon stát eile sampla na Breataine a leanacht i bhfianaise na praisí atá déanta de pholaitíocht na Breataine.

Ach ar an taobh eile den scéal, níl ag éirí go maith i dtoghcháin leis an rialtas nua san Iodáil, is ar éigean go mbeidh na daonlathaigh shóisialta sa Spáinn in ann rialtas a bhunú, agus tá fadhbanna an euro fós gan réiteach.

Dúirt gobharnóir Bhanc Cheannas na hUngáire go raibh nach mór gach stát níos fearr as sular ghlac siad leis an airgeadra nua. Sea, chabhraigh sé go mór le heacnamaíocht na Gearmáine a neartú trí bhorradh mór a chur faoina gcuid onnmhairí, ach níor chaith na Gearmánaigh an t-airgead breise sin ar an infreastruchtúr a fheabhsú ná ar infheistíocht sa nuálaíocht.

Tá an Ghearmáin, agus an Eoraip ar fad dá bharr, ag titim taobh thiar de Mheiriceá, den tSín, den Áise, den domhan ar fad nach mór.

Chomh maith leis sin tá easaontas bunúsach ann mar gheall ar cibé ar cheart cabhrú le geilleagair laga nó cloí le bunphrionsabail airgeadais na Gearmáine.

Seacht seachtaine ó shin mhaígh Jody Corcoran san Sunday Independent go raibh an phobalachas ar leaba a bháis. Luaigh Corcoran an próiseas táinsimh in aghaidh Trump, iarrthóirí sa bpáirtí Daonlathach amhail Elizabeth Warren a bheith ag déanamh dul chun cinn, dúshlán a bheith á thabhairt ag Tom Watson do Jeremy Corbyn sa mBreatain agus dream óg radacach sa lár a bheith tagtha chun cinn.

Mar a tharla, theip glan ar Watson agus d’éirigh sé as parlaimint na Breataine. Níl muintir Mheiriceá róbhuartha faoi Trump a cheansú, is ar éigean go gcuirfear stop leis an mBreatimeacht agus níl ag éirí rómhaith leis an dream nua sa lár sna toghcháin ó thuaidh.

B’fhéidir go raibh Corcoran beagáinín previous, mar deir siad i mBaile Átha Cliath.

Níos measa fós tá an argóint faoi pholasaí an euro ag éirí níos nimhní agus scoilt níos mó ann fúithi. Tá sé ag éirí níos soiléire go bhfuil ag teip ar an seanchóras bá mhuintir na hEorpa don nua-liobrálachas a choinneáil.

Go deimhin tá saineolaithe acadúla anois ag labhairt amach faoina riachtanaí atá sé go ndéanfaí roinnt níos cothroime ar bhrabús. Deir Thomas Piketty na Fraince, gúrú nua na heacnamaíochta, nach gá maoin a chur ar ceal ach é a roinnt leis na daoine atá ag bun an dréimire.

Ní san Aontas Eorpach amháin atá sin riachtanach ach ar fud an domhain, lena chinntiú go bhfaighidh tíortha an tríú domhan sciar níos mó den saibhreas a chruthaíonn siad.

Is beag den díospóireacht seo atá le cloisteáil i meáin na tíre seo, ach b’fhiú do na polaiteoirí súil a chaitheamh ar argóint mhór amháin a bhíonn á déanamh ag Piketty agus ag an eacnamaí Meiriceánach Joseph Stiglitz, is é sin an bhéim a leagann siad beirt ar chúrsaí cánach.

Deir Piketty go gcaithfear an brabús a dhéanann comhlachtaí idirnáisiúnta a fhógairt ag leibhéal domhanda. Is ionann sin is a rá nach cóir ligean d’aon stát polasaithe a bheith acu a bheadh fabhrach do na comhlachtaí sin ar mhaithe le hinfheistíocht a mhealladh chucu féin, mar gur éagóir atá ann infheistíocht a mhealladh ó thíortha eile a bhfuil sin ag teastáil go géar uathu.

Agus mura dtuigeann muid a bhfuil i gceist aige, tá sé ráite ag Stiglitz nach é amháin gur tearmann cánach í Éire ach go bhfuil ról suntasach againn in aistriú airgid go dtí tíortha nach ngearrfaidh aon cháin air, nó nach ngearrfaidh ach cáin bheag ar na comhlachtaí seo.

Ní dea-shaoránach de chuid an Aontais Eorpaigh í Éire, a dúirt Stiglitz.

Is minic altanna i nuachtáin an Fraince is na Gearmáine a mhaíonn gur sheas an tAontas Eorpach le hÉirinn maidir leis an mBreatimeacht, is gur chóir dúinne anois seasamh leis an Eoraip maidir le hathchóiriú an chórais chánach.

Ní caint san aer an méad seo, fiú mura bhfuil aon aird againn air mar scéal, mar tá plean ag Coimisiún na hEorpa faoi láthair leasú a dhéanamh ar rialacha fioscacha an Aontais.

Tá an díospóireacht sin níos tábhachtaí don Aontas anois ná

na hargóintí faoin mBreatimeacht.

Agus nach íorónta mar scéal é go bhfuil sé faiseanta na laethanta seo an Bhreatain a cháineadh cé go mbeidh polasaí an rialtais maidir le cúrsaí cánach lagaithe go mór in éagmais na Breataine a thugadh tacaíocht dúinn maidir leis an bpolasaí sin? Nach hargóintí a  chuir an eite chlé, agus Sinn Féin go háirithe, chun tosaigh ag breathnú níos ciallmhaire ná riamh?

Fág freagra ar '‘Ní saoránach maith de chuid an AE í Éire…’'