Tá an té is mó a raibh amhras faoi maidir le fuadach Kevin Lunney tar éis bháis.
D’éirigh an fear, a bhí sna caogaidí, tinn le linn do phóilíní Derbyshire a bheith ag cuardach a thí i Sasana maidin inniu.
Tuairiscítear gur choirpeach aitheanta a bhí i Cyril McGuinness, arbh as Fear Manach dó, agus gur taom croí a fuair sé.
Tá na Gardaí agus PSNI den tuairim go raibh sé ina cheann ar an drong a d’eagraigh fuadach agus ciapadh Kevin Lunney, feidhmeannach de chuid Quinn Industrial Holdings.
Tuairiscítear gur ciontaíodh cheana McGuinness as os cionn 50 coir.
Tá cuardaigh ar bun in Éirinn agus i Sasana inniu i dtaca le fuadach Kevin Lunney.
Is cuid iad na cuardaigh den fhiosrúchán atá á dhéanamh faoi bhfuadach, príosúnú neamhdhleathach agus ionsaí a rinneadh ar Kevin Lunney i bhFear Manach ar an 17 Meán Fómhair.
Fág freagra ar 'An té is mó a raibh amhras faoi i dtaobh fhuadach Kevin Lunney básaithe'