Cosantóirí Chiarraí ag cosaint, teip iománaithe Chorcaí ar an lá mór agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí a imríodh sa chraobh iomána agus sa chraobh peile ag an deireadh seachtaine

Cosantóirí Chiarraí ag cosaint, teip iománaithe Chorcaí ar an lá mór agus ceachtanna eile

Stephen O'Brien agus Lee Keegan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cosantóirí Chiarraí ag díriú ar an gcosaint

I gcoinne Chorcaí an lá faoi dheireadh, bhí an chuma ar chosantóirí Chiarraí go raibh cead acu dul ar an ionsaí aon uair ba mhian leo. Bhí sé sin le feiceáil in imirt Tom O’Sullivan, a d’aimsigh an chéad chúl i gcluiche ceannais na Mumhan. Bhí fear an Daingin taobh istigh den líne 14m nuair a thóg sé an pas ó Sheán O’Shea don chúl agus d’imigh sé ar an ionsaí arís agus arís eile sa chluiche céanna.

Ba mhór an cúnamh é sin do Chiarraí agus iad ag dul chun cinn ach fágadh an-chuid spáis sa chosaint chomh maith agus d’íoc siad as.

Inné, ba léir gur tugadh treoir do na cosantóirí a n-aird a dhíriú ar an gcosaint. Bhí O’Sullivan ag imirt sa líne lánchúil i gCill Airne agus cé go ndearna sé ruathar nó dhó suas an pháirc, ba é an príomhchúram a bhí air ná súil a choinneáil ar James Carr. Rinne sé sin go díograiseach agus fágadh Carr, laoch Mhaigh Eo i gcoinne na Gaillimhe, gan scór ar bith.

Bhí cosantóirí Chiarraí uile ar fheabhas sa chluiche inné, go háirithe Jason Foley agus Tadhg Morley, agus léiriú ar an gceannas a bhí acu ar a gcéilí comhraic é gur baineadh amach cúigear de thosaithe Mhaigh Eo roimh dheireadh na himeartha.

Fuair siad cúnamh ó Sheán O’Shea agus Stephen O’Brien, a raibh dúrúch oibre orthu, chomh maith agus chuidigh sé go mór leo gur imir David Moran an cluiche is fearr atá imeartha aige do Chiarraí le cúpla bliain anuas.

Ní raibh amhras ar bith ann faoi fheabhas thosaithe Chiarraí ach measadh go mbeadh orthu a bheith níos fearr sa chosaint dá mbeadh seans ar bith acu ar chraobh na hÉireann a thabhairt leo i mbliana. Beidh sé i bhfad níos deacra tosaithe Átha Cliath a choinneáil faoi chois ná fir Mhaigh Eo ach tá Ciarraí ag dul sa treo ceart ar a laghad.

 

Ian Maguire agus Michael Darragh Macauley. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Deireadh seachtaine maith dóibh siúd atá sa tóir ar Áth Cliath

Agus bua 13 pointe ag Áth Cliath ar Chorcaigh, is ait le rá go raibh ábhar dóchais ann an deireadh seachtaine seo do na foirne atá ag iarraidh breith ar fhoireann Jim Gavin ach is amhlaidh a bhí. Ní hamháin gur thug Ciarraí agus Dún na nGall taispeántais chumasacha uathu inné, thaispeáin Corcaigh gur féidir bearnaí a aimsiú i gcosaint Átha Cliath.

Bhrúigh na Muimhnigh suas ar sheaimpíní na hÉireann agus is cinnte nach raibh Áth Cliath ar a sáimhín só sa chéad leath. Bhí Corcaigh sásta dul fear ar fhear agus níor thug siad deis do Chian O’Sullivan imirt mar chosantóir le cois.

Bhí Corcaigh imithe ceithre phointe chun cinn tar éis deich nóiméad nó mar sin ach lig siad d’Áth Cliath teacht ar ais sa chluiche.

D’aimsigh Jack McCaffrey cúl bog tar éis 12 nóiméad agus thosaigh Corcaigh ag cur iarrachtaí amú. Bhí an-seans ar chúl ag Brian Hurley i ndiaidh 30 nóiméad ach níor thapaigh sé an deis agus nuair a d’aimsigh Michael Darragh Macauley cúl d’Áth Cliath díreach roimh leath ama, bhí Corcaigh sé phointe chun deiridh cé gur chruthaigh siad go maith sa chéad leath go dtí sin.

Bhí Corcaigh fós sa choimhlint tar éis 60 nóiméad, ní raibh ach cúpla pointe idir na foirne, ach léirigh Áth Cliath díreach cé chomh tomhaiste agus atá siad san am a bhí fágtha. D’aimsigh siad trí chúl i gcúig nóiméad agus d’íoc Corcaigh go daor as gach botún dá ndearna siad agus iad ag tuirsiú.

Tá imreoirí agus painéil níos láidre ag Dún na nGall agus ag Ciarraí ná mar atá ag Corcaigh agus beidh an-chuid foghlamtha acu ó chluiche an tSathairn. Is féidir foireann Átha Cliath seo a chloí ach ní mór duit a bheith beagnach gan locht ar feadh 70 nó 80 nóiméad.

 

Conor Browne le Sean O’Donoghue. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Teipthe ar Chorcaigh ar an lá mór arís

Bliain eile agus cliseadh eile d’iománaithe Chorcaí. Den tríú séasúr as a chéile, ba iad Corcaigh rogha na n-údar don chluiche mór i bPáirc an Chrócaigh agus den tríú huair, thit an tóin astu sa dara leath.

Dhá bhliain ó shin, ba iad na Déisigh a tháinig aniar aduaidh orthu nuair a d’aimsigh Port Láirge 3-6 sa 12 nóiméad deireanach de chluiche leathcheannais na hÉireann 2017 chun na Corcaígh a chur go tóin poill. Anuraidh, bhí Corcaigh sé phointe chun tosaigh ar Luimneach agus gan ach sé nóiméad fágtha sa chluiche leathcheannais ach chlis orthu faoi dheireadh in am breise.

I mbliana, ba iad Cill Chainnigh a rinne an diabhal ar Chorcaigh. Ní raibh cliseadh an lae inné chomh tubaisteach agus a bhí na taispeántais eile ach ní thabharfaidh sé sin mórán sóláis d’fhoireann John Meyler.

Bhí na Muimhnigh dhá phointe chun tosaigh ag leath ama ach níor aimsigh siad ach aon phointe amháin sa chéad 18 nóiméad i ndiaidh an tsosa. D’aimsigh Cill Chainnigh 1-8 sa tréimhse chéanna.

Bhí Patrick Horgan ag déanamh gaiscí do Chorcaigh agus d’éirigh leis an bhearna a dhúnadh go dtí dhá phointe agus deich nóiméad fágtha ach lagaigh Corcaigh arís agus lig siad do Chill Chainnigh cúig cinn den sé phointe deireanach a scóráil.

Tugadh an-mholadh d’fhoireann Chorcaí seo le blianta beaga anuas. Tar éis dóibh craobh na Mumhan a bhuachan in 2017 agus 2018, measadh go mb’fhéidir go raibh siad sách maith chun craobh na hÉireann a bhaint amach ach tá teipthe orthu ar an lá mór arís agus arís eile.

B’fhéidir nach aon iontas é sin áfach nuair nach bhfuil aon taithí acu ar chraobhacha náisiúnta a bhuachan. Ar ndóigh, ní raibh aon duine de na himreoirí atá ann faoi láthair ar fhoireann Chorcaí a bhuaigh craobh na hÉireann den uair dheireanach in 2005 agus níl an tsraith féin buaite ag Corcaigh ó 1998.

Níor éirigh leo nuair a bhí siad ag imirt faoi aois ach an oiread. Tá ocht mbliana déag ann ó bhuaigh Corcaigh craobh mhionúir na hÉireann agus 21 bliain ann ó d’éirigh leo an chraobh faoi 21 a bhuachan, rud a fhágann nach bhfuil bonn uile-Éireann iomána buaite ag aon duine ar an bhfoireann seo.

Fág freagra ar 'Cosantóirí Chiarraí ag cosaint, teip iománaithe Chorcaí ar an lá mór agus ceachtanna eile'