Glór taibhseach i lár na hoíche a mhínigh dom conas deireadh a chur leis na cluichí aontaobhacha…

Tá plean ag ár gcolúnaí chun dul i ngleic leis an easpa iomaíochta sa pheil – plean simplí a bheadh éasca a chur i gcrích

Glór taibhseach i lár na hoíche a mhínigh dom conas deireadh a chur leis na cluichí aontaobhacha…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Faoi choim dhubh na hoíche i lár na seachtaine seo caite a fuair mé an teachtaireacht ón taise atá i gceannas spórt ar an saol eile. Dhírigh mé suas de phreab sa leaba agus níor thug mé faoi deara ach go mba 2.17am a bhí ag lonrú ar an gclog le m’ais – an scór a bhuaigh Corn Mhig Uidhir d’Áth Cliath anuraidh. 

‘Seo fáistine thábhachtach. Cuimil na sramaí de do shúile agus ná héalaíodh an mionphointe is lú uait,’ a dúirt an glór taibhseach.

Ainneoin beagán bídeach de mhacalla, d’aithnigh mé gan mhoill go mba leis an éagothromaíocht agus leis na cluichí aontaobhacha a fheictear go rialta anois i gCraobhchomórtais Peile agus Iománaíochta CLG a bhain an chumarsáid.

Rud é a bhfuil iarrachtaí tugtha faoina leigheas. Is fadó an lá na scothfhoirne  agus iad siúd nach bhfuil ach measartha deighilte óna chéile i gcomórtas na gcamán. Tá caint ar a leithéid anois don liathróid mhór.

Le cúpla scór bliain, is iomaí sin seift atá tugtha chun cinn ar mhaithe le cothrom na Féinne sa gcás áirithe sin.

Tosaíodh ag earcú agus ag fostú oiliúnaithe i ngach contae. D’fheabhsaigh sin caighdeán a gcuid imeartha siúd nach raibh thar mholadh beirte, ach ar ndóigh ba é an cás céanna é acu siúd a bhí cumasach – ach an fhírinne a inseacht ba iadsan ba mhó rinne dul chun cinn.

Déanadh iarracht éagothroime an daonra a chur beagán ina cheart freisin. Tugadh cead d’imreoirí a rugadh i gcathracha imirt do chontaetha tuaithe laga a dtuismitheoirí. Tháinig sin faoi bhláth i 1994 nuair a bhí Declan Darcy ar fhoireann Liatroma a bhuaigh Craobh Chonnacht den chéad uair le 67 bliain. Faoi cheann cúpla bliain bhí sé ar ais ar fhoireann Átha Cliath a bhuaigh Craobh Laighean agus ina roghnóir de chuid Jim Gavin in 2013 nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann.

Réiteach i bhfad níos simplí a bhí sa rud a taibhríodh domsa an oíche faoi dheireadh, cé go gcaithfidh mé a admháil go raibh mé dúisithe faoin am a raibh na mionsonraí deireanacha ar fad greanta i gcloch. Ach is cuma sin.

Tá an bunphrionsabal thar a bheith simplí, níos éasca fós a chur i gcrích agus níl dream is fearr ná oifigigh CLG le bheith ag baint fad agus leithead as aon mhionathruithe a theastaíonn ina dhiaidh sin.

Seo mar a oibreoidh sé.

A thúisce agus a thiocfaidh foireann trí chúilín chun cinn, ní mór imreoir dá cuid a bhaint den pháirc – cead acu a dhul ar ais ar an líon iomlán arís a luaithe agus a laghdaítear an bhearna sin. Sa gcás go dtéann foireann sé chúilín chun cinn, baintear an dara himreoir den pháirc.

Anois,  bhí mé dúisithe faraor faoin am a raibh farasbarr ocht gcúilín ag an bhfoireann a bhí chun cinn sa bhfíseán léirithe agus níl a fhios agam céard a tharla má d’éirigh leo farasbarr naoi gcúilín a bhaint amach. Ní dochar sin mar níl ansiúd ach rud fánach a shocrófaí in imeacht deich nóiméad ag an gComhdháil Bhliantúil.

Córas é seo ar ndóigh atá á úsáid le fada an lá ar chúrsaí gailf agus rásaíochta capaill an domhain – córas an bhaic nó na cise a thugtar air – ‘the handicap system’ i mBéarla.

Ceadaíonn sé do scramairí ar mo leithéidse dul i gcomórtas ar an gcúrsa gailf le himreoirí atá i bhfad níos fearr agus níos oilte ná mé – sin an teoiric ar chuma ar bith, ach sin scéal eile. Ar ndóigh is le galfairí amaitéaracha amháin a bhaineann sé.  Ar an mbonn céanna a imríonn an dream gairmiúil.

An meáchan céanna freisin den chuid is mó a bhíonn ar na capaill i Rásaí Grád 1, cé go mbaintear cúpla punt de dhroim na lárach agus an chapaill óig. Ach scéal eile atá sa ‘mbac-rás’, na cinn is fairsinge a bhíonn le fáil. Iontu siúd d’fhéadfadh os cionn dhá chloch mheáchain (12.7k) níos mó a bheith ar chapall amháin ná a bheadh ar cheann eile, d’fhonn seans níos fearr a thabhairt don cheann nach bhfuil ach measartha.

Sin agat é. Más í do thuairim gur ionann  an plean agus a bheith ag tabhairt ísliú céime don bharr feabhais sa spórt agus ag tacú leo siúd nach bhfuil ach leathmhaith go leor, ná bac le bheith ag scríobh chugamsa. Labhair le Horseracing Ireland nó le Aontas Gailf na tíre.

Níl ionamsa ach teachtaire nach bhfuil aige dá bharr ach easpa codlata.

Fág freagra ar 'Glór taibhseach i lár na hoíche a mhínigh dom conas deireadh a chur leis na cluichí aontaobhacha…'