An Breatimeacht gan mhargadh curtha as an áireamh ar fad ag parlaimint na Breataine

Agus teachtaireacht shoiléir tugtha anois ag feisirí Westminster faoi cad nach bhfuil uathu – margadh May ná Breatimeacht gan mhargadh – méadóidh an brú orthu a rá céard go díreach atá uathu

An Breatimeacht gan mhargadh curtha as an áireamh ar fad ag parlaimint na Breataine

Tá vóta caite ag móramh i bParlaimint Westminster i gcoinne Breatimeacht gan mhargadh ‘ar chúinse ar bith’.

Vótáil 321 duine i gcoinne an Bhreatimeachta gan mhargadh ‘ar chúinse ar bith’ agus 278 a vótáil ar son gan an Breatimeacht gan mhargadh a chur as an áireamh.

Dúirt Príomh-Aire na Breatine i ndiaidh vóta na hoíche anocht go raibh trí rogha ann anois: an AE a fhágáil faoina margadh féin; an margadh sin a chur faoi bhráid an phobail i reifreann eile; nó margadh nua a lorg, rud atá curtha as an áireamh ag an AE.

Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil May meáite anois ar a margadh a chur faoi bhráid na parlaiminte don tríú huair. Fágann toradh na hoíche anocht go mbeidh vóta eile amárach ann maidir le héileamh a dhéanamh go gcuirfí síneadh ama leis an mBreatimeacht, atá beartaithe i gceann 16 lá. De réir rúin an lae amárach, má chuirtear margadh Breatimeachta tríd an bparlaimint roimh an gCéadaoin seo chugainn, lorgóidh an Rialtas síneadh ama le hAirteagal 50 go dtí an 30 Meitheamh, ach mura nglactar le margadh faoin lá sin lorgófar síneadh ama níos faide.

Bhain an vóta anocht le leagan leasaithe de rún a mhol an Rialtas i ndiaidh de mhóramh de cheathrar – 312 in aghaidh 208 – vótáil  níos luaithe ar son leasú Spelman a mhol go ndiúltófaí ‘i ngach cúinse’ don Bhreatimeacht gan mhargadh.  

Dheimhnigh an Príomh-Aire Theresa May níos túisce tráthnóna go mbeadh sí féin ag vótáil i gcoinne an Bhreatimeachta gan mhargadh ar an 29 Márta, ach ní raibh aon vóta ann ar deireadh faoina bunrún toisc gur chaill an Rialtas an vóta faoi leasú Spelman. D’fhág sin gur vótáil May i gcoinne an leagan leasaithe dá rún féin, gur staon cuid dá hairí ó vótáil agus go bhfuil scoilt mhór arís ina páirtí féin.

Dúirt príomh-idirbheartaí an AE Michel Barnier gur beag ciall a bheadh le síneadh ama a cheadú ó tharla, a dúirt sé, go raibh deireadh leis an idirbheartaíocht agus nach bhfuiltear sásta aon leasú eile a dhéanamh ar an margadh imeachta.

Ina ainneoin sin, agus cé go dtuairiscítear nach bhfuil ceannairí an 27 ballstáit eile san AE ar aon fhocal faoin scéal, is é is dóichí ná a mhalairt ná go n-aontódh siad cead a thabhairt an Breatimeacht a chur siar. Ní fios, go fóill, áfach, cén t-achar a bheadh i gceist leis an síneadh ama agus tréimhsí éagsúla á lua, ó thréimhse cúig seachtaine go dtí tréimhse 21 mí.

Cé go bhfuil teachtaireacht shoiléir tugtha anois dhá oíche i ndiaidh a chéile ag feisirí Westminster faoi cad nach bhfuil uathu – margadh May ná Breatimeacht gan mhargadh – méadóidh an brú anois orthu a rá céard go díreach atá ag teastáil uathu.

Meastar go mbeadh drogall ar an AE síneadh ama a cheadú gan soiléiriú a bheith tugtha ag an mBreatain faoi cad atá uathu.

Dúirt Michel Barnier inniu go gcaithfí cinneadh a dhéanamh anois i Londain faoi cén cúrsa go díreach a roghnófar.

“I ndiaidh na vótaí sin, is faoi Rialtas na Ríochta Aontaithe a bheidh sé a insint dúinn céard é an bealach chun cinn, agus tá súil againn gur bealach dearfach a bheidh ann ionas gur féidir leo faoi dheireadh tromlach dearfach a fháil le glacadh le moladh. 

“Is faoin Ríocht Aontaithe atá sé a rá linn céard atá uathu sa chaidreamh a bheidh eadrainn amach anseo,” arsa Barnier. 

Má vótáiltear amárach in Westminster ar son síneadh ama a lorg déanfaidh ceannairí na 27 ballstáit cinneadh faoin éileamh sin Déardaoin na seachtaine seo chugainn, an 21 Márta.

Idir an dá linn, leanfaidh lucht tacaíochta na roghanna éagsúla de bheith ag tabhairt aer dá moltaí. Agus an Breatimeacht gan mhargadh agus an Comhréiteach Malthouse curtha as an áireamh go fóill, tá meascán mearaí de roghanna eile á lua ina measc, an tríú vóta faoi mhargadh May, Breatimeacht níos boige ar chuma shocrú na hIorua, olltoghchán nó an dara reifreann.

Fág freagra ar 'An Breatimeacht gan mhargadh curtha as an áireamh ar fad ag parlaimint na Breataine'