Imreoidh fear Gaeltachta i gCorn Rugbaí an Domhain sa tSeapáin nuair a thabharfaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá aghaidh ar Shasana in Kobe ar maidin.
Tá Paul Mullen, arbh as Inis Mór ó dhúchas dó, ainmnithe i measc na n-ionadaithe ar fhoireann Mheiriceá agus iad ag imirt a gcéad chluiche i nGrúpa C ag 11.45am.
Thosaigh an Maolánach ag imirt rugbaí nuair a d’fhreastail sé ar scoil chónaithe Mhainistir Ghleann Stáil i Luimneach agus lean sé ar aghaidh leis an imirt agus é ag freastal ar an ollscoil in Texas.
Rugadh seanathair Mullen i mBostún, rud a d’fhág go raibh cead aige imirt d’fhoireann na Stát Aontaithe. D’imir sé d’fhoireann faoi 20 Mheiriceá roimhe seo.
D’imir Mullen a chéad chluiche d’fhoireann shinsir na Stát Aontaithe i mí an Mheithimh 2018 agus bhí sé ag imirt nuair a thug an fhoireann aghaidh ar Éirinn i mBaile Átha Cliath mí na Samhna seo caite.
Roghnaíodh é ar scuad na Stát Aontaithe do Chorn Rugbaí an Domhain agus tá gach seans ann go n-imreoidh sé a chéad chluiche sa chomórtas i gcoinne na Sasanach ar maidin.
Tá Mullen ar dhuine den cheathrar Éireannach a bheidh ag imirt d’fhoireann na Stát Aontaithe. Tá iar-imreoir Chonnacht, AJ McGinty roghnaithe mar leathchúlaí amuigh don chluiche, tá John Quill ainmnithe i measc na dtosaithe agus beidh Dylan Fawsitt ar an mbinse in éineacht le Mullen.
– Beidh an cluiche idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Sasana le feiceáil beo ar Eir Sport 1 nó ar ITV
Fág freagra ar 'Fear Árann réidh chun aghaidh a thabhairt ar Shasana ag Corn an Domhain'