Na ceachtanna á gcomhaireamh – 10 rud a foghlaimíodh ó na toghcháin…

Tá ceachtanna go leor le foghlaim ó na toghcháin ag gach dream, ón Rialtas go lucht déanta pobalbhreithe

Na ceachtanna á gcomhaireamh – 10 rud a foghlaimíodh ó na toghcháin…

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Teastaíonn tamall de ghnáth sular féidir torthaí toghcháin agus a dtionchar a mheá go hiomlán. Ach tá athrú amháin ar chúrsaí polaitíochta na tíre soiléir cheana féin agus is léir chomh maith ceisteanna nua a bheith curtha ag na toghcháin Eorpacha agus áitiúla ar an gclár oibre polaitiúil. 

1. Bhí an chuma ar chúrsaí polaitíochta le tamall nach dtiocfadh athrú bunúsach orthu tar éis olltoghcháin, agus go mbeadh níos mó Teachtaí Dála ag Fine Gael ná ag Fianna Fáil arís ina dhiaidh. Is léir anois, go háirithe má bhreathnaítear ar thorthaí an toghcháin áitiúil, go bhfuil údar dóchais ag an dá pháirtí go mbeidh sé ar a gcumas a bheith páirteach i rialtas mionlaigh tar éis an chéad olltoghcháin eile.

Seo a leanas céatadáin na bpríomhpháirtithe den vóta céadrogha agus líon na suíochán a ghnóthaigh siad sa toghchán is tábhachtaí ó thaobh ullmhúcháin de i gcomhair olltoghcháin, an toghchán áitiúil:

Fianna Fáil: 26.9% 279 suíochán +12
Fine Gael: 25.3% 255 suíochán +20

2. Léiríonn sciar na bpáirtithe eile den vóta céadrogha, chomh maith lena sciar de na suíocháin sna toghcháin áitiúla go n-oireann an focal ‘príomhpháirtí’ mar chur síos ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil. Tá siad níos mó i gcónaí ná na páirtithe eile. Sin ráite, léirigh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha arís go dtugann thart ar a leath de thoghthóirí na tíre tacaíocht i ngach toghchán do pháirtithe eile nó do neamhspleáigh: 

Sinn Féin: 10% 81 suíochán -78
Lucht Oibre: 6% 57 suíochán +6
Comhaontas Glas: 6% 49 suíochán +37
Daonlathaigh Shóisialta: 2% 19 suíochán ní raibh siad ann in 2014
Dlúthpháirtíocht/PbP: 2% 11 suíochán -17
Neamhspleáigh/Eile: 22% 198 suíochán -7

3. Tá béim curtha thuas ar thorthaí na dtoghchán áitiúil toisc nach mbíonn ach tionchar teoranta ag toghcháin Eorpacha de ghnáth ar an saol polaitiúil náisiúnta. Gan dabht, ardóidh na torthaí Eorpacha misneach Chomhaontas Glas. Gan dabht, ní bheidh Fianna Fáil róshásta leo, go háirithe i dtoghcheantar an Láir-Tíre-an Iarthuaiscirt. Ach ní dhéanfaidh na torthaí leas ná aimhleas dáiríre dóibh, ná do pháirtí ar bith, i gcomparáid lenar tharla sa toghchán áitiúil.

Cuireann vótóirí a sásamh, nó a míshásamh, le gach páirtí agus le polasaithe rialtais in iúl i ngach toghchán. Mar sin féin, níl fianaise a d’fhéadfadh muinín a bheith ag duine aisti ar fáil i dtorthaí na dtoghchán Eorpach faoin rogha is dócha a dhéanfaidh siad in olltoghchán, ná faoin rogha iarrthóirí a bheas ar an bpáipéar vótála. Chun leid a fháil faoi thoradh an chéad olltoghcháin eile, is fearr, mar shampla,  féachaint ar sciar Chomhaontas Glas de na vótaí céadrogha sna toghcháin áitiúla (6%) ná ar a gcéatadán náisiúnta sa toghchán Eorpach (11%).

 

4. Ní dhearna Fianna Fáil dul chun cinn mór ó thaobh vótaí ná suíocháin de sna toghcháin áitiúla, mar is léir ó na figiúirí thuas. Ach tá cúis réasúnta mhisnigh acu i mBaile Átha Cliath go háirithe. Rinneadh díothú iomlán beagnach orthu in olltoghchán 2011 sa phríomhchathair – ní raibh ag Fianna Fáil i gcathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh ach suíochán amháin a ghnóthaigh Brian Lenihan, a fuair bás go gairid tar éis an olltoghcháin.

In olltoghchán 2016, tháinig méadú ar ionadaíocht an pháirtí i réigiún na príomhchathrach, fás a bhí cuibheasach gan a bheith maíteach. Faoi láthair, tá seisear Teachtaí Dála ag Fianna Fáil as an 42 Teachta Dála i gcathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath.

Is é Fianna Fáil an páirtí is mó anois ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – 11 suíochán atá acu anois, agus deich gcinn atá ag Comhaontas Glas, an dara páirtí is mó.

5. Is ionann torthaí an dá thoghchán agus ‘meamram’ a bheith faighte ag Leo Varadkar ina leagtar amach go soiléir an dúshlán atá roimh Fhine Gael. A éirim, i bhfocal amháin: seachain!

Níl barántas ar bith ann, i bhfianaise na dtorthaí, go mbeadh sé ábalta rialtas mionlaigh eile a bhunú tar éis an olltoghcháin. Tá sé cothrom a rá, mar a dúirt an Taoiseach Dé Domhnaigh, nach ndearna aon pháirtí a bhí i mbun rialtais le fada oiread céanna dul chun cinn is a rinne Fine Gael sna toghcháin áitiúla i mbliana agus scór comhairleoirí sa bhreis acu.

Ach tá Fianna Fáil fós chun tosaigh orthu ó thaobh ionadaíochta de sna húdaráis áitiúla.

I measc na bhfáthanna eile go gcuirfidh Leo Varadkar moill ar ghairm olltoghcháin: Maria Bailey. 

6.  I bhfianaise thorthaí an dá thoghchán, is soiléire ná riamh gur rialtas mionlaigh eile a bheidh á chur le chéile ag Fine Gael nó ag Fianna Fáil tar éis an olltoghcháin a bheidh ann uair éigin idir seo agus Feabhra na bliana 2021. An rud eile atá soiléir do cheannairí an dá pháirtí: tá sé ionann agus cinnte go mbeidh níos mó ó Chomhaontas Glas (beirt Teachtaí Dála atá acu faoi láthair acu) i nDáil Éireann tar éis an olltoghcháin. Is dóichí ná a mhalairt freisin go mbeidh siad páirteach sa chéad chomhrialtas eile.

Fiú mura mbeadh Comhaontas Glas ag neartú bheadh plé á dhéanamh as seo amach ar an athrú aeráide agus ar na hathruithe a bheidh riachtanach dá bharr ar pholasaithe an rialtais agus i saol gach duine sa tír. Beidh idir dheis agus dainséar ann do Chomhaontas Glas de réir mar a athraíonn páirtithe eile a gcur chuige maidir le cúrsaí comhshaoil.

7. Is léir don saol go mbeidh post mortem iomlán riachtanach anois ag gach leibhéal de Shinn Féin. Chaill an páirtí seilbh ar nach mór leath de na suíocháin a bhí acu ar na húdaráis áitiúla roimh an toghchán. Thaispeáin torthaí an toghcháin Eorpaigh freisin gur féidir leis an  tacaíocht a bhíonn ann d’ionadaithe fuinniúla dul i léig má bhíonn an ghaoth pholaitiúil ag séideadh in aghaidh a bpáirtí. 

Ní hionann léasadh, áfach, agus buille an bháis, mar a chruthaigh Comhaontas Glas tar éis olltoghchán 2011. Chaill gach Teachta Dála dá gcuid a suíocháin sa toghchán sin, ach gheall lucht an pháirtí ina dhiaidh go n-oibreoidís go dícheallach agus go dtiocfadh téarnamh dá bharr. Mar a tharla. 

8. Sin ráite, ní chuideoidh torthaí na dtoghchán leis an iarracht leanúnach atá ar bun chun aontú na hÉireann a chur chun cinn. Léirigh an suirbhé iarvótála a rinne Red C thar ceann RTÉ agus TG4 tacaíocht láidir sa Phoblacht d’aontú na tíre.

Dá reáchtálfaí reifreann amárach ar aontú na tíre, cé mar a vótálfá?

Ina fhabhar: 65%
Ina choinne: 19%
Gan tuairim: 15%

Tá reifreann ó thuaidh ar cheist na teorann á iarraidh go láidir agus go leanúnach ag Sinn Féin ó lá an reifrinn faoin mBreatimeacht in 2016, agus an scéal á phlé ó dheas freisin. Ní maith lena lucht ceannais é a admháil, ach is laige a gcás beagáinín de dheasca na dtoghchán seo. 

Sin ráite, beidh cás Shinn Féin á chur chun cinn i gcónaí, i ngan fhios dóibh féin, ag an DUP agus ag an ngluaiseacht ar son an Bhreatimeachta i Sasana. 

9. Ba chóir d’fheidhmeannaigh RTÉ agus TG4, chomh maith le foireann Red C, a gcur chuige a athbhreithniú go cúramach agus an phobalbhreith iarvótála á hathbhreithniú acu. Cíorfar an t-ábhar seo sa cholún seo amach anseo, ach is fiú tagairt do thairngreacht an chomhlachta maidir le hiarrthóirí Chomhaontas Glas i dtoghcháin na hEorpa. 

Bhí a sciar den vóta céad rogha sa toghchán níos ísle ná an céatadán, idir lúibíní, thíos, a dúradh a bhí acu sa suirbhé iarvótála:

Toghcheantar Eorpach an Láir Tíre – Iarthuaiscirt Vóta Pobalbhreith
Saoirse McHugh 8.5% 12%
Toghcheantar Eorpach an Deiscirt
Grace O’Sullivan 10.5% 12
Toghcheantar Eorpach Bhaile Átha Cliath
Ciarán Cuffe 17.5 23

Bhí an bhearna idir an toradh a bhí á thuar ag Red C agus an toradh oifigiúil níos lú ná an lamháil earráide 4% a d’fhógair an comhlacht in dhá thoghlach. Ach is léir ón mbearna 5.5% i gcás Chiaráin Cuffe go raibh locht éigin ar an bpobalbhreith, de réir an chaighdeáin a d’fhógair siad féin.

10. Sna reifrinn áitiúla ar thoghadh díreach méaraí, vótáladh i gcoinne an mholta le móramh 51/49 i bPort Láirge agus i gcathair Chorcaí. Vótáil muintir Luimnigh ina fhabhar le móramh 52/48.

Bhí an staraí Gearóid Ó Tuathaigh, agus é ag caint ar chlár toghcháin RTÉ Raidió na Gaeltachta, i measc na ndaoine a dúirt go raibh an moladh dréachtaithe agus curtha faoi bhráid an phobail amhail gur ag iarraidh ar an bpobal diúltú dó a bhí an rialtas. Ní féidir breith chothrom a thabhairt fós ar an bhfeachtas oifigiúil faisnéise ach ní beag líon na ndaoine sna Déise agus i gCorcaigh a deir nach bhfuaireadar bileog eolais an rialtais a bhí le seachadadh ar gach áit chónaithe. Tá ceachtanna le foghlaim ag an Rialtas agus ag na páirtithe go léir ónar tharla sula gcuirfear an cheist chéanna faoi bhráid vótóirí i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Na ceachtanna á gcomhaireamh – 10 rud a foghlaimíodh ó na toghcháin…'