Pinsean 35% níos mó ag fir ná mná – taighde nua

Tá 35% de dhealú inscne ó thaobh pinsin de in Éirinn de réir taighde nua ón ESRI

Pinsean 35% níos mó ag fir ná mná – taighde nua

An difríocht atá idir ioncam na bhfear agus na mban ó phinsean príobháideach nó pinsean saothair is cúis leis an dealú inscne mór ó thaobh pinsin de in Éirinn.

De réir taighde nua atá déanta ag an ESRI, tá ioncam ag 55% de na fir atá ar scor ó phinsean príobháideach nó pinsean saothair, ach nil a leithéid de phinsean ach ag 28% de na mná atá ar scor.

Léiríonn an taighde is déanaí a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI), arna mhaoiniú ag an Chomhairle Pinsean, go bhfuil bearna idir an pinsean a bhíonn ag fir agus mná in Éirinn, agus gur dealú ar bhonn inscne atá ann.

Baineadh úsáid as na sonraí ón Staidéar Fadaimseartha ar Dhul in Aois (TILDA) ó 2010 chun an léiriú is cuimsithí a fháil ar na daoine atá ar scor óna gcuid oibre.

Léiríonn an anailís gur €280 sa tseachtain an meánioncam a bhí ag mná óna bpinsean in 2010 agus go raibh €433 ar an meán ag fir, rud a fhágann go bhfuil bearna 35% eatarthu, ar bhonn inscne.

Níl aon difríocht idir an pinsean stáit a fhaigheann fir agus mná, nó i bhfocail eile níl aon dealú ar bhonn inscne i gceist.

Léiríonn taighde an ESRI gur mó an bhearna a bhíonn sa bpinsean idir fir agus mná  dá laghad blianta a bhí mná ag obair ar phá. De réir an taighde is léir go bhfuil difríocht mhór idir an líon blianta a d’oibrigh mná agus fir.

Bhí breis agus 30 bliain caite ag obair ag 93% de na fir a bhí ar scor agus 33% de na mná a rinne amhlaidh. Ní riabh ach 3% de na fir nár oibrigh riamh ach bhí 22% de na mná sa gcás sin.

Maidir le mná a mbíonn ardcháilíochtaí oideachais acu, is lú an difríocht a bhíonn idir a bpinsean agus pinsean na bhfear.

Bunaithe ar an eolas sa Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) do 2015 agus 2016, rinneadh iniúchadh sa taighde seo chomh maith ar an mbochtaineacht ó thaobh ioncaim i measc daoine scothaosta in Éirinn.

Fág freagra ar 'Pinsean 35% níos mó ag fir ná mná – taighde nua'