Cerys Matthews, amhránaí, a bhí i lár an aonaigh in Stori’r Iaith (Scéal na Teanga) (S4C/BBC iPlayer). Bhí clú agus cáil uirthi mar bhall den ghrúpa Breatnaise, Catatonia, a bhí mór sna cairteacha thiar sna 1990idí.
Tá Breatnais ag Matthews agus is i mBreatnais a bhí an clár agus an léirmheastóir seo ag leanstan an chomhrá leis na fotheidil. Bean spéisiúil ghnaíúil í agus ní raibh sí ar dhóigh ar bith míchompordach os comhair an cheamara. Ní ábhar iontais é sin nó, idir a saol mar amhránaí agus mar láithreoir raidió de chuid an BBC, tá bua na cainte aici.
Ní chuirfeadh an clár féin iontas mór ar dhuine ar bith le Gaeilge. Scáthán a bhí sa chlár ar stair na Gaeilge fosta: bhí ceol ann agus láimhscríbhninní agus naoimh agus stair cheilte na Breatnaise sa Bhreatain Mhór. Bhí dúil bhocht ag J.R.R. Tolkien sa Bhreatnais agus dúirt duine de na rannpháirtithe linn gur chreid Tolkien an Bhreatnais a bheith ina teanga bhunaidh de chuid na Breataine Móire. Bhunaigh Tolkien teanga na lucharachán ina chuid leabhar ar an Bhreatnais.
Lena chois sin, chonaic muid léiriú dátheangach drámaíochta – Béarla agus Breatnais – de chuid Shakespeare i Londain agus rinneadh plé ar an dóigh ar thaistil an teanga anonn chun an Oileáin Úir agus go háiteacha eile níos faide i gcéin. Mar a dúirt mé, d’aithneodh cainteoir Gaeilge an scéal seo gan stró.
Labhair Matthews go réidh le mórán daoine a raibh an teanga acu agus, arís, b’ionann a gcás agus ár gcás. Bhí siad buartha faoin teanga ach dóchasach faoina raibh i ndán di fosta; bhí an teanga ag athrú ach ní thiocfadh léithe gan forbairt a dhéanamh; sin nádúr teanga. Labhair Matthews ar na difríochtaí idir na canúintí éagsúla agus bhain an comhrá sin gáire asam – ‘It’s Ulster Welsh we have here!’ le líne a lúbadh as leabhar de chuid Mháire.
Thar a bheith daonna agus ionraic a bhí Matthews. Bhí mórán bliantaí caite aici i Sasana agus bhí sí buartha faoin bhlas a bhí ar a cuid Breatnaise agus buartha fosta nach raibh sí chomh líofa agus a bhí. A máthair a labhair Breatnais léithe agus Béarla a bhí ag a hathair. Ach bhí seanphréamhacha acu beirt sa Bhreatain Bhig, Pembrokeshire le bheith beacht, agus ba léir an meas a bhí aici ar a hoidhreacht agus an bród a bhí uirthi aisti.
Scríobh Seosamh Mac Grianna i 1934 gurbh é ‘an difear mór atá idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, gur throid Éire ar son a saoirse agus gur chaill sí a teanga, bunús; agus gur choinnigh an Bhreatain Bheag a teanga ach nár thóg sí arm le troid ar a son féin le cúig chéad bliain’.
Níor phléigh an clár le cúrsaí polaitíochta ar chor bith agus bheadh sé spéisiúil fáil amach cad é an éifeacht, má tá éifeacht ar bith ann, a bhíonn ag polaiteoirí ar cheist na teanga ó tharla dáil i mBaile Átha Cliatha agus an Bhreatain Bheag á stiúradh ó Westminster ar feadh i bhfad. An imríonn polaiteoirí tionchar dearfach ar bith ar na cúrsaí seo nó an maireann an teanga ina n-ainneoin?
Smaointigh mé ar fhile mór na Breataine, R.S. Thomas, agus Matthews ag caint. Chonaic mé Thomas uair amháin ar ócáid i mBéal Feirste thiar sna 1990idí; bhronn Comhairle Ealaíon an Tuaiscirt gradam air. Bhí mé rófhaiteach le forrán a chur air ach compánach buan de mo chuid atá ina chuid filíochta.
File a scríobh i mBéarla a bhí ann ach fear a raibh a chroí istigh sa Bhreatnais. Tugann sé léargas ar an choimhlint teanga sin – Béarla agus Breatnais – níos fearr ná mar a rinne mórán filí Béarla Éireannacha agus iad ag plé le ceist an Bhéarla agus na Gaeilge.
Fágaimis an focal scoir faoi Thomas agus a dhán ‘The Old Language’ nó bhí an cheist sin i gcroí chlár breá seo Matthews:
England, what have you done to make the speech
My fathers used a stranger at my lips,
An offence to the ear, a shackle on the tongue
That would fit new thoughts to an abiding tune?
Eoghan Ó Néill
An-suimiúil
Marcas
Cuireann é sin an ceann faoi na trí thramp i gcuimhne dom – an tÉireannach, an Sasanach agus an Breatnach:
‘Thracht muid ar fiche cineál eile gadaíochta – bancanna agus oifigí poist, agus de réir sin, agus thug mise cibé eolas a bhí agam dóibh. Chuir muid an t-am thart mar seo gur nocht Machynlleth chugainn.
“Cén baile é seo?” arsa an Sasanach.
“Machynlleth,” arsa an Breatnach.
Thug an Sasanach dhá iarraidh air, agus ar an tríú huair dúirt sé focal éigin a raibh a leath coganta. Bhí sé liomsa go sásta. Tá sé fá thuairim Machunchleat i litriú Gaeilge.
“Níl bailte móra ar bith an taobh seo,” arsa an Sasanach, “mar tá an taobh ó dheas. Creidim gurb é Caerdydd an ceann is mó, an phríomhchathair.”
“Is é is mó ach níl a fhios agam an é an phríomhchathair é,” arsa an Breatnach, ag smaoineamh go raibh na Breatnaigh iad féin ag iarraidh príomhchathair a dhéanamh de Aberystwyth.
“Bhí lá agus ba seo príomhchathair Cymru,” arsa mise, ag síneadh mo mhéir chuig Machynlleth, agus mé ag smaoineamh ar an am ar choinnigh Eoghan Ghlinne Dobhair an Dáil ansin.
Chuir mé iontas mór ar an tSasanach.’
Pádraig
Cymru am bith!