Nach minic ráite gurb é comórtas na Sé Náisiún an comórtas rugbaí is fearr ar domhan, níos fearr b’fhéidir ná craobh rugbaí an domhain féin.
Cuireadh fianaise ina leith sin ar fáil an Satharn seo caite. Ba dheacair drámaíocht níos fearr ná an cluiche in Murrayfield idir Albain agus an tsean-namhaid, Sasana, a shamhlú. In ainneoin go raibh na Sasanaigh mar chomh-rogha na coitiantachta leis na Francaigh chun greim a fháil ar an gcraobh, ruaig Albain abhaile trasna na teorann iad agus iad maolchluasach go maith.
Bua a chuir deireadh le brionglóid na Sasanach greim a fháil ar an gCoróin Thriarach agus an Chathréim Mhór ach bua a chruthaigh féidearthachtaí maidir leis an gCoróin Thriarach d’Albain.
Dála an scéil, seans gurb é an cluiche idir Éirinn agus Albain i Áth Cliath i mBabhta 5 a shocrós é sin, tuilleadh faoi sin in am trátha.
Céard a déarfá faoin gcluiche idir Éirinn agus an Iodáil? Cluiche a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an nóiméad deiridh, a bhuíochas sin d’ imirt chróga na gcuairteoirí.
Níl dabht ann ach go raibh feabhas suntasach ar imirt agus ar mheon aigne na hÉireann ón gcluiche i mBabhta 1 i bPáras ach níor éirigh leo na deacrachtaí ar fad a chur ó dhoras. Na pointí dearfacha ar dtús! Bhí na cúlaithe ó uimhir 11 siar go maith, láidir sa gcosaint agus cíocrach san ionsaí. Bhí an bheirt sa dara ró, James Ryan agus Joe McCarthy, láidir, crua agus trodach. Aon uair ar iompair tosaithe na hÉireann an liathróid, bhí siad lán d’fhuinneamh agus d’údarás.
Ach ar an taobh diúltach, bhí deacrachtaí ollmhóra ag Sam Prendergast mar leathchúl amuigh. Ní raibh sé in ann an nasc a bhí ag teastáil idir na tosaithe agus na cúlaithe a dhéanamh agus mar bharr ar an mí-ádh, d’fhág sé a chuid bróga ciceála sa mbaile. Seans freisin gur fhág Andy Farrell an fear bocht rófhada ar an bpáirc sular chuir sé Jack Crowley chun páirce ina áit.
Is fiú a lua go ndearna Crowley difear suntasach. Ní haon iontas gurb é atá ag tosú i Londain inniu, chomh maith le ceathrar imreoirí eile. Ach má bhí deacrachtaí ag an uimhir a deich, ba bheag iad i gcomparáid leo siúd a bhí ag an triúr a bhí sna ranna tosaigh, Tadhg Furlong, go háirithe, a d’imir naoi n-uaire as a chéile mar fhrapa fáiscthe do na Leoin. Tá cáil ar thosaithe na hIodáile mar phaca crua agus fáiscthe ach níor thuig muid go dtí an Satharn seo caite cé chomh lag agus scoilte atá paca na hÉireann. Bhí seachtain ag John Fogarty chun an lag-imirt sin a cheartú. Ar éirigh leis?
Beidh a fhios againn ag deireadh an ochtó nóiméad atá amach romhainn inniu i dTwickenham agus muid i gcoinne na Sasanach. Seans go mbeidh na Sasanaigh ar thóir maithiúnas óna lucht leanúna de bharr an toraidh sin i nDún Éideann ach is cinnte freisin gur léirigh an cluiche sin bealaí le brú a chur orthu.
Beidh le feiceáil ar éirigh le Farrell teacht ar phlean chun an tsean-namhaid a chloí agus níos tábhachtaí fós, an mbeidh a chuid imreoirí in ann an plean a chur i gcrích? Is fiú a mheabhrú gur ar na Sasanaigh atá an brú ar fad inniu. Roimh thús an chomórtais coicís ó shin, fiú, bhí chuile dhuine ag tuar bua do na Sasanaigh sa gcluiche seo. Díreach mar a bhí an cás roimh an gcluiche i gcoinne na hAlban seachtain ó shin, a deir tú. Mar sin féin is deis í seo d’Éirinn. Níl aon duine ag tabhairt seans ar bith dóibh.
Beidh cluiche suimiúil ar bun tráthnóna inniu i gCaerdydd idir foireann an bhaile agus Albain. Is oth liom a rá gur deacair bua do na Breatnaigh a thuar. Nach mór an trua, agus cúis náire fiú, go bhfuil foireann a bhí tráth chomh cáiliúil i dtéarmaí rugbaí domhanda in ísle brí?
Beidh na hIodálaigh ag taisteal go Páras amárach le tabhairt faoi churaidh reatha an chomórtais, na Francaigh. Fiú le himirt mhisniúil na nIodálach ní dóigh go mbeidh siad in ann cosc a chur leis an mborradh atá faoi na Francaigh.
Fág freagra ar 'Ar na Sasanaigh atá an brú ar fad agus gan aon duine ag tabhairt seans d’Éirinn'