An té is mó a raibh amhras faoi i dtaobh fhuadach Kevin Lunney básaithe

D’éirigh an fear, a bhí sna caogaidí, tinn le linn do phóilíní Derbyshire a bheith ag cuardach a thí i Sasana maidin inniu

An té is mó a raibh amhras faoi i dtaobh fhuadach Kevin Lunney básaithe

Kevin Lunney

Tá an té is mó a raibh amhras faoi maidir le fuadach Kevin Lunney tar éis bháis. 

D’éirigh an fear, a bhí sna caogaidí, tinn le linn do phóilíní Derbyshire a bheith ag cuardach a thí i Sasana maidin inniu.

Tuairiscítear gur choirpeach aitheanta a bhí i Cyril McGuinness, arbh as Fear Manach dó, agus gur taom croí a fuair sé.

Tá na Gardaí agus PSNI den tuairim go raibh sé ina cheann ar an drong a d’eagraigh fuadach agus ciapadh Kevin Lunney, feidhmeannach de chuid Quinn Industrial Holdings.

Tuairiscítear gur ciontaíodh cheana McGuinness as os cionn 50 coir.

Tá cuardaigh ar bun in Éirinn agus i Sasana inniu i dtaca le fuadach Kevin Lunney.

Is cuid iad na cuardaigh den fhiosrúchán atá  á dhéanamh faoi bhfuadach, príosúnú neamhdhleathach agus ionsaí a rinneadh ar Kevin Lunney i bhFear Manach ar an 17 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'An té is mó a raibh amhras faoi i dtaobh fhuadach Kevin Lunney básaithe'