Ar Pinsean – ach ní díomhaoin

Labhair ár gcolúnaí le Clara Clark, duine de bhunaitheoirí 'Cycling without Age', eagraíocht a spreagann an rothaíocht in Éirinn

Ar Pinsean – ach ní díomhaoin

Tá go leor cainte á déanamh na laethanta seo faoin dream atá ‘ar pinsean’. Níl lá nach mbíonn tagairt éigin don líon daoine in Éirinn a bhfuil an obair fágtha acu agus atá imithe amach ar pinsean. Luaitear an costas a bhaineann leis sin, costas an ‘tsaorthaistil’ agus liúntais eile Stáit san áireamh. Deirtear gurb iad is mó a bhíonn ag taisteal thar lear anois – féach ar na scuainí san aerfort – is minic níos mó de lucht an phinsin ná daoine óga iontu.

Agus, ar ndóigh, ceann de na casaoidí is mó a  bhíonn ag daoine, agus iad ag trácht ar an ngéarchéim thithíochta, ná an líon daoine atá ar pinsean agus atá ag cur fúthu i dtithe móra, go háirithe sa bpríomhchathair.

Ar nós scéal ar bith, tá an dá thaobh ann. Feictear dom féin go mbíonn i bhfad níos mó páistí faoi chúram Dhaideo agus Mamó na laethanta seo. Tá aithne agam ar lánúin amháin a thaistealaíonn ó iarthar Chiarraí go Luimneach chun a seal a dhéanamh ag tabhairt aire don gharchlann. Agus tá Mamó eile ann a théann as iarthar na Gaillimhe go Baile Átha Cliath ar feadh seachtaine gach mí chun a seal a chur isteach.

Na heagrais charthanachta, na línte cabhrach teileafóin, na siopaí carthanachta, tá cuid mhaith díobh ag brath go hiomlán ar obair dheonach na ndaoine atá ‘ar pinsean’.

Casadh duine den bhuíon ‘dheonach’ sin orm le gairid. Bhí spéis i gcónaí sa rothaíocht ag Clara Clark as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath. Chonaic sí an ghluaiseacht ‘Cycling without Age’ i mbun oibre ar an Mhór-Roinn agus chonaic sí ar an bpointe an buntáiste a bhí ag baint leis.

Chonaic sí daoine ag rothaíocht nó ag stiúradh rothair speisialta a bhí cosúil le ricseá. Agus ba iad na paisinéirí a bhí acu ná daoine as tithe altranais, nó othair nach raibh siúl na gcos ró-iontach acu níos mó.

D’fhiosraigh sí an scéal agus fuair sí amach gur thosaigh an ghluaiseacht ‘Cycling without Age’ i gCóbanhávan na Danmhairge in 2012. Anois tá fáil air in 42 tír ar fud an domhain. Tá os cionn 2,200 de na rothair speisialta seo agus an ‘trishaw’ in úsáid ar fud an domhain.

Tugtar ‘píolóta’ ar an duine a dhéanann an rothaíocht agus tá beagnach 30,000 acu sin ar fud an domhain anois. Agus an duine is sine acu sin? Tá 90 bliain slánaithe ag an bpíolóta Jorgen Hass as an Danmhairg. Agus tá 107 bliain slánaithe ag na paisinéirí is sine – Madam Yeo Iu as Singeapór agus Dagny Carlsson as an tSualainn.

Nuair a casadh Carla orm, bhí mé ag rothaíocht gar don Charraig Dhubh agus bhí mé ag iarraidh dul thairsti ar an gcosán rothaíochta. Cheap mé gur páistí a bhí sa charráiste a bhí chun tosaigh ar a rothar aici – agus bhí sí ag dul beagáinín rómhall domsa.

Thosaigh sí ag caint liom nuair a chonaic sí mé ag stánadh isteach sa charráiste folamh. ‘An bhfuil tú ag iarraidh fáil amach faoi? ‘Trishaw’ atá ann,’ ar sise liom.

Chaith mé mo rothar i leataobh.

D’inis sí dom go raibh sí tar éis cuairt a thabhairt ar theach altranais ar an gCuarbhóthar Theas agus go raibh sí anois ar a bealach abhaile. Ise agus a fear céile Charles Mollan a chuir tús le ‘Cycling without Age’ in Éirinn tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an Danmhairg. Cheannaigh siad an chéad ‘trishaw’ as a bpóca féin chun tús a chur leis an ngluaiseacht anseo. Tá 30 ‘trishaw’ anois in áiteacha éagsúla ar fud na hÉireann.

Dúirt Clara liom go dtugann turas sa charráiste deis ar leith do dhaoine atá ag dul in aois, an t-aer úr a aireachtáil – an ‘ghaoth i do ghruaig’ mar a deir sí. Téann beirt phaisinéirí ar an turas go minic in éineacht leis an bpíolóta agus bíonn siad ag caint lena chéile agus leis an bpobal agus iad ag taisteal. Déanann sé maitheas ar leith do dhaoine a bhfuil an galar Alzheimer orthu.

Bíonn siad slán sábháilte le criosanna sábhála orthu agus gan cead ag an bpíolóta dul thar luas an-íseal ar fad. Go deimhin, bíonn ar na hoibrithe deonacha cúrsa ‘píolótachta’ a dhéanamh sula dtéann siad amach le paisinéirí. Bíonn bataire beag acu chun cúnamh a thabhairt dóibh ar na haird.

Dúirt sí liom go gceannaíonn an teach altranais nó an dream gur mhaith leo ceann a bheith acu an trishaw iad féin agus ansin go gcuireann an eagraíocht Cycling Without Age traenáil orthu leis an úsáid cheart a bhaint as. Go minic, eagraíonn siad bailiúchán airgid nó a leithéid chun an trishaw a cheannach.

Bhí beagán tuirse ag teacht uirthi. Bhí turas fada sa dá threo déanta aici. Agus chonaic mé an lá dár gcionn gur eagraigh sí taispeántas agus ócáid cheiliúrtha le scata ar na trishaws sa bpáirc phoiblí ar an gCarraig Dhubh.

Nuair a chuir mé a pictiúr in éineacht lena trishaw suas ar ‘Facebook’ d’fhreagair duine de mo chairde mé. Chuir sí pictiúr dá máthair chéile (92) féin suas, agus í ag baint súp as turas trishaw amach as a teach altranais i gCluain Tarbh, ag dul thart ar Pháirc Naomh Áine. Cheap mo chara gur chuir sé laethanta a hóige i gcuimhne di.

Bhreathnaigh mé ar leathanach Facebook Clara Clark féin. Thuas sna crainnte, crochta ar shreang ‘zip’ atá sí ina pictiúr aitheantais. Traenálaí saoil (life coach) atá inti, chomh maith le bheith ina heagraí ócáidí gnó agus ar ndóigh ina heagraí deonach freisin ar ‘Cycling Without Age’.   

Ní dócha go mbeidh sise ag ‘dul ar pinsean’ go luath.          

Fág freagra ar 'Ar Pinsean – ach ní díomhaoin'

  • Seán Mistéil

    Nach aoibhinn an scéal é sin! Beidh mé an faire amach do Chiara!