D’fhógair Oireachtas na Gaeilge inniu na gearrliostaí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019.
I measc na ndaoine atá ainmnithe do ghradaim na bliana seo tá Méabh Ní Thuathaláin, iriseoir le Tuairisc.ie.
12 gradam a bhronnfar le linn an tsearmanais bhronnta a bheidh ar siúl ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath i mbliana.
Tá na gearrliostaí ar fad thíos.
Tá dhá gradam nua á mbronnadh i mbliana, ceann don chlár Gaeilge is fearr a craoladh ar stáisiún raidió pobail agus ceann don chlár Gaeilge is fearr a craoladh ar stáisiún tráchtála.
An BAI atá ag déanamh urraíochta ar na gradaim nua agus d’fhéadfadh gurb amhlaidh go bhfuil siad ag súil go spreagfaidh na gradaim na stáisiúin sin le tuilleadh a dhéanamh ar son na Gaeilge.
Fuarthas i dtaighde a rinneadh anuraidh nach raibh ach “ról imeallach” ag an nGaeilge ar na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó, in ainneoin dualgas reachtúil a bheith orthu an teanga a chur san áireamh ina sceideal.
Tá dhá chuid déanta i mbliana den rannóg ‘Scannán/Clár na Bliana’ agus gradam ar leith le bronnadh ar ‘Scannán na Bliana’ agus ar ‘Clár na Bliana’.
Trí léiriú atá ainmnithe ar an ghearrliosta do ‘Scannán na Bliana’ – Finky (Abú Media), Iomramh an Chamino (Anú Pictures) agus Aithrí (Zanzibar Films).
Is iad na ceithre chlár teilifíse atá san iomaíocht sa rannóg ‘Clár na Bliana’ – Lomax in Éirinn (Aisling Productions), Tabú: Ag Teacht Slán (Midas Productions), An Balla, comhléiriúchán idir ROSG, RONDO agus JTV agus Scéal na Beatha (Below the Radar).
Cúig chlár a craoladh ar TG4 atá ainmnithe don ghradam ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ i mbliana, ina measc léiriú de chuid Aniar TV Bádóirí. Is iad na cláir eile atá ainmnithe sa rannóg chéanna, Síolscéalta (Saoi Media), An Focal Scoir (Below the Radar), Finné (Magamedia) agus Beidh Aonach Amárach, (Crawford McCann Ltd).
Ar na daoine atá san iomaíocht don ghradam sa rannóg Iriseoir na Bliana, tá Méabh Ní Thuathaláin, Shane Ó Curraighín agus Tomás Ó Mainnín ó Nuacht RTÉ/TG4, Áine Ní Bhreisleáin, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, agus Caoimhe Ní Chathail, fís-iriseoir le Meon Eile.
Sa rannóg ‘Pearsa Raidió na Bliana’ beidh triúr craoltóirí de chuid Raidió na Gaeltachta, Sinéad Ní Uallacháin, Rónán Mac Aodha Bhuí agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, san iomaíocht le Cuan Ó Flatharta ó Splanc Newstalk agus Aindriú de Paor, láithreoir An Bricfeasta Blasta ar Raidió na Life.
Ar ghearrliosta ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’ tá Síle Nic Chonaonaigh, láithreoir na sraithe Bailte ar TG4, Mícheál Ó Dómhnaill, láithreoir GAA Beo, Hector Ó hEochagáin, láithreoir na sraithe taistil Hector – Ó Siberia go Saigon, Máire Bhreathnach a chuireann An Focal Scoir i láthair agus Doireann Ní Ghlacáin, duine de láithreoirí FleadhTV.
Painéal moltóirí a roghnóidh na buaiteoirí i ngach ceann de na rannóga seachas ‘Réalta Óg na Bliana’, mar a mbeidh vóta poiblí ann. Bronnfar chomh maith ag an ócáid ‘Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais’, gradam a bhronntar ar dhuine nó eagraíocht a roghnaíonn an tOireachtas féin aitheantas speisialta a thabhairt dóibh.
Beidh na hainmniúcháin do ‘Réalta Óg na Bliana’ á bhfógairt ar an tseachtain seo chugainn.
Cé go bhfuil gradam ann don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta, níl aon ghradam ann do na foilseacháin ar líne. Bhain conspóid anuraidh leis an scéala nach raibh aon ghradam ar leith le bheith ann feasta don iriseoireacht scríofa. Thug an tOireachtas le fios an uair sin gurbh amhlaidh go raibh suíomhanna idirlín na Gaeilge “ró-éagsúil” lena chéile chun iad a áireamh in aon chatagóir amháin.
Dúirt an tOireachtas inniu go raibh aitheantas á thabhairt d’iriseoirí scríofa anois sa chatagóir ‘Iriseoir na Bliana’ agus iad áirithe i dteannta iriseoirí craolta agus teilifíse.
Thréaslaigh Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais a n-ainmniúcháin leo siúd a bhain áit amach ar na gearrliostaí.
Dúirt Michael O’Keefe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann gur “chúis áthais” don BAI a bheith ag déanamh urraíochta ar dhá ghradam i mbliana.
Seo thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019.
GEARRLIOSTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2019
CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL | |
---|---|
CLÁR | STÁISIÚN |
Gan Teorainn | Flirt FM |
Gael Force Luimnigh | Limerick City Community Radio |
Cúrsaí | Tipperary Mid West Community Radio |
Ceol, Caint ‘s Comhrá | Rosses Radio – Guth na Rosann |
Aon Scéal? | Phoenix FM |
Ceol agus Caint | 103.2 Dublin City FM |
Grianán Mhuire (Our Lady’s Bower) Beo-Chraoladh Speisialta do Sheachtain na Gaeilge | Athlone Community Radio |
CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA | |
CLÁR | STÁISIÚN |
Ruaille Buaille le Colm Feiritéar | Highland Radio |
Splanc | Newstalk |
Pop Raidió | Spin 1038 |
IRISEOIR NA BLIANA | |
Áine Ní Bhreisleáin | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Méabh Ní Thuathaláin | Tuairisc.ie |
Tomás Ó Mainnín | RTÉ & TG4 |
Shane Ó Curraighín | RTÉ & TG4 |
Caoimhe Ní Chathail | Meon Eile / Saor-Iriseoir |
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA | |
Tabú: Ag Teacht Slán | Midas Productions |
Lomax in Éirinn | Aisling Productions |
An Balla, Iosrael agus Palaistín | RONDO, JTV, ROSG |
Scéal na Beatha | Below the Radar |
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA | |
Sinéad Ní Uallacháin | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Cuan Ó Flatharta | Newstalk |
Rónán Mac Aodha Bhuí | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Gormfhlaith Ní Thuairisg | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Aindriú de Paor | Raidió na Life |
SCANNÁN NA BLIANA | |
Finky | Abú Media |
Iomramh an Chamino | Anú Pictures |
Athrí | Zanzibar Films |
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA | |
Blas | BBC Raidió Uladh |
Tús Áite | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Irischlár Nuachta | Raidió Fáilte |
Meascra | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Litreacha | BBC Raidió Uladh |
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA | |
#TáGaeilgeAgam | Molscéal, TG4 |
#FleadhTV | Gifted Empire |
#AchtAnois | An Dream Dearg |
#FADUDA | Paper Owl Films |
#Gaelsnap | Conradh na Gaeilge |
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA | |
Bádóirí | Aniar TV |
Finné | Magamedia |
SíolscéaltaS | Saoi Media |
Beidh Aonach Amárach | Crawford McCann Ltd |
An Focal Scoir | Below the Radar |
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA | |
Síle Nic Chonaonaigh | |
Hector Ó hEochagáin | |
Mícheál Ó Dómhnaill | |
Doireann Ní Ghlacáin | |
Máire Bhreathnach |
Fág freagra ar 'Na gearrliostaí fógartha do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019'