Tá Niamh Ní Churnáin, arb as Gaeltacht Chorca Dhuibhne di, ceaptha ina Grúpcheannasaí Gaeilge ag RTÉ.
Léiritheoir teilifíse sinsearach in RTÉ agus iarléiritheoir sraithe ar The Late Late Show í Ní Churnáin, cainteoir dúchais as Cill Chúile ó dhúchas.
Tagann sí i gcomharbacht ar Rónán Mac Con Iomaire, an chéad Ghrúpcheannasaí Gaeilge a bhí ag RTÉ agus atá anois ina Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta.
I measc na saothar is mó a raibh baint aici leo, bhí sí ina léiritheoir ar chlúdach teilifíse RTÉ ar chuairt an Phápa anuraidh agus ba í chomh maith a léirigh an seó Centenary mar chuid de chomóradh RTÉ ar Éirí Amach 1916.
Céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í a thosaigh amach in RTÉ i rannóg na gclár Gaeilge ar an tsraith Léargas mar ar fhoghlaim sí a ceird ó leithéidí Pat Butler.
Beidh cláracha teilifíse Gaeilge an chraoltóra náisiúnta faoina cúram agus beidh freagracht uirthi leis maidir le plean Gaeilge an chraoltóra a chur i bhfeidhm. Beidh freagracht Raidió na Gaeltachta uirthi chomh maith.
Dúirt sí go raibh sí ag súil go mór lena post nua.
“Is mór an phribhléid agus an onóir dom a bheith ceaptha i mo Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.
“Táim ag tnúth go mór le bualadh agus le hoibriú leis na foirne díograiseacha mórthimpeall na tíre – sa Ghaillimh, i gCiarraí i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath. Táim ag súil chomh maith le comhpháirtíochtaí nua a bhunú agus treisiú orthu siúd atá bunaithe go dtí seo chun ábhar tarraingteach, fuinniúil, mealltach a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann. Táim ag súil go mór le tosú!”
Dúirt Niamh O’Connor, Leas-Stiúrthóir Ábhair RTÉ, gurb í Ní Churnáin “an duine ceart” don phost.
“Tá bunábhar Gaeilge tarraingteach agus ar ardchaighdeán i gcroílár gach a ndéanaimid in RTÉ. De bharr taithí mhór léiriúcháin agus eagarthóireachta a bheith ag Niamh le RTÉ, an tuiscint atá aici ar ár lucht féachana agus éisteachta agus an tsuim atá aici i gcultúr na Gaeilge, níl aon amhras ach gurb í Niamh an duine ceart le dul i mbun na chéad chéime eile d’fhorbairt ábhar Gaeilge ar fud sheirbhísí RTÉ.“
Beidh dúshláin go leor roimh Ní Churnáin, tráth a bhfuil amhras léirithe ag RTÉ féin faoina ndualgas i leith na Gaeilge a bheith á chomhlíonadh acu.
D’admhaigh Bainisteoir Ábhar RTÉ Jim Jennings anuraidh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ agus nach bhfuil an sainchúram atá orthu ó thaobh na Gaeilge á dhéanamh mar ba chóir acu.
Dúradh i dtuarascáil de chuid an EBU anuraidh go raibh RTÉ ag dul thar fóir maidir lena chuspóirí ó thaobh na Gaeilge ach b’amhlaidh gurbh údar iontais agus uafáis an maíomh sin d’idir pholaiteoirí, shaineolaithe sna meáin agus Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ féin.
Bibi
Comhghairdeachas a Niamh. Go deimhin is tú an duine is oiriúnaí do phost dá leithéid.
Éamonn Ó Gribín
Cé atá ceaptha acu don Bhéarla?!