Lá cinniúnach do Ghaoth Dobhair, Micheál Breathnach agus a lán eile

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na cluichí tábhachtacha atá ar siúl i nDún na nGall, i gCiarraí, i nGaillimh agus i bPort Láirge tráthnóna

Lá cinniúnach do Ghaoth Dobhair, Micheál Breathnach agus a lán eile

Dún na nGall

Ní raibh curaidh 2018 Gaoth Dobhair i mbarr a maitheasa i gcraobh shinsir Dhún na nGall go fóill ach tá deis iontach acu teacht slán ó Ghrúpa A tráthnóna. Chomh fada agus nach gcailleann siad i gcoinne Ard an Rátha tráthnóna, beidh foireann Mervyn Ó Domhnaill cinnte d’áit sa bhabhta ceathrú ceannais. Fiú má chailleann Gaoth Dobhair, d’fhéadfadh siad dul tríd fad is nach nach bhfaigheann Naomh Micheál an ceann is fearr ar Naomh Adhamhnáin.

Bhí dea-scéal ag Gaoth Dobhair i gcluiche an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Naomh Micheál nuair a thosaigh Ciarán Gillespie den chéad uair ó gortaíodh é beagnach bliain ó shin.

Cé nach bhfuil ach 1-3 agus 1-8 scóráilte ag Gaoth Dobhair sa dá chluiche atá imeartha acu go dtí seo sa chraobh, tá siad fós i measc rogha na n-údar don chomórtas.

Is iad Cill Charthaigh rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí faoi láthair agus imreoidh siad i gcoinne an Tearmainn tráthnóna. Tá an dá chluiche atá imeartha acu go dtí seo buaite ag fir Chill Charthaigh agus cuma na maitheasa orthu i nGrúpa D. Is idir an Tearmann agus Réalt na Mara, a imreoidh i gcoinne Mhálanna inniu, atá sa dara háit sa ghrúpa.

I nGrúpa C, tá Gleann tSúilí go mór i mbaol. Chaill siad i gcoinne na gCeithre Máistrí an deireadh seachtaine seo caite, rud a fhágann foireann Michael Murphy ag bun an ghrúpa agus gan ach aon phointe amháin acu roimh chluiche an lae inniu i gcoinne Bhaile na nGallóglach, a bhfuil an dá chluiche a bhí acu go dtí seo buaite acu. Tá Gleann Fhinne fós san iomaíocht d’áit i gcluiche ceathrú ceannais ach caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar na Ceithre Máistrí inniu.

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Babhta 3

Grúpa A – Gaoth Dobhair v Ard an Rátha – Ard an Rátha, 2.00pm

Grúpa A – Naomh Micheál v Naomh Adhamhnáin – Dún Fionnachaidh, 2.00pm

Grúpa C – Gleann tSúilí v Baile na nGallóglach – Gleann tSúilí, 5.00pm

Grúpa C – Gleann Fhinne v Na Caithre Máistrí – Gleann Fhinne, 5.00pm

Grúpa D – Málainn v Réalt na Mara – Málainn, 3.00pm

Grúpa D – Cill Charthaigh v An Tearmann – Cill Charthaigh, 3.00pm

Ciarraí

Chuir Daingean Uí Chúis tús lena bhfeachtas sa chraobh shinsir inné agus beidh Ciarraí Thiar, an fhoireann shinsir eile as an gceantar ag dul chun páirce tráthnóna.

Imreoidh Ciarraí Thiar agus Dúiche Neidín i gcoinne a chéile sa chéad bhabhta agus aithne mhaith ag na himreoirí ar a chéile. Chas An Ghaeltacht agus an Teampall Nua ar a chéile i gcluiche ceannais idirmheánach Chiarraí níos luaithe i mbliana agus as na cumainn sin cuid mhaith de na himreoirí a bheidh ag imirt tráthnóna.

Ba leis an Teampall Nua an lá sa chluiche ceannais sin agus muintir Spillane, muintir Crowley agus Tadhg Morley ina gceannairí acu. Beidh fir na Gaeltachta ag iarraidh díoltas de shaghas a bhaint amach tráthnóna.

Beidh imreoirí ó Phiarsaigh na Dromad mar chuid d’fhoireann Chiarraí Theas a thabharfaidh aghaidh ar Fhánaithe na Sionainne i gCathair Saidhbhín tráthnóna chomh maith.

Chuaigh Ciarraí Theas chomh fada leis an mbabhta ceathrú ceannais anuraidh agus ba cheart go mbeadh siad róláidir dá gcéilí comhraic tráthnóna.

Craobh Shinsir Peile Chiarraí

Babhta 1

Dúiche Neidín v Ciarraí Thiar – An Teampaill Nua, 2.30pm

Ciarraí Theas v Fánaithe na Sionainne – Cathair Saidhbhín, 2.30pm

Gaillimh

Bhí lá mór ag foirne s na Gaeltachta sa chraobh shinsir inné ach is sa chraobh idirmheánach a chuirfidh muintir na Gaeltachta suim inniu.

Chlis ar Mhicheál Breathnach i gcoinne an Spidéil in athimirt chluiche ceannais na craoibhe anuraidh ach tá fir Indreabháin tagtha ar ais go láidir i mbliana agus an babhta leathcheannais bainte amach acu cheana féin i mbliana.

Ba é Rónán Mac Donnacha laoch na foirne sa bhabhta ceathrú ceannais i gcoinne Chill Chonla agus fuair an lántosach naoi gcúilín i gcoinne na foirne a dhíbir Micheál Breathnach as an gcraobh shinsir dhá bhliain ó shin.

Seamróga Chortúin atá anois idir fhir Chois Fharraige agus áit i gcluiche ceannais an chontae arís.

Bhí Oileáin Árann ag imirt sa bhabhta leathcheannais an t-am seo anuraidh ach tá siad imithe ar gcúl ó shin agus iad anois i mbaol ísliú céime a fháil ón ngrád idirmheánach. Ba cheart go mbeadh siad sách maith leis an gceann is fearr a fháil ar an gClochán tráthnóna ach mura n-éiríonn leo, beidh siad ag fáil réidh do chluiche ceannais dícháilithe.

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe

Babhta Leathcheannais

Micheál Breathnach v Seamróga Chortúin – Staid an Phiarsaigh, 1.30pm

Babhta Dícháilithe

Oileáin Árann v An Clochán – Ros Muc, 2.30pm

Port Láirge

Chlis ar fhoireann peile na Rinne i gcluiche ceathrú ceannais chraobh na sinsear an deireadh seachtaine seo caite, ach tá deis ag iománaithe na Rinne beagán sóláis a thabhairt don chumann agus iad ag imirt i gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach an iarthair.

Chríochnaigh an Rinn ar bharr Ghrúpa 1 agus trí chluiche as ceithre cinn buaite acu agus fuair siad an ceann is fearr ar Mhaigh Deilge trí seachtaine ó shin chun áit a bhaint amach sa chluiche leathcheannais seo i gcoinne Bhaile na Sagart. Beidh obair mhór le déanamh ag fir na Gaeltachta chun na deartháireacha Bennett – Shane, Stephen agus Kieran – a choinneáil faoi chois.

Craobh Idirmheánach Iomána Iarthair Phort Láirge

Babhta Leathcheannais

An Rinn v Baile na Sagart – Páirc Uí Fhearchair, 3.30pm

Fág freagra ar 'Lá cinniúnach do Ghaoth Dobhair, Micheál Breathnach agus a lán eile'