Patuaire faoin gcúigiú toghchán le trí bliana ó thuaidh

Gach seans gurb é an seanscéal agus meirg air atá romhainn sna toghcháin áitiúla ó thuaidh amárach, ach níos lú vótaí dó

Patuaire faoin gcúigiú toghchán le trí bliana ó thuaidh

Amárach beidh os cionn dhá thrian de dhaonra Thuaisceart Éireann i dteideal vóta a chaitheamh chun comhairleoirí a thoghadh ar 11 údarás áitiúil. Cúig bliana ó shin chaith 51.33% de na toghthóirí guth i dtoghchán na gComhairlí, an lá céanna ar chaith beagán níos mó ná sin, 51.84%, vóta i dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa.

An uair seo níl ar siúl ach na toghcháin áitiúla. Is cosúil gur ceapadh nuair a bhíothas á bpleanáil nach mbeadh toghchán Eorpach ar bith anseo i mbliana ach tá gach tuar sáraithe ag praiseach an Bhreatimeachta. Níl na páirtithe á admháil go hoscailte ach tá imní ar lucht stocaireachta faoina laghad suime atá ag vótóirí sa choimhlint. Tá os cionn 1.3 milliún ar chlár na dtoghthóirí agus faitíos ar roinnt nach gcaithfidh a leath a vóta. ’Sé seo an cúigiú toghchán i gcaitheamh trí bliana; bhí toghchán Tionóil ann sa Bhealtaine 2016, bhí reifreann an Bhreatimeachta ann i Meitheamh 2016, tharla toghchán Tionóil eile Márta 2017 agus bhí olltoghchán tobann ann Meitheamh 2017. Má chuirtear olltoghchán Westminster 2015 san áireamh bhí cúig thoghchán anseo ón uair dheiridh ar toghadh comhairleoirí.

Bhí feachtas na mórpháirtithe leamh, iad ag díriú ar cheisteanna nach bhfuil baint dá laghad acu le hobair na gComhairlí. Dhírigh an DUP ar an tseirbhís a mhaígh siad a bhí tugtha acu don phobal de bharr a margadh leis na Caomhaigh in Westminster chun an rialtas a choinneáil i gcumhacht. Mhaígh siad freisin go raibh an tAontas (leis an mBreatain) á chosaint acu lena seasamh i leith an Bhreatimeachta. Cén bhaint atá acu sin leis na rátaí nó le bailiú agus diúscairt dramhaíola?

Ní raibh siad ina n-aonar.

Dhírigh Sinn Féin ar a bpolasaithe uile-Éireann, reifreann faoin teorainn, cearta agus a bhfeachtas in aghaidh an Bhreatimeachta. Mhaithfeá don té a cheapfadh gur feachtas olltoghcháin, nó Stormont, a bhí ar siúl nó fiú ceann Eorpach.

Go bunúsach bhí an dá phríomhpháirtí ag iarraidh a stádas mar na boic mhóra ar ’chaon taobh a dhaingniú. Bhí an UUP agus an SDLP ag iarraidh a raibh acu a chaomhnú. Chomh maith leis an UUP agus an SDLP, bhí Alliance ag iarraidh a theacht i dtír ar an míshásamh leis na mórpháirtithe a léiríodh nuair a sheas daoine in Ardeaglais Naomh Anna an tseachtain seo caite ar shochraid Lyra McKee chun tacú leis an gcáineadh a rinne an tAthair Martin Magill ar pholaiteoirí.

Tháinig roinnt ceisteanna chun tosaigh go logánta. I nDoire táthar ag faire féachaint cén tionchar a bheidh ag marú Lyra McKee ar chinniúint Gary Donnelly a toghadh ina chomhairleoir neamhspleách i 2014 thar ceann easaontóirí poblachtánacha. Rinne sé iarracht é féin a dhealú ón IRA Nua de bharr mharú Lyra McKee ach mhaígh go leor gur iarracht fhuarbhruite a bhí ann.

I bhFear Manach tá feachtas láidir á rith ag John McCluskey faoi easpa dochtúirí. Cuirfear suim freisin i gcinniúint na mná a bhí ag croí na conspóide faoi Fhianna Fáil a bheith páirteach sa toghchán; sin í Sorcha McAnespy ball d’Ard-Chomhairle Fhianna Fáil atá ag seasamh mar neamhspleách ó thug Micheál Martin an t-eiteachas d’iarracht Éamoin Uí Chuív agus Mark Daly í a ainmniú mar iarrthóir. I mBéal Feirste tá crann taca de chuid an SDLP, Tim Attwood, éirithe as an bpolaitíocht mar gheall ar a mhíshásamh le caidreamh a pháirtí le Fianna Fáil. Beidh sé dian ar an SDLP an suíochán sin a choinneáil agus tá dianfheachtas ar siúl ag Sinn Féin agus iad sa tóir air. Tá fadhb ag an SDLP i dtuaisceart Bhéal Feirste freisin, áit a bhfuil siad in iomaíocht le hiarchomhairleoirí a d’fhág an páirtí faoi cheist na saoirse coinsiasa i leith an ghinmhillte.

Tá Aontú, an páirtí a bhunaigh Peadar Tóibín nuair a d’éirigh sé as Sinn Féin i ngeall ar an nginmhilleadh, san iomaíocht den chéad uair. Deir iarrthóirí, taobh thiar den Bhanna go háirithe, go bhfuiltear á gceistiú faoi cheist an ghinmhillte ag na doirse. Ní léir áfach cé mhéad tacaíochta atá bailithe ag Aontú – bhí freasúra glórach in aghaidh an ghinmhillte i Lár Uladh agus Fear Manach/An Ómaigh i dtoghcháin cheana ach níor imir siad aon tionchar ar na torthaí. Cuirfear suim mhór sa chéad bhabhta iomaíochta ag Aontú.

Tá ceist phearsanta ag déanamh tinnis do roinnt san DUP freisin. Tá iarrthóir aerach, Alison Bennington, ag seasamh don DUP do Chomhairle Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach. Is beag aird a bheadh uirthi murach gur tharraing an Teachta Tionóil Jim Wells conspóid fúithi, é ag gearán nár cuireadh a hainmniú mar iarrthóir faoi bhráid bhallraíocht an pháirtí. Mhaígh Wells, atá naimhdeach do phósadh comhghnéis agus do chearta do homaighnéasaigh, gur léir go raibh polasaí an pháirtí á athrú i ngan fhios do na baill. Shéan Arlene Foster i ndiaidh shochraid Lyra McKee go raibh polasaí an DUP athraithe ach gach seans go bhfuil athrú ar na bacáin nuair a bheas na toghcháin thart.

An cheist mhór atá roimh vótóirí amárach, an ngearrfaidh siad pionós ar pháirtithe as an bhfolús in Stormont, nó an dtabharfaidh an dá bhloc tacaíocht dá dtaobh féin chun iad a neartú sna cainteanna tarrthála atá le tosú an tseachtain seo chugainn. An tuar? An seanscéal agus meirg air ach le céatadán laghdaithe vótaí.

Fág freagra ar 'Patuaire faoin gcúigiú toghchán le trí bliana ó thuaidh'

  • Fearn

    A Thiarna, tabhair dúinn daonlathas, ach ná déan go fóill!